Uasdátú Fuaim & Fís 4

Suas go €4.5m ar fáil do léiriúcháin fuaime agus closamhairc

Tá Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) ag glacadh anois le hiarratais ar mhaoiniú faoi Bhabhta 40 de Scéim Fhuaim agus Fis 4. Tá suas le €4.5m de mhaoiniú ar fáil faoin mbabhta.  Tá an babhta seo ar oscailt do  léiritheoirí neamhspleácha agus do chraoltóirí chun tacú le léiriúcháin úrnua.

Tá treoirlínte agus an fhoirm iarratais i gcomhair Bhabhta 40 de Scéim Fhuaim agus Fís 4 ar fáil anois ar shuíomh Gréasáin anseo. Is é Déardaoin , ag meánlae, 29 Iúil 2021 an dáta deiridh i gcomhair iarratais.

Fógróidh an BAI ar na sonraí an mbabhta maoinithe i gcomhair na hearnála raidió pobail go heisiach in am agus i dtráth.

CRÍOCH