
Inniu (12/10/20), chuir Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) tús le comhairliúchán poiblí maidir lena Dhréachtráiteas Straitéise 2021-2023, a bhfuil sé mar aidhm aige obair an Údaráis a threorú don trí bhliana seo chugainn.
Agus é ag labhairt ag seoladh an chomhairliúcháin phoiblí, bhí an méid seo a leanas le rá ag Pauric Travers, Cathaoirleach an BAI, ina leith: “Is í fís an BAI ‘Tírdhreach meán Éireannach a fhorbairt a léiríonn agus a chruthaíonn cé muid féin’ agus tá tírdhreach na meán ag athrú go tapa. Le linn shaolré na straitéise seo, táimid ag súil le hathraithe tábhachtacha i rialú na meán, mar aon le daingniú na Treorach do Sheirbhísí Meán Closamhairc (AVMSD) i ndlí na hÉireann, agus díscaoileadh an BAI agus aistriú a chuid feidhmeanna chuig Coimisiún nua do na Meáin / Rialálaí um Ábhar Goilliúnach ar líne. Beidh an Ráiteas Straitéise mar threoir ag an mBAI le linn an idirthréimhse, is é sin do thrí bhliana. D’ainneoin an méid sin, tuigeann an tÚdarás go bhféadfadh sé tarlú nach mbeidh gá lena leithéid don tréimhse thrí bhliana ina iomláine.”
Chuir an Cathaoirleach an méid seo lena ráiteas: “Tríd an straitéis seo a fhorbairt, tá aird ag an Údarás
ar réimse cúinsí eile a imreoidh tionchar ar thimpeallacht na meán agus ar obair agus ar threoir an BAI le linn na tréimhse seo. Cuimsítear anseo an méid a bhfuiltear ag súil leis ó na meáin, an t-idirghníomhú méadaithe leis na meáin dhigiteach agus forbairtí idirnáisiúnta a bhíonn tionchar acu ar na meáin agus ar an tsaol poiblí. De bharr an méid sin agus d’ainneoin gurb ar an gcreat reachtúil reatha a bunaíodh an dréachtráiteas straitéise seo agus feidhmeanna agus freagrachtaí gaolta de chuid an BAI, léiríonn sé freisin ról tuartha an BAI d’fhonn bheith ina thioncaire i gcomhair athraithe agus d’fhonn athrú ó bhonn a dhéanamh air féin mar eagraíocht go mbeidh sé in ann socrú isteach go furasta i struchtúr an Choimisiúin nua do na Meáin.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Príomhfheidhmeannach an BAI, Michael O’Keeffe ina leith “Cuireadh tús leis an obair ar an Dréachtráiteas Straitéise siar in 2019, rinneadh athbhreithniú a ar éifeachtúlacht an Ráitis Straitéise 2017-2019 a bhí ar an bhfód cheana. Léirigh an t-athbhreithniú seo go raibh an pobal ar an iomlán sásta le Fís, Misean agus Luachanna an BAI agus go raibh tuiscint mhaith acu ar na nithe seo. Mar aon leis an straitéis a tháinig roimpi, tá cúig théama straitéiseach ag an dréachtstraitéis nua. Léirítear iontu cá mbeidh aird an BAI dírithe thar cheann na dtrí bliana seo chugainn. Seo a leanas na téamaí: 1) An Éagsúlacht agus an Iolarthdacht a Chur chun Cinn; 2) Barr Feabhais agus Cuntasacht a Bhaint Amach; 3) Ceannaireacht le linn Athrú; 4) An Lucht Féachana agus Éisteachta a Chumhachtú; agus 5) An Nuálaíocht agus an Inbhuanaitheacht Earnála a Threisiú. Laistigh de na cúig théama ar fad, moltar sraith cuspóirí straitéiseacha ardleibhéal, mar aon leis na torthaí tuartha do shaolré na straitéise. Cuireadh téama nua amháin leis na téamaí: ‘Ceannaireacht le linn Athrú’, tagann an téama seo i gcomharbacht ar an téama reatha, is é sin, ‘Cumarsáid agus Treorú’.
Tá eilimintí seachtracha agus inmheánacha ag an téama seo agus cuimsítear cuspóirí nua ann a thugann deis don BAI ceannaireacht a léiriú ar an díospóireacht maidir leis an gcreat reachtúil agus rialála do sheirbhísí closamhairc digiteacha as seo amach, agus a thugann deis dó tionchar a bheith aige ar fhorbairt bheartais ina leith; cuireann sé iachall ar an mBAI freagra a thabhairt ar fhorbairtí san earnáil níos leithne agus athraithe a chur i bhfeidhm dá bharr; sásaíonn sé an riachtanas d’fhonn an eagraíocht agus acmhainní a athrú ó bhonn le go socróidh siad isteach sa Choimisiún na do na Meáin. Ní dhearnadh aon athrú ar na téamaí eile. Léiríonn sé seo tuairim na bpáirtithe leasmhara, is é sin, go bhfuil na téamaí sin fós tábhachtach agus ábhartha don tréimhse thrí bhliana amach romhainn. Cé nár athraíodh na téamaí, cuireadh cuspóirí straitéiseacha nua leo. Mínítear agus pléitear sonraí na gcuspóirí nua seo sa Cháipéis Chomhairliúcháin”.
Is féidir an Doiciméad Comhairliúcháin agus sonraí iomlána an chomhairliúcháin, lena n-áirítear foirm aighneachta ar líne a fháil ag https://www.bai.ie/ga/comhairliuchain/ is é an spriocdháta le haghaidh freagraí meán lae Dé Céadaoin, 11 Samhain 2020. Tá sé beartaithe ag an BAI an doiciméad deiridh a fhoilsiú i mí na Nollag 2020.
CRÍOCH
Fiosrúcháin ó na Meáin Chumarsáide: Joanne Ahern / Thelma Harris, DHR Communications, Guthán: 087 988 1837 / 083 051 7622.
Gach fiosrúchán eile: BAI, (01) 644 1200.
Nótaí d’Eagarthóirí:
- Tá fáil ar ‘Ráiteas Straitéise an BAI 2017-2019 – Athbhreithniú’ anseo: https://www.bai.ie/ga/nuacht-eolas/fiolseachain/