I mBealtaine 2016, de réir ailt 67 (3) den Acht Craolacháin, d’eisigh an Coiste Dámhachtain Conartha d’Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) fógra poiblí chun a chur in iúl don phobal go raibh sé ar intinn aige an próiseas mear le haghaidh ceadúnaithe a chur i bhfeidhm maidir le roinnt seirbhísí craoltóireachta fuaime.
Is féidir leis an gCoiste an próiseas mear seo a chur i bhfeidhm nuair nach bhfaightear mar fhreagra ar ghairm ar Léiriú Spéise ach léiriú spéise amháin i.e. léiriú spéise ón gconraitheoir reatha craolacháin fuaime. Ba ar 12 Feabhra seo caite a chuir Údarás Craolacháin na hÉireann an ghairm sin amach. Fuarthas léiriú spéise amháin ó na conraitheoirí reatha i gcás gach ceann de na seirbhísí seo a leanas: Seirbhís Fhormáid-Leathan; Seirbhís Réigiúnach Cheol-dírithe don Aos Óg, seirbhís a dhéanfaidh freastal ar Iardheisceart na tíre; agus Seirbhís Áitiúil Fhormáid-Leathan le haghaidh Chathair Luimnigh agus Chontae Luimnigh.
Foilsíodh an fógra poiblí ar na nuachtáin náisiúnta agus ar shuíomh Gréasáin Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) ar an 10 Bealtaine seo caite. De réir an fhógra sin, bhí sé de dhualgas ar aon duine (seachas an conraitheoir reatha) a mbeadh suim acu i seirbhís a sholáthar in aon cheann de na réimsí saincheadúnais thuasluaite an mian sin a chur i scríbhinn chun iarratas a chur isteach ar an gconradh (“Léiriú Intinne”). Ba chóir an t-iarratas sin a bheith déanta roimh an dáta deiridh a fógraíodh.
Ní bhfuair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) Léiriú Spéise ó dhuine ar bith maidir le haon cheann de na conarthaí a fógraíodh. Ag cruinniú an Choiste Dámhachtain Conartha, a reáchtálfar Dé Máirt 28 Meitheamh 2016, déanfaidh an Coiste plé maidir le daingniú foirmiúil a dhéanamh ar an bpróiseas mear le haghaidh iarratais a dhéanamh ar na conarthaí. Ceaptar go n-eiseofar tuairisc eile chun dáta ar an bpróiseas ceadúnaithe laistigh de dhá la ó dháta an chruinnithe sin.
Nóta
- Is ag Radio Ireland Limited, a bhíonn ag craoladh faoin ainm Today FM, atá an conradh le haghaidh Seirbhís Náisiúnta Fhormáid-Leathan faoi láthair. Tá sé leagtha amach go rachaidh an conradh sin in éag ar 16 Márta 2017. Maidir le Léiriú Intinne a fháil sa chás seo, Dé Máirt 7 Meitheamh 2016 an dáta deiridh.
- Is ag Spin South West Limited, a bhíonn ag craoladh faoin ainm Spin South West, atá an conradh le haghaidh Seirbhís Réigiúnach Cheol-dírithe don Aos Óg faoi láthair. Tá sé leagtha amach go rachaidh an conradh sin in éag ar 28 Meitheamh 2017. Maidir le Léiriú Intinne a fháil sa chás seo, Dé Máirt 7 Meitheamh 2016 an dáta deiridh.
- Is ag Treaty Radio Limited, a bhíonn ag craoladh faoin ainm Limerick’s Live 95 FM, atá an conradh le haghaidh Seirbhís Áitiúil Fhormáid-Leathan le haghaidh Chathair Luimnigh agus Chontae Luimnigh faoi láthair. Tá sé leagtha amach go rachaidh an conradh sin in éag ar 23 Deireadh Fómhair 2017. Maidir le Léiriú Intinne a fháil sa chás seo, Déardaoin 9 Meitheamh 2016 an dáta deiridh.
– ENDS – CRÍOCH-
Is féidir Fiosrúcháin Mheán a sheoladh chuig:
Catherine Heaney / Tony Heffernan DHR Communications 01 4200580 / 087 2309835/ 087 2399508