Tagann an Chód Ginearálta athbhreithnithe maidir le Cumarsáid Tráchtála i bhfeidhm

Tagann an Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) a Chód Ginearálta athbhreithnithe maidir le Cumarsáid Tráchtála i bhfeidhm inniu, 1 Meitheamh 2017.  Leagtar amach sa Chód na rialacha nach mór do stáisiúin raidió agus teilifíse na hÉireann a chomhlíonadh fad is a bhaineann sé le fógraíocht, urraíocht, suíomh táirgí agus cineálacha eile cumarsáide tráchtála a chraoladh.

Is é an aidhm atá leis an gCód athbhreithnithe ná muinín a thabhairt don phobal go bhfuil cumarsáid tráchtála ar an teilifís agus ar an raidió dleathach, cuibhiúil, ionraic, fírinneach, agus go dtugann sí cosaint dá leasanna. Tá sé beartaithe freisin soiléire agus cinnteacht níos fearr a thabhairt do chraoltóirí agus luchtanna éisteachta agus féachanna na hÉireann maidir leis na caighdeáin ba cheart dóibh a chur i bhfeidhm.

Tá an Cód Ginearálta maidir le Cumarsáid Thráchtála ar fáil anseo.

CRÍOCH

Déan teagmháil le: Joanne Ahern / Sebastian Enke, DHR Communications, Tel: 01-4200580 / 087-9881837 / 087-3239496

Nótaí d’Eagarthóirí:

  • Ullmhaíonn agus foilsíonn an BAI cóid chraolacháin do chraoltóirí, de réir mar a iarrtar sa dlí. Tugadh isteach Cód Ginearálta an BAI maidir le Cumarsáid Tráchtála in 2010 faoi Alt 42 den Acht Craolacháin 2009 d’fhonn fógraíocht, urraíocht, suíomh táirgí agus cineálacha eile cumarsáide tráchtála a rialú ar sheirbhísí craolacháin na hÉireann.  Tá feidhm leis an gCód maidir le gach craoltóir atá faoi dhlínse na hÉireann agus tháinig sé in ionad Cód Ginearálta Fógraíochta Choimisiún Craolacháin na hÉireann.
  • Éilítear in Alt 45(3) den Acht ar an BAI athbhreithniú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag cód craolacháin gach ceithre bliana. Cuireadh an t-athbhreithniú reachtúil i gcrích in 2015, á threorú ag athbhreithniú ar shonraí reatha BAI, ag athbhreithniú oibriúcháin ar éifeacht agus ar thionchar an Chóid, agus ag athbhreithniú dlínse agus dlíthiúil ar an gCód.