Tacaíonn an BAI le mhaoiniú suntasach do shaothair nua fadscannán as Gaeilge.

Tá mór-scéim nua fógraithe inniu a sholáthróidh maoiniú suntasach do shaothair nua fadscannán as Gaeilge.  Is iad TG4, Bord Scannán na hÉireann (BSÉ) agus Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) a chuirfidh an maoiniú ar fáil don scéim seo faoin teideal Cine4.

Spreagfaidh Cine4, scéalaíocht láidir, samhlaíocht fhísiúil agus luachanna arda léirithe san mórscannáin a thiocfaidh as.  Cuirfear cistíocht fhorbartha suas le €25k ar fáil do chúig thogra nua gach bliain agus astu sin roghnófar péire le léiriú.   Beidh buiséad de suas le €1.2 milliún ag na tionscnaimh a léireofar agus sula gcraoltar ar TG4 iad, beidh ‘tréimhse phictiúrlanna’ ag na scannáin a léirítear faoin scéim,   seal ina mbeidh siad páirteach i bhféilte scannán agus ar taispeáint i bpictiúrlanna.

Reáchtálfar scéim fhorbartha Cine4 ar bhunús trialach i 2017-18 agus tá sé mar aidhm an scéim a reáchtáil ar bhunús bliantúil ina dhiaidh sin, rud a chiallódh go léireofaí dhá scannán i nGaeilge gach bliain sna ceithre bhliana atá romhainn.

Tá an scéim oscailte do chomhlachtaí clos-amhairc leis an taithí chuí agus atá in ann a chruthú go  bhfuil cearta soiléire acu ar gach cuid den ábhar atáthar a fhorbairt do léiriú don scáileán mór.

Tabharfar tosaíocht do chomhlachtaí léirithe a bhfuil polasaí soiléir acu an Ghaeilge a fhorbairt mar theanga oibre léiriúcháin, a bhfuil sé mar aidhm thábhachtach acu cothromaíocht inscne a bhaint amach sa  bhfoireann chruthaitheach a roghnaíonn siad agus do chomhlachtaí a bhfuil cultúr iontu i bhfabhar comhléirithe agus idirnáisiúnaithe.

Tá sonraí uile na scéim, téarmaí agus coinníollacha ar fáil ag http://www.tg4.ie/ga/leiriuchan/coimisiunu/

Seoladh an scéim inniu ag Féile na Meán Ceilteach 2107 atá ar bun i nDoolish, Oileán Mhanainn, tionól bliantúil na hearnála closamharc sna náisiúin Cheilteacha.  Tá suas le 250 toscaire óna tíortha éagsúla ag freastal ar an bhFéile, ag a mbíonn seisiúin comhdhála, ceardlanna agus léachtaí.  Bronntar duaiseanna freisin sa gcomórtas aitheanta a eagraíonn an Fhéile do scoth an tsaothair raidió, teilifíse, ar-líne agus scannán.

D’fháiltigh Ardstiúrthóir TG4  Alan Esslemont  roimh an tionscnamh nua Cine4: “Tá an drámaíocht Ghaeilge i gcroí-lár TG4 ó bunaíodh an tseirbhís,” a dúirt sé “agus is iomaí sin duais agus gradam náisiúnta agus idirnáisiúnta buaite ag drámaí teilifíse an chainéil ó bunaíodh é.    Cuireann an togra nua seo ar ár gcumas bonn seasmhach a chur faoin gcéad chéim eile sa bhforbairt seo – an scannán fada Gaeilge.  Is léir go bhfuil an talann ar fáil chuige agus tá éileamh ar thogha na scannán ar fud an domhain, beag beann ar an teanga atá in úsáid iontu.”

Mhol Michael O’Keeffe, Príomhfheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann an scéim freisin. “Tacaíonn an tÚdarás leis an scéim seo” a dúirt sé “mar gur mian linn an t-ábhar Gaeilge atá ar fáil don lucht féachana a chothú agus a chur chun cinn.  Is cruthúnas ar thábhacht na páirtíochta go bhfuilimid féin, BSÉ agus TG4 tagtha le chéile chun an scéim nuálach seo a bhunú.”

Dar le James Hickey, Príomhfheidhmeannach Bhord Scannán na hÉireann tagann an fhorbairt nua go deas le straitéis an eagrais sin. “Creidimid go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfadh an earnáil chraolacháin phoiblí infheistíocht i dtallann cruthaitheach na scannán in Éirinn,” a dúirt sé. “Táim ag súil go mór leis na scannáin Ghaeilge a léireofar faoi scáth na scéime seo agus a bheidh ar taispeáint ag féilte, i bpictiúrlanna agus ar TG4 sna blianta amach romhainn.”

Chun teacht ar bhreis faisnéise, tabhair cuairt anseo.

CRÍOCH

Breis eolais:  Linda Ní Ghríofa TG4   091-505050  087-9172864  linda.ni.ghriofa@tg4.ie