Beidh trí fadscannáin Éireannaigh atá tacaithe le Scéim Fuaim & Fís den Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) léirithe i mbliana ag an Galway Film Fleadh. Is samplaí den scoth iad ‘Finky’, ‘Jihad Jane’ agus ‘Never Grow Old’ den thiomantas an BAI chun ábhar éagsúil agus cuí ó thaobh cultúir de a léiriú agus a cur ar fáil do lucht féachana agus éisteachta na hÉireann.
Sonraí léirithe a leanas:
‘Finky’ – Déardaoin, 11ú Iúil, 6pm, Town Hall Theatre
‘Jihad Jane’ – Sathairn, 13ú Iúil, 3.30pm, Town Hall Theatre
‘Never Grow Old’ – Scannán dúnta, an Domhnach, 14ú Iúil, 7.30pm, Town Hall Theatre
Mar urraitheoir den Galway Film Fleadh, beidh baill den BAI ag glacadh páirt i bpainéal Cine4 agus comhchainteanna chun spreagadh le forbairt de hábhar den scoth sa Ghaeilge san earnáil. Beidh Stephanie Comey ón BAI ag labhairt maidir le tionscnaimh a bhaineann le hinscne ag an plé painéil Countdown to 5050 by 2020 maidir leis an gcomhionannas inscne sa tionscal scannáin/teilifíse Éireannach. Tugann na tionscnaimh a bhaineann le hinscne seo deis don BAI a chuspóir chun tírdhreach a chothú sna meáin arb ionadaíoch agus inrochtana d’éagsúlacht sochaí na hÉireann é. Tabharfaidh ionadaithe ón BAI eolas ar deiseanna maoinithe agus ar tionscnaimh an BAI ar bhaill na hearnála ag an Filmmakers Lounge.
Sonraí imeachta a leanas:
- Painéal Cine4 agus imeacht comhchainteanna ag an Aonach – Aoine, 12ú Iúil, 10.30 am san Óstán Galmont.
- Plé painéil Countdown to 5050 by 2020 – Satharn, 13ú Iúil, 3.30pm, Cumann Rámhaíochta na Gaillimhe
- Eolas ar deiseanna maoinithe agus ar tionscnaimh an BAI – Filmmakers Lounge, ar an Sathairn, 13ú Iúil, 10am – meán lae, ag an Óstán Galmont.
Ag caint faoi, dúirt Príomhfheidhmeannach an BAI Michael O’Keeffe: “Is dáta tábhachtach i bhféilire na bhféilte Éireannach é Galway Film Fleadh agus tugann sé deis don BAI ní hamháin saothar nua Éireannach maoinithe ag an Scéim Fuaim & Fís a chur i láthair ach chun dul i dteagmháil le baill den earnáil closamhairc agus na réimse leathan maoinithe agus tionscnaimh a bhaineann le héagsúlacht atá an BAI páirteach in ann a chur chun tosaigh. Tá lúcháir orainn leanúint lenár gcomhpháirtíocht le Galway Film Fleadh agus táimid ag tnúth go mór le bheith páirteach san imeacht i mbliana.”
Is féidir tuilleadh eolais maidir leis na himeachtaí ar fáil ar suíomh idirlíne an Galway Film Fleadh.
CRÍOCH
Déan teagmháil le: Joanne Ahern / Sebastian Enke, DHR Communications. Tel: 01-4200580 / 087-9881837 / 087-3234946