Tá Údarás Craolacháin na hÉireann chun taighde a fhoilsiú ar thionchar inscne agus éagsúlachta maidir le húsáid na meán in Éirinn

D’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann inniu, an 20 ú Eanáir, taighde ina ndéantar scrúdú ar ról inscne agus éagsúlachta in úsáid na meán in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Bhí an taighde, dar teideal ‘Digital News Report: Gender & Diversity in Ireland 2016-2021, & Internationally 2021’, faoi stiúir an Ollaimh Chúnta ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, an Dr Dawn Wheatley.
Agus é curtha i láthair i bhformáid bileog eolais, tacaíonn an taighde le hanailís atá ann cheana in Reuters Digital News Reports le haghaidh Éire 2021 agus cuireann sé léargais bhreise ar fáil maidir leis an gcaoi a n-imríonn inscne tionchar ar rannpháirtíocht leis an nuacht agus le córais nuachta in Éirinn. Is é Reuters Institute Digital News Report an staidéar comparáideach leanúnach is mó ar úsáid na meán ar domhan agus tá Údarás Craolacháin na hÉireann ag déanamh urraíocht ar rannpháirtíocht na hÉireann ó 2016. Rinne taighdeoirí ón Institiúid um Mheáin agus Iriseoireacht, Daonlathas agus Sochaí sa Todhchaí in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath anailís ar shonraí na hÉireann.
Is í 2021 an chéad bhliain a choimisiúnaigh Údarás Craolacháin na hÉireann anailís bhreise ar an taighde. Mar thaca le tiomantas Údarás Craolacháin na hÉireann d’éagsúlacht, déanann an anailís bhreise measúnú ar na gnéithe inscneacha suimiúla agus ar rannpháirtíocht maidir le nuacht, chomh maith leis an dearcadh ar inscne sa nuacht. Nuair is féidir, déanann an taighde measúnú ar na nithe sin i gcomhthéacs catagóirí aicme socheacnamaíocha.
Agus í ag trácht, dúirt Celene Craig, Príomhfheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann: “Mar ba léir ónár Ráiteas Straitéise 2021-2023, tá Údarás Craolacháin na hÉireann tiomanta do thírdhreach meán níos éagsúla a chur chun cinn in Éirinn a léiríonn agus a chruthaíonn cé muid féin. Choimisiúnaíomar an anailís bhreise sin ar Reuters Digital News Report le haghaidh Éire 2021 ní hamháin chun léargais bhreise a chur ar fáil d’Údarás Craolacháin na hÉireann, ach chun níos mó díospóireachta a spreagadh maidir le húsáid na nuachta agus gnéithe difriúla d’éagsúlacht, ar nós inscne agus aicme shocheacnamaíoch. Tugann an bhileog eolais léargas ar an chaoi a n-imríonn na gnéithe céanna tionchar ar rannpháirtíocht leis an nuacht agus le córais nuachta in Éirinn”.
I measc thorthaí na hanailíse bhí:
- Cé go raibh ‘an-suim’ nó ‘suim mhór’ ag lucht ardioncaim i nuacht in 2021 i gcónaí, tá an bhearna maidir le daoine ar ioncam íseal ag dúnadh. In 2020, bhí difríocht de 25% ann, le hais 14% in 2021.
- Tá céatadán daoine níos airde ag Éirinn a dúirt go raibh ‘an-suim’ nó ‘suim mhór’ acu sa nuacht (70%), i gcomparáid le tíortha atá thart ar cóimhéid le hÉirinn e.g. an Danmhairg (51.5%), an Ostair (67%), agus ár gcomharsana sa RA (51.5%). De na ceithre thír sin, ba iad mná na hÉireann is lú ‘nach raibh mórán suime’ nó ‘nach raibh suim ar bith’ acu sa nuacht (5%), agus ba iad mná na Ríochta Aontaithe ba mhó a bhí sa réimse céanna (12%).
- Is mó seans go roinnfidh mná Éireannacha seachas fir Éireannacha an nuacht, ach is mó seans go dtabharfaidh fir Éireannacha a dtuairimí agus trácht ar scéalta nuachta.
- D’imir leibhéal oideachais ról maidir le muinín as ábhar nuachta ar na meáin shóisialta. Is dóchúla go mbeidh muinín ag daoine a raibh oideachas íseal-leibhéil acu (daoine nár chríochnaigh an mheánscoil) as ábhar nuachta a fheiceann siad ar na meáin shóisialta i gcomparáid le hardoideachas nó meánoideachas, ar chosúil na daoine seo a bheith níos amhrasaí.
Agus í ag trácht, dúirt Dr Dawn Wheatley an tOllamh Cúnta: “Bhí torthaí na hanailíse an-suimiúil go deo. Tá súil againn go ndéanfaidh an tionscadal sin feasacht a chothú i measc soláthraithe nuachta faoin gcaoi a n-úsáideann fir agus mná nuacht agus cúrsaí reatha ar bhealaí éagsúla, chomh maith le daoine ó chúlraí éagsúla, agus go dtabharfaidh sé cúnamh dóibh a dtairiscintí nuachta a athrú chun suim a spreagadh i measc níos mó daoine. Mar thoradh air seo, cuirfidh sé an díospóireacht dhaonlathach agus saoránacht ghníomhach ar aghaidh.”
Tá an comhrá idir Wheatley, an tOllamh Cúnta agus Fiona Stack faoi na torthaí taighde ar fáil ar líne anseo, agus tá an bhileog eolais taighde ar fáil anseo.
CRÍOCH
Teagmháil meán: Thelma Harris / Joanne Ahern, DHR Communications, Teil: 083-0517622 / 087-9881837.
Gach ceist eile: Údarás Craolacháin na hÉireann, 01-6441200.
Nóta d’eagarthóirí:
- Tá Dr Dawn Wheatley, Ollamh Cúnta ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar fáil le haghaidh agallaimh ar an anailís.
- Foilsítear Reuters Digital News Report (Éireann) bliain i mí an Mheithimh. Tá na sonraí Éireannacha mar chuid de shuirbhé níos mó a dhéantar i dtíortha ar fud an domhain. Ghlac 46 tír páirt i staidéar na bliana seo caite. Sa tuarascáil bhliantúil tá; anailís ar threochtaí idirnáisiúnta agus ar threochtaí na hÉireann sa lucht féachana ar líne, ar mhuinín as foinsí nuachta, agus ar íocaíocht as an nuacht.