Tá na Cinntí is Déanaí ar Ghearáin Chraolacháin foilsithe

D’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) na cinntí is déanaí ar ghearáin chraolacháin inniu (06.04.22)

Bhreithnigh an Coiste um Chomhlíonadh sa BAI i mí Deireadh Fómhair 2021 agus Eanáir 2022 agus dhiúltaigh siad fiche dó ghearán. Bhain na fiche a dó ngearán a sheas i bpáirt le na craoltaí seo a leanas:

  • Clare FM: Morning Focus with Alan Morrissey: 12 July 2021
  • Newstalk 106-108FM: The Pat Kenny Show: 13 October 2021
  • RTÉ One: Clare Byrne Live: 18 October 2021

Bhain an gearán amháin ar seasadh leis go páirteach leis an gcraoladh a leanas:

  • Red FM: Neil Prendeville: 16 June 2021

Dhiúltaigh an Fóram Gearán Feidhmiúcháin do seacht déag ngearán tar éis dó iad a bhreithniú i mí Méan Fómhair 2021 agus Eanáir 2022.

Tá sonraí faoi na cinntí sin go léir ar fáil lena n-íoslódáil anseo.

CRÍOCH

Do cheisteanna ó na meáin, déan teagmháil Joanne Ahern  le DHR Communications ar Tel: 087-9881837

Do cheisteanna ar bith eile, déan teagmháil leis an BAI ar 01 6441200 nó info@bai.

Nóta d’Eagarthóirí

Faoin Acht Craolacháin 2009, is féidir le breathnóirí agus le héisteoirí gearán a dhéanamh faoi lánas craolacháin a mheasann siad nach bhfuil ag teacht le cóid chraolacháin agus rialacha craolacháin an BAI. Ar aon dul le próiseas láimhseála gearán an BAI, ba cheart don bhreathnóir nó don éisteoir a ghearán a chur faoi bhráid an chraoltóra ar an gcéad dul síos. Ní mór é sin a bheith déanta laistigh de 30 lá ó dháta an chraolta.

Mura bhfuil breathnóir nó éisteoir sásta leis an bhfreagra a fuair sé ón gcraoltóir nó murar thug an craoltóir freagra laistigh den tréimhse a shonraítear ina gCód Cleachtais um Láimhseáil Gearán (21 lá tar éis an gearán a fháil de ghnáth), féadfaidh an breathnóir nó an t-éisteoir an gearán a tharchur chuig an BAI lena bhreithniú.

Agus gearáin á measúnú aige, agus ag tabhairt aird ar a chuid cód agus rialacha, breithníonn an BAI an bunábhar a chuireann na páirtithe ábhartha isteach agus an bunábhar craolacháin. Is ag leibhéal an Choiste Feidhmiúcháin a mheasúnaítear gearáin nó is é an Coiste um Chomhlíonadh san Údarás a mheasúnaíonn iad.

Tar éis breithniú a bheith déanta ar ghearán:

  • Seoltar cóip den chinneadh chuig an ngearánach agus chuig an gcraoltóir sula bhfoilsítear é.
  • Sa chás go seastar, go hiomlán nó i bpáirt, le gearán, craolfaidh an craoltóir lena mbaineann cinneadh an Choiste um Chomhlíonadh, má mheasann an Coiste um Chomhlíonadh go bhfuil sé cuí déanamh amhlaidh. D’fhéadfadh ainm an duine a rinne an gearán a bheith ar áireamh anseo. Déanfar é sin ag am atá gar don chraoladh bunaidh a ndearnadh an gearán ina leith. Is é an t-aon eisceacht air sin ná cásanna ina measann an Coiste um Chomhlíonadh go bhfuil sé míchuí an cinneadh a chraoladh.
  • Sa chás go meastar gearán a bheith réitithe, tá an Coiste um Chomhlíonadh sásta gur déileáladh leis an ábhar agus nach bhfuil aon bheart breise ag teastáil.
  • Dáiltear cinntí an BAI ar na meáin agus postáiltear iad ar shuíomh Gréasáin an BAI, mura measann sé go bhfuil sé míchuí déanamh amhlaidh.
  • Tagann an próiseas chun deiridh tar éis don BAI an t-ábhar a bhreithniú agus a chinneadh a eisiúint.
  • Baineann cinntí leis an gceisteanna ar chloígh nó nár chlóigh an clár nó an fógra leis na riachtanais ábhartha agus na cóid agus na rialacha chraoltóireachta. Ní hionann na cinntí agus faomhadh nó tacaíocht a thabhairt do dhearcthaí aon pháirtí lena bhain an gearán agus ní thógann siad gach gné den ghearán a dhéantar san áireamh.