Tá méadú tagtha ar líon thomhaltóirí na meán in Éirinn ar cás leo ‘bréagnuacht’ ar an idirlíon – Tuarascáil ar an Nuacht Dhigiteach ag Institiúid Reuters
Tá 61% éigin de thomhaltóirí na meán in Éirinn buartha i dtaobh cad is fírinneach ann agus cad is bréagach ann ar an idirlíon. Tá sé sin ar cheann de na fionnachtana as an Tuarascáil ar an Nuacht Dhigiteach ag Institiúid Reuters (Éire), 2019, a eisíodh inniu (12.06.19). Is ionann sin agus 4 phointe céatadáin de mhéadú ar fhigiúr na bliana anuraidh, nuair a dúirt 57% de na freagróirí Éireannacha ar an staidéar idirnáisiúnta gur chás leo ‘bréagnuacht’ ar an idirlíon. Tá an figiúr in Éirinn i bhfad níos airde ná an meán Eorpach is ionann agus 51%.
Is í seo an cúigiú bliain ina bhfuil cistiú déanta ag Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) ar Éire a chuimsiú sa stáidéar ar an Nuacht Dhigiteach ag Institiúid Reuters, mar chuid dá chuid oibre chun an iolracht sna meáin a chothú in Éirinn. Cuimsíonn sí 38 dtír ar fud an domhain anois, agus is éard is cuspóir don staidéar bliantúil ná tuiscint a fháil ar conas mar atá an nuacht á tomhailt ar fud an domhain, agus béim faoi leith á leagan ann ar thomhailt na nuachta digití agus ar na feistí a úsáidtear chun rochtain a fháil ar an nuacht. Rinne an BAI an Institiúid um Meáin Chumarsáide agus Iriseoireacht sa Todhchaí (FuJo) in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a choimisiúnú chun tuarascáil shonrach a dhéanamh ar na torthaí a bhaineann le hÉirinn sa suirbhé i dtaobh na gcúig bliana is deireanaí. Bailíodh na sonraí i gcomhair an taighde idir Eanáir-Feabhra 2019, rud atá ag teacht leis an tráthchlár bailithe sonraí céanna sna blianta roimhe seo.
Fionnadh sa taighde go ndearna breis is an ceathrú cuid (26%) de thomhaltóirí nuachta in Éirinn cinneadh gan scéal nuachta a chomhroinnt sa bhliain a caitheadh mar go raibh amhras orthu i dtaobh chruinneas an chéanna. Fionnadh ina theannta sin go raibh 22% de na freagróirí stoptha d’fhoinsí áirithe nuachta a úsáid mar nach raibh siad deimhnitheach de chruinneas a dtuairiscithe Bhain na meáin chumarsáide in Éirinn an rátáil is airde (59%), áfach, rátáil atá beagán níos airde ná an RA (57%). Bhí sé sin i bhfad níos airde ná an meán de chuid na hEorpa.
Fionnadh sa taighde go raibh 69% de dhaoine 18-24 bliana d’aois in Éirinn buartha i dtaobh cad is fírinneach ann agus cad is bréagach ann ar an idirlíon, ach ina theannta sin, go bhfuil an t-aoisghrúpa céanna ar na haoisghrúpaí is lú a chuireann suim sa nuacht agus sa pholaitíocht, agus dúirt níos lú ná a leath (46%) go raibh an-suim nó suim thar na bearta acu sa nuacht agus dúirt beagán os cionn an ceathrú cuid díobh (26%) go raibh suim acu sa pholaitíocht.
Ar na fionnachtana eile tá siad seo a leanas:
Íoc as nuacht: Níl aon athrú ar an gcéatadán de dhaoine a íocann as nuacht trí shíntiúis, trí dheonacháin agus trí íocaíochtaí aonuaire; 11% san AE agus 9% san RA. Is é 12% an ráta comhréireach in Éirinn, is ionann agus 1 phointe céatadáin amháin de mhéadú ar chéatadán na bliana anuraidh. Maidir leis na daoine a íocann de, níl ach an t-aon síntiús amháin ag an tromlach díobh (51%). Ba é an t-aoisghrúpa 25-34 bliana d’aois ba dhóichí a d’íocfadh as nuacht ar líne (19%) agus ba é an t-aoisghrúpa 55-64 bliana d’aois ba neamhdhóchúla a d’íocfadh as an gcéanna (7%). Maidir le síntiúis meán ar líne as a n-iomláine de, nuair a fiafraíodh de na freagróirí cad é a roghnóidís mura bhféadfaidís ach an t-aon síntiús amháin i gcomhair na bliana ina diaidh a bheith acu, ba sheirbhísí fís-sruthaithe (e.g. Netflix, Amazon Prime) na seirbhísí ba mhó éileamh (35%). Dúirt timpeall le 21% acu nach ndéanfaidís suibscríobh le haon mheáin ar líne, agus roghnaigh 13% acu imeacht nó cainéal spóirt ar líne. Bhí nuacht ar líne sa chúigiú háit (9%), i ndiaidh sruthú ceoil (11%) agus chun tosaigh ar chluichíocht ar líne (4%) agus ar gheandáil ar líne (1%).
Gréasáin shóisialta oscailte os coinne gréasáin shóisialta dhúnta a úsáidtear i gcomhair nuachta: Is é Facebook fós an gréasán sóisialta is tábhachtaí i gcomhair nuachta in Éirinn (37%), ach tá breis tóra ag teacht ar ghréasáin shóisialta dhúnta, leithéidí WhatsApp agus Facebook Messenger ó thaobh nuacht a chomhroinnt nó a phlé i gcodanna áirithe den domhan. Dúirt 53% de na freagróirí sa Bhrasaíl gurb é Whatsapp a úsáideann siad i gcomhair nuachta ar bhonn seachtainiúil (is ionann agus 5 phointe céatadáin de mhéadú ar fhigiúr 2018), agus bhí figiúr gairid dó sin sa Mhalaeisia (50%). Is é 15% an figiúr a fhreagraíonn dó sin in Éirinn, is ionann agus 2 phointe céatadáin de mhéadú ar fhigiúr na bliana anuraidh. Mar bhonn comparáide, dúirt 9% de na freagróirí san RA gurb é Whatsapp a úsáideann siad i gcomhair nuachta, is ionann agus 4 phointe céatadáin de mhéadú ar fhigiúr na bliana roimhe sin. I dtíortha eile san Eoraip, bhí an figiúr comhréireach chomh híseal le 3% sa Sualainn agus chomh hard le 36% sa Spáinn.
Foinsí nuachta: Is é an raidió fós an phríomhfhoinse thosaigh nuachta ar maidin ag na freagróirí in Éirinn (33%), mar sin féin, is ionann sin agus 6 phointe céatadáin de laghdú ar fhigiúr 2016, an uair dheiridh a cuireadh an cheist. Tháinig méadú mór ar an úsáid a bhaintear as an Idirlíon, trí fhón cliste, in imeacht na tréimhse sin, is ionann agus 10 bpointe céatadáin de mheadú go dtí 31%. Níor taifeadadh aon athrú ar na céatadáin a bhaineann leis an teilifís (16%) nó leis na nuachtáin chlóite (4%). Ba é Facebook an rogha ba mhó ag lucht úsáidte fón cliste (35%), agus láithreáin gréasáin nuachta nó aipeanna nuachta sna sála air (32%).
Podchraoltaí: Tá Éire fós i mbarr an tsuirbhé ó thaobh tomhailt podchraoltaí de; dúirt 37% de na freagróirí in Éirinn gur éist siad le podchraoladh in imeacht na míosa roimhe sin. Ba é 33% an meán san AE.
Dúirt Michael O’Keeffe, Príomh-Fheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann: “Tá dúshláin nach beag le sárú acu seo a bhfuil sé de chúram orthu a dheimhniú go mbeidh timpeallacht na rialála fós cuí i bhfianaise a thapúla atá timpeallacht na meán ar fud an domhain á hathrú ag an teicneolaíocht. Tá infheistíocht déanta ag an BAI le cúig bliana anuas sa Tuarascáil ar an Nuacht Dhigiteach ag Institiúid Reuters (Éire), trína gcinntítear go gcuimsítear Éire sa staidéar idirnáisiúnta sin. Ba mhór an tairbhe í an infheistíocht sin ó thaobh éachtaintí tráthúla a fháil ar threochtaí tomhailte nuachta go hidirnáisiúnta agus éascaíonn sí dúinn comparáidí a dhéanamh le treochtaí dá samhail in Éirinn.
“Tá sé bunriachtanach inniúlacht dhigiteach láidir a bheith ag tomhaltóirí na meán in Éirinn chun déileáil leis na deacrachtaí a ghabhann le timpeallacht na meán atá i gcúrsa a hathraithe. Tá sé ar cheann d’oibleagáidí straitéiseacha an BAI an inniúlacht sin a fheabhsú agus is réimse í ina bhfuil ról ceannaireachta á ghlacadh againn tríd an Tionscnamh Be Media Smart. Léiríonn an taighde go bhfuil tomhaltóirí Éireannacha ag eirí níos feasaí maidir le bréagaisnéis, thart ar 60% ag cur in iúl gur cúis imní é an bréagnuacht. Chomh maith leis sin, bhí áthas ar an BAI tabhairt faoi deara go bhfuil tuairimí dearfacha ag daoine Éireannacha maidir leis an luach a bhaineann leis an meán nuachta, 59% ag aontú go gcabhraíonn sé leo nuacht an lae a thuiscint. Is cúis áthais go bhfuil an raidió fós ar an gcéad fhoinse nuachta ag muintir na hÉireann ar maidin.”
Dúirt an Dr. Jane Suiter, stiúrthóir FuJo, ina theannta sin: “Tá sé bunriachtanach go mbeidh rochtain ar iriseoireacht ardchaighdeáin chun go mbeidh daonlathas feidhmiúil ann. Tá méadú an-mhall ag teacht ar an líon daoine in Éirinn atá toilteanach íoc as nuacht ar líne, ach, tríd is tríd, cuireann muintir na hÉireann an-suim fós sa nuacht agus is údar misnigh é go gceistíonn siad fírinneacht foinsí nuachta, ach ní mór breis ceistithe den sórt sin a dhéanamh. Tá an iriseoireacht ardchaighdeáin tábhachtach maidir le sochaí chomhtháite a bheith ann agus ní mór do sholáthraithe nuachta sa ré shuaite seo leanúint de bheith ag seasamh leis an smaoineamh gur riachtanas seachas anchaitheamh é nuacht ardchaighdeáin a bheith ar fáil ar líne.”
CRÍOCH
Fiosrúcháin ó na Meáin Chumarsáide: Joanne Ahern / Sebastian Enke, DHR Communications, 01-4200580 / 087-9881837/ 087-3239496
Nótaí d’Eagarthóirí:
- Is í an Tuarascáil bhliantúil ar an Nuacht Dhigiteach ag Institiúid Reuters um Staidéar ar an Iriseoireacht in Ollscoil Oxford an staidéar leanúnach is mó ar threochtaí i dtomhailt na nuachta ar domhan. Beidh an tuarascáil dhomhanda, ina gcuimsítear 38 dtír, ar fáil ó Dé Céadaoin, 12 Meitheamh ag www.digitalnewsreport.org.
- Is féidir cóip den Tuarascáil ar an Nuacht Dhigiteach ag Institiúid Reuters anseo agus Thuairisc ghrafaice faisnéise Reuters (2019) – (Béarla) anseo.
- Tá an tuarascáil Éireannach á hurrú ag Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) agus tá sí tiomsaithe ag an Institiúid um Meáin Chumarsáide agus Iriseoireacht sa Todhchaí (FuJo) in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
- Tá Príomh-Fheidhmeannach BAI, Michael O’Keefe, ar fáil chun dul faoi agallamh i dtaobh ról BAI i dtaca le hurraíocht a dhéanamh ar an taighde ar Éirinn.
- Is taighdeoir comhlach ag an Institiúid um Meáin Chumarsáide agus Iriseoireacht sa Todhchaí in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath í an Dr Eileen Culloty. Tá sí ar fáil chun dul faoi agallamh i dtaobh fhionnachtana na tuarascála Éireannaí.
- Is í Institiúid Reuters um Staidéar ar an Iriseoireacht a choimisiúnaigh an staidéar chun tuiscint a fháil ar conas mar atá an nuacht á tomhailt i 38 dtír. Rinne YouGov taighde trí cheistneoir ar líne a úsáid i ndeireadh mhí Eanáir/i dtosach mhí Feabhra 2019. Tiomsaíodh samplamhéideanna i ngach tír trí chuótaí ar bhonn náisiúnta maidir le haois, gnéas, réigiún agus oideachas a úsáid. Ina theannta sin, rinneadh na sonraí a ualú de réir spriocanna a bhí bunaithe ar shonraí as an daonáireamh/ar shonraí a nglactar leo sa tionscal. B’ionann an samplamhéid iomlán agus 75,749 nduine fhásta, a raibh timpeall le 2,000 duine acu i ngach tír. Is é 93% an ráta úsáide idirlín in Éirinn agus b’ionann an samplamhéid agus 2,013 dhuine.