Suas go €4.5m ar fáil do léiriúcháin fuaime agus closamhairc

Beidh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) ag glacadh le hiarratais ar mhaoiniú faoi Bhabhta 42 de Scéim Fhuaim agus Fis 4 go luath.

Tá suas le €4.5m de mhaoiniú ar fáil faoin mbabhta a n-osclóidh ar an 2 Samhain 2021. Tá an babhta seo ar oscailt do léiritheoirí neamhspleácha agus do chraoltóirí chun tacú le léiriúcháin úrnua.

Beidh treoirlínte agus an fhoirm iarratais i gcomhair Bhabhta 42 de Scéim Fhuaim agus Fís 4 ar fáil ar shuíomh Gréasáin anseo ón 2 Samhain ar aghaidh. Is é Déardaoin, ag meánlae, 16 Nollag 2021 an dáta deiridh i gcomhair iarratais.

CRÍOCH