Suas go 4.4m ar fail le haghaidh le haghaidh léiriúcháin clár fuaime agus clár closamhairc

Tá sé fógartha ag Údarás Craolacháin na hÉireann  (BAI) go mbeidh sé ag glacadh le hiarratais ar mhaoiniú faoi Bhabhta 43 den Scéim Sound & Vision 4.

Tá suas le €4.4m de mhaoiniú ar fáil faoin mbabhta atá oscailte ón 13 Aibreán do léiritheoirí neamhspleácha agus do chraoltóirí chun tacú le léiriúcháin clár nua. Tá treoirlínte agus an fhoirm iarratais do Bhabhta 43 den Scéim Sound & Vision 4 ar fáil ar shuíomh Gréasáin an BAI anseo. Is é an spriocdháta d’iarratais ná 12 meán lae ar an bpointe Déardaoin, 19 Bealtaine 2022. Ní mór gach iarratas a chur isteach trí www.baionline.ie.

CRÍOCH