Siníonn Údarás Craolacháin na hÉireann Conradh le Virgin Media Television Limtied

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann an tseachtain seo gur síníodh conarthaí craolacháin le Virgin Media Television Limited.

Rinneadh conradh seirbhíse clár teilifíse Údarás Craolacháin na hÉireann le Virgin Media Television Limited a athnuachan ní ba luaithe an tseachtain seo le haghaidh seirbhísí teilifíse Virgin Media One (TV3 roimhe seo) agus Virgin Media Two (3e roimhe seo). D’aontaigh Údarás Craolacháin na hÉireann conradh le haghaidh Virgin Media Sport agus raon leathan seirbhísí sealadacha freisin.

Agus é ag trácht ar an bhfógra, dúirt An tOllamh Pauric Travers, Cathaoirleach Údarás Craolacháin na hÉireann: “Is cúis áthais dúinn a fhógairt go bhfuil na conarthaí seo sínithe againn le Virgin Media Television Limited, conarthaí trína gcinntítear go leanfaidh soláthar seirbhísí saorchraolta Virgin Media One agus Virgin Media Two. Is seirbhísí iad na cainéil seo a bhfuil ardmheas orthu taobh istigh d’earnáil mheán na hÉireann agus cuireann siad rogha níos leithne agus níos mó éagsúlachta ar fáil don lucht féachana.

Cuirfidh seoladh seirbhísí Virgin Media Sport leis an éagsúlacht seo chomh maith. Guímid gach rath ar na seirbhísí uile sna blianta amach romhainn.”

CRÍOCH

Teagmháil: Joanne Ahern, DHR Communications. Teil: 01-4200580 / 087-9881837.