Tá Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) tiomanta do chinntiú go bhfuil rochtain ag an lucht féachana Éireannach ar réimse d’ábhar agus de thuairimí ardchaighdeáin a bhaineann le hábhar i dtaobh cúrsaí cultúir agus teangeolaíochta de. Dar le cathaoirleach an BAI, an tOllamh Pauric Travers, an méid thuas, agus é ag labhairt inniu (22.02.17) ag seoladh Ráiteas Straitéise 2017-2019 an BAI ag an Aire Cumarsáide, um Ghníomhú ar son na hAeráide agus an Chomhshaoil, Denis Naughten, T.D.
Seo an tríú ráiteas straitéise ó bunaíodh an BAI in 2009, agus an chéad cheann a sheol an tÚdarás reatha. Chuir athbhreithniú cuimsitheach ar éifeachtacht na straitéise roimhe seo, comhairliúchán fairsing poiblí agus measúnú domhain ar an gcomhthéacs reatha eolas ar fáil don ráiteas.
Leagtar an straitéis amach faoi chúig théama straitéiseacha, anuas ar chuspóirí straitéiseacha agus torthaí inmhianaithe a bhfuil súil leo faoin mbliain 2019. Is iad na téamaí: (1) éagsúlacht agus iolracht a chur chun cinn; (2) sármhaitheas agus cuntasacht a bhaint amach; (3) cumarsáid a dhéanamh agus dul i gcion; (4) cumasú an lucht féachana; (5) feabhas a chur ar nuálaíocht agus ar inbhuanaitheacht earnála. Mar gheall gur cuireadh téama 5 san áireamh, léirítear go n-aithníonn an BAI na dúshláin atá roimhe sa limistéar seo.
Dúirt an tOllamh Travers an méid seo a leanas: “Nuair a bhí ár straitéis á forbairt againn do na chéad trí bliana amach romhainn, chuireamar na patrúin athraitheacha san áireamh ina ndéantar na meáin a thomhailt, patrúin athraitheacha an athraithe teicneolaíochta, na hiomaíochta méadaithe, go háirithe ó áiteanna thar lear, agus ioncam fógraíochta atá ag dul i laghad. Creidimid go gcuireann na dúshláin siúd deiseanna ar fáil a chinnteoidh go leanann an rath geal bheith ar earnáil closamhairc na hÉireann sna blianta amach romhainn, má thapaítear na deiseanna siúd.”
Dúirt an tAire Naughten an méid seo a leanas agus an straitéis á seoladh aige: “I dtírdhreach meán atá ag athrú de shíor, tá sé ríthábhachtach go bhforbraíonn ár rialálaí craolacháin straitéisí agus cuspóirí chun freagairt go héifeachtach do na dúshláin atá roimh earnáil chraolacháin na hÉireann agus a lucht féachana. Is deas liom straitéis atá dírithe go sonrach ar an todhchaí a sheoladh inniu, ina bhfuil tiomantas chun craolacháin a rialáil, a chothú agus a thacú ag croílár na straitéise sin ar mhaithe leis an bpobal.
“Mar gheall gurb ann do rialálaí éifeachtach freagrúil, tacófar le hardchaighdeáin a choimeád i meáin chraolta na hÉireann agus cinnteofar go gcuirtear ábhar ardchaighdeáin, atá fairsing agus a bhaineann le hábhar i dtaobh an chultúir de, ar fáil don lucht féachana Éireannach.
Ag tosú ón dearcadh go mbaineann ríthábhacht le hiolracht agus le héagsúlacht maidir le daonlathas folláine, leagtar amach i straitéis an BAI a fhís mar ‘tírdhreach meán na hÉireann a léiríonn agus a mhúnlaíonn cé sinn féin’. Tá rialáil éifeachtach, tacú leis an earnáil chraolacháin ar mhaithe leis an bpobal, anuas ar iolracht agus éagsúlacht a chur chun cinn agus ábhar fairsing agus a bhaineann le hábhar i dtaobh an chultúir de a chothú, mar bhunchloch fhís an BAI.
Ag trácht dó, dúirt Príomhfheidhmeannach an BAI, Michael O’Keeffe, an méid seo a leanas: “I ndiaidh ár ráiteas nua straitéise a fhorbairt, chuireamar sraith cuspóirí i bhfeidhm atá uaillmhianach ach is féidir linn a bhaint amach. Oibreoimid go ceann trí bliana chun torthaí a sholáthar a chuireann le tírdhreach folláin agus beoga meán.
“Áirítear leis seo a chinntiú go mbíonn an meascán glórtha, tuairimí agus ábhar foinsí nuachta agus cúrsaí reatha atá ar fáil láidir i gcónaí; go dtacaítear leis an lucht féachana Éireannach chun tuiscint níos mó a fhorbairt ar ábhar closamhairc a tháirgeadh agus a scaipeadh agus chun rannpháirtíocht níos mó ann a fhorbairt; méadú ar ábhar Éireannach a tháirgeadh agus ar an bhfáil atá air, agus samhlacha inbhuanaithe cistithe a fhorbairt d’earnáil chlosamhairc na hÉireann.”
Tá Ráiteas Straitéise 2017-2019 an BAI ar fáil lena íoslódáil anseo.
CRÍOCH
Teagmháil: Joanne Ahern / Sebastian Enke, DHR Communications, Guthán: 01-4200580 / 087-9881837 / 087-3239496