
Sheol Údarás Craolacháin na hÉireann a Ráiteas Straitéise nua 2021-2023, (Straitéis), inniu (14.01.21) a threoróidh a chuid oibre thar na trí bliana amach romhainn.
Is í seo an cheathrú straitéis ó bunaíodh BAI in 2009. Chuir athbhreithniú cuimsitheach ar éifeachtacht na straitéise roimhe seo; comhairliúchán poiblí leathan; agus measúnú domhain den chomhthéacs reatha, náisiúnta agus idirnáisiúnta araon, bonn eolais faoin straitéis.
Tá an straitéis leagtha amach faoi chúig phríomhthéama: 1) An Éagsúlacht agus an iolracht
a chur chun cinn; 2) Ardchaighdeán feabhais agus cuntasachta a bhaint amach; 3) Ceannaireacht in athrú; 4) Luchtanna Féachana/Éisteachta a Chumhachtú; agus 5) An Nuálaíocht agus An Inbhuanaitheacht Earnálacha a Fheabhsú. Tá sraith spriocanna straitéiseacha ar ardleibhéal molta, faoi gach téama, chomh maith leis na torthaí a mbeifí ag súil leo agus na príomhtháscairí feidhmíochta a bhaineann leo. Foilseoidh BAI plean oibre ardleibhéil a ghabhann leis freisin chun tacú leis na spriocanna straitéiseacha mar atá leagtha amach sa ráiteas straitéise a bhaint amach. Sheol Údarás Craolacháin na hÉireann a ráiteas straitéise nua 2021-2023 (“straitéis”), inniu (14.01.21), rud a threoróidh a gcuid oibre thar na trí bliana amach romhainn.
Dúirt príomhfheidhmeannach BAI, Michael O’Keeffe agus é ag labhairt ar seo: “Ta athrú ó bhonn tagtha ar thírdhreach na meáin thar na deich bliana seo a chuaigh thart. Beifear ag súil le forbairtí suntasacha sa timpeallacht reachtaíochta thar thréimhse an ráitis straitéise seo, ar a n-áirítear Treoir an AE maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc arna leasú a thrasuí i ndlí na hÉireann agus feidhmeanna BAI a aistriú chuig Coimisiún Meáin nua, a mbeidh cumhachtaí feabhsaithe aige a chlúdóidh rialú seirbhísí ar líne agus ábhar díobhálach. Agus muid ar an eolas faoin tréimhse athraithe seo, cuireann ár Ráiteas Straitéise nua treoir ar fáil chun a chur ar ár gcumas leanúint lenár n-obair reatha, agus ag an am céanna cinntíonn sé go bhfuil na hacmhainní againn le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus na deiseanna a thagann romhainn.
“Chomh maith le príomhspriocanna agus príomhthéamaí ár ráitis straitéise roimhe seo, cuimsíonn an straitéis nua téama uileghabhálach nua: Ceannaireacht in athrú. Éilíonn an téama seo ar BAI an t-eolas agus an saineolas atá aige a úsáid chun comhoibriú le páirtithe leasmhara náisiúnta agus idirnáisiúnta chun réimeas rialála don todhchaí a fhorbairt d’ardáin chraolta agus ar líne agus a mbeartas meán dhigiteach a fhorbairt chun freastal ar riachtanais lucht féachana/éisteachta.”
Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán, Catherine Martin TD, agus í ag labhairt ar sheoladh na straitéise: “Tá ríthábhacht le hearnáil meáin atá ag feidhmiú go maith do gach daonlathas, agus tá rialachán meáin ag teacht isteach i staid a bhfuil athrú ó bhonn ann in Éirinn, trí creat rialála maidir le sábháilteacht ar líne a thabhairt isteach den chéad uair go luath agus trí Coimisiún na Meán nua a bhunú. Tugaim moladh don BAI faoin straitéis réamhbhreathnaitheach seo, a fhíonn le chéile spriocanna uaillmhianacha d’fhonn an earnáil chraolacháin a rialáil, agus a leagann amach spriocanna ceannaireachta in am atá ag athrú don eagraíocht agus d’earnáil na meán i gcoitinne.”
Tá ráiteas straitéise BAI ar fáil anseo.
CRÍOCH
Teagmháil meáin: Joanne Ahern / Thelma Harris, DHR Communications, Tel: 087-9881837 / 083-0517622.
Gach ceist eile: BAI, 01-6441200