
Tá Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) ag comhlíonadh a fheidhmeanna rialála i réimse na meán atá ag athrú go tapa. Tá athrú ó bhonn tagtha ar an réimse ina mbíonn na córais traidisiúnta craolacháin ag feidhmiú agus ag iomaíocht chun lucht féachana a mhealladh chucu. Is é an dúshlán a bheidh le sárú ag an Údarás sna blianta atá amach romhainn ná leanúint ar aghaidh agus a thionchar a leathnú de réir mar a éiríonn meáin de chineálacha eile níos suntasaí. Ba é sin an teachtaireacht a thug an rialtóir craolacháin maidin inniu (02.11.16) ag seoladh an chomhairliúcháin phoiblí ar Dhréacht-Ráiteas Straitéise an BAI (2017-2019).
Bhí sé seo le rá ag Cathaoirleach an BAI, an tOllamh Pauric Travers, agus é ag oscailt an chomhairliúcháin phoiblí: “Is éard a bhfuilimid ag súil leis don bhliain 2019 ná go mbeidh raon guthanna agus tuairimí le fáil sna meáin chraolta chun go bhféadfaidh an pobal rogha a dhéanamh eatarthu agus tiúineáil isteach orthu. Is mian linn an cumhacht a thabhairt don lucht féachana agus don lucht éisteachta na meáin chraolta a thuiscint níos mó agus nascadh níos mó leo, agus ba mhaith linn leas a bhaint as ár nguth mar rialtóir agus mar struchtúr tacaíochta chun dul i gcionn ar bheartas poiblí ó thaobh leagan amach na meán cumarsáide in Éirinn. Is ar an mbonn sin, atáimid ag tabhairt cuireadh do chraoltóirí, don phobal i gcoitinne agus do pháirtithe leasmhara eile, machnamh a dhéanamh ar an gcineál leagan amach ar mhaith leo a bheith ar na meáin chraolta in 2019, agus páirt a ghlacadh inár gcomhairliúchán poiblí.
“Nuair a bhí ár ndréachtstraitéis á forbairt againn rinneamar mórchuid machnaimh ar an ról a bheidh againn amach anseo agus ar cé chomh tábhachtach nó ábhartha a bheimid. Ós rud é go bhfuil na meáin shóisialta agus na meáin ar líne tar éis éirí níos líonmhaire, tá dúshláin shuntasacha le sárú againn mar rialtóir craolacháin, ó thaobh ár n-ábharthacht féin agus cé chomh inoiriúnaithe is atá muid”, a dúirt sé.
Tugtar léiriú sa dréachtstraitéis ar fhís an BAI go mbeadh ‘córas na meán ann in Éirinn a léiríonn cé muidne agus a mhúnlaíonn muid’. Tá ár bhfís bunaithe ar rialáil éifeachtach, tacú leis an earnáil craolacháin ar mhaithe le leas an phobail, chomh maith le hiolrachas agus éagsúlacht a chur chun cinn.
Dúirt an BAI gur ceann de na príomhghníomhaíochtaí a bheidh acu thar shaolré na straitéise nua ná a bheith ag obair leis an earnáil chraolacháin chun breis inbhuanaitheachta a bhaint amach. Bhí sé seo a leanas le rá ag Príomhfheidhmeannach an BAI, Michael O’Keeffe: “Tá fás ag teacht ar na meáin ar líne agus is gá don earnáil chraolacháin deiseanna a aimsiú. Ní mór dúinn bealaí a iniúchadh le chéile chun rath is bláth a chur ar an earnáil chraolacháin: Is maith le muintir na hÉireann ábhar Éireannach, agus is bealach soiléir amháin é sin do chraoltóirí ar mian leo fanacht ábhartha.
“Cé gur furasta a thuiscint an fáth a bhfuil imní ar na meáin chraolacháin faoin drochthionchar a d’fhéadfadh a bheith ag iomaíocht ar líne ar a gcuid foinsí ioncaim, mar sin féin tá dúshlán agus deis ann don earnáil na bealaí a aithint agus a léiriú ina a bhfreastalaíonn siad ar a lucht féachana agus éisteachta ar bhealach uathúil nach féidir leis na meáin ar líne a dhéanamh.”
Tá sonraí iomlána an chomhairliúcháin ar fáil ag www.bai.ie/comhairliúcháin agus is féidir aighneachtaí a dhéanamh trí ríomhphost chuig strategy@bai.ie nó a sheoladh sa phost chuig: Dréacht-Straitéis, Údarás Craolacháin na hÉireann, 2-5 Plás Warrington, Baile Átha Cliath 2.
Is é meán lae an Déardaoin, an 1ú Nollaig, 2016 an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí a sheoladh chuig an gcomhairliúchán.
CRÍOCH
Déan teagmháil le: Tony Heffernan / Sebastian Enke, DHR Communications. Teil: 01-4200580 / 087-2399508 / 087-3239496.