
Sheol Údarás Craolacháin na hÉireann a Bheartas Meán Pobail – ar Lá Náisiúnta Raidió Pobail – inniu (18.06.21). Tugann an cháipéis achoimre ar na príomhghnéithe agus tréithe a léiríonn an earnáil meáin pobail agus admhaíonn sé an pháirt shuntasach atá aige i dtírdhreach meáin na hÉireann. Cuireann sé treoir ar fáil freisin chun oibríochtaí rathúla agus inbhuanaithe a bhaint amach, chomh maith le struchtúir láidre oibríochta agus rialachais do thodhchaí na meán pobail.
Agus í ag labhairt air, Dúirt Celene Craig, Leas-Phríomhfheidhmeannach an BAI: “Is é inniu Lá Náisiúnta Raidió Pobail – lá a ndéanann stáisiúin phobail ar fud na tíre ceiliúradh agus a dtugann siad aitheantas d’obair agus do thiomantas na mílte oibrí deonach agus ball foirne a chuir an dea-bhail ar an earnáil atá air inniu. Tá ról lárnach ag Beartas Meán Pobail nua an BAI chun cumas earnáil mheán pobail na hÉireann a bhaint amach – raidió agus teilifís araon. Rinneadh é a fhorbairt tar éis comhairliúchán forleathan, rud a chinntíonn beartas láidir, ábhartha a aisfhuaimníonn leis an gcuspóir earnáil meán pobail inbhuanaithe a thógáil.
“Tá a fhios againn go bhfuil meáin an phobail leabaithe go domhain i struchtúir agus i ndiminic pobail de réir mar atá siad ag athrú agus ag forbairt agus ag déanamh athnuachan orthu féin an t-am ar fad. Tá 23 asraon meáin pobail nó comhlacht leas an phobail againn in Éirinn, agus tá siad féin agus roinnt grúpaí raidió pobail uaillmhianacha ag déanamh a ndícheall le tairbhe shóisialta a fháil do na pobail ar a ndéanann siad freastal; ag tabhairt aghaidh ar phríomhcheisteanna agus ag cinntiú go mbeidh éagsúlacht ann.
Dúirt sí ansin: “Tá eolas maith ar luach an ábhair atá táirgthe ag cleachtóirí meán pobail agus tacaíonn an BAI le léiriúchán na gclár sin faoina scéim maoinithe Fuaim agus Fís. Chun a chur ar chumas meáin pobail leanúint lena ról tábhachtach a bhaint amach, ní mór buntaca láidir rialachais agus próisis a bheith ann. Tugann an Beartas Meán Pobail nua achoimre ar luach próisis mar sin agus tacaíonn sé le forbairt agus cur chun cinn na hearnála.”
Is iad na sé réimse a chlúdaíonn an Beartas Meán Pobail ná: 1)Sainmhíniú a thabhairt ar mheáin phobail; 2) Tairbhe shóisialta; 3) Ábhar cláir; 4) Úinéireacht, rialachas agus bainistíocht; 5) Maoiniú agus airgeadas, agus 6) Soláthar foirne agus oiliúint.
Tá Beartas Meán Pobail an BAI le fáil anseo.
CRÍOCH
Teagmháil meán: Thelma Harris / Joanne Ahern, DHR Communications, Teil: 083-0517622 / 087-9881837.
Nótaí d’eagarthóirí:
Déanann Beartas Meán Pobail an BAI na beartais BAI roimhe seo maidir le Craolachán Raidió Pobail agus Teilifís Pobail a nuashonrú, rud a léiríonn forbairt earnáil na meán pobail le 20 bliain anuas.