
D’fhógair an BAI inniu (Dé Céadaoin, an 24ú Deireadh Fómhair) sonraí faoina Scéim Urraíochta don bhliain 2019.
Soláthraíonn an Scéim bhliantúil seo tacaíocht airgeadais agus/nó chomhchineáil do réimse imeachtaí agus gníomhaíochtaí a bhaineann le hobair an BAI. Cabhraíonn sé leis an eagraíocht chun feasacht a mhúscailt ar a chuspóirí, agus a chuspóir a bhaint amach, faoi mar a leagtar amach i Ráiteas Straitéise 2017-2019 an BAI, na cuspóirí i dtaca leis an éagsúlacht agus an iolracht a chur chun cinn agus an nuálaíocht agus an inbhuanaitheacht earnálacha a fheabhsú go háirithe. Cabhraíonn an Scéim Urraíochta leis an BAI a phróifíl poiblí a méadú agus cuireann sé le tuiscint an phobail ar an obair a dhéanann an t-Údarás.
Tugtar go dtí 12.00 Dé Déardaoin, an 29ú Samhain 2018 d’iarratasóirí ar spéis leo iarratas a sheoladh ar aghaidh. Is féidir teacht ar bhreis sonraí faoin Scéim san Fhoirm Iarratais atá ar fáil ar láithreán gréasáin an BAI anseo.