D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (“BAI”) inniu (3 Lúnasa 2018), go bhfuarthas na hiarratais seo a leanas ar dhá sheirbhís raidió pobail, a fhreastalaíonn ar Chlár Chlainne Mhuiris agus an Ceantar Máguaird agus ar Dhún Dealgan agus an Ceantar Máguaird. D’fhógair an BAI an dá sheirbhís i Mí Bealtaine seo a chuaigh thart.
Clár Chlainne Mhuiris agus an Ceantar Máguaird
Fuarthas iarratas ó Claremorris Community Radio Comhlacht faoi Theorainn Ráthaíochta (ag trádáil mar Claremorris Community Radio) ar sheirbhís raidió pobail, do phobal Chlár Chlainne Mhuiris agus an Ceantar Máguaird. Oibríonn Claremorris Community Radio conradh craoltóireachta fuaime pobail le haghaidh 10 mbliana, atá ag dul in éag ar 31 Márta 2019.
Dún Dealgan agus an Ceantar Máguaird
Fuarthas iarratas ó Dundalk Media Centre Comhlacht faoi Theorainn Ráthaíochta (ag trádáil mar Dundalk FM) ar sheirbhís raidió pobail, do phobal Dhún Dealgan agus an Ceantar Máguaird. Oibríonn Dundalk FM conradh craoltóireachta fuaime pobail le haghaidh 10 mbliana, atá ag dul in éag ar 31 Lúnasa 2019.
Déanfaidh an BAI athbhreithniú ar na hiarratais lena chinntiú go bhfuarthas an fhaisnéis go léir atá riachtanach de réir an Treoir Maidir le hAighneachtaí agus go bhfuil na hiarratais bailí. Ar chríochnú na hathbhreithnithe seo, cuirfear na hiarratais ar fáil go poiblí.
CRÍOCH