Nuashonrú Ceadúnaithe: Seirbhísí Craolachán Fuaime Tráchtála

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (“an BAI”) inniu, an 12 Aibreán 2016, sonraí ar an léiriú suime is déanaí a fuarthas le haghaidh seirbhísí craolachán fuaime tráchtála a fógraíodh an 12 Feabhra seo chuaigh thart.

Fuarthas léiriú spéise amháin le haghaidh gach cinn de na seirbhísí a leanas: Seirbhís Náisiúnta Leathanfhormáide; Seirbhís Óige atá faoi stiúir an Cheoil, a fhreastalaíonn ar iardheisceart na tíre; agus Seirbhís Áitiúil Leathanfhormáide le haghaidh Chathair agus Chontae Luimnigh.

Casfaidh Coiste am Dheonú Conarthaí an BAI ar a chéile an 28 Aibreán seo chugainn chun breithniú a dhéanamh ar an léiriú spéise a fuarthas agus an chéad chéim a dheimhniú sa phróiseas ceadúnaithe le haghaidh gach limistéar saincheadúnais.

Is féidir Fiosrúcháin Mheán a sheoladh chuig:

Catherine Heaney/Tony Heffernan 01 4200580 / 087-2309835 / 087-2399508

DHR Communications

Sonraí Teagmhála:

 Nóta do na hEagarthóirí:

  • Tá an conradh atá faoi láthair ag Radio Ireland Limited, a chraolann mar Today FM, sceidealaithe le dul in éag an 16 Márta 2017.
  • Tá an conradh atá faoi láthair ag Spin South West Limited, a chraolann mar Spin South West, sceidealaithe le dul in éag an 28 Meitheamh 2017.
  • Tá an conradh atá faoi láthair ag Treaty Radio Limited, a chraolann mar Limerick’s Live 95FM, sceidealaithe le dul in éag an 23 Deireadh Fómhair 2017.