Dheimhnigh Údarás Craolacháin na hÉireann (“an BAI”) inniu, an 13 Aibreán, gur sheol an tseirbhís reatha togra mear le haghaidh na seirbhíse cuasanáisiúnta craolacháin óráide/nuachta fuaime. Chuir an Coiste um Bronnadh Conarthaí tús le próiseas mear iarratais an 3 Feabhra 2016, tar éis nach bhfuarthas ach léiriú spéise amháin chun an tseirbhís a sholáthar an 2 Nollaig 2015.
Tá an conradh don tseirbhís seo faoi láthair ag News 106 Limited ag chraolann mar Newstalk 106FM, arb í an tseirbhís reatha. Tá an conradh seo sceidealaithe chun dul in éag an 24 Meán Fómhair 2016.
Déanfaidh an BAI athbhreithniú anois ar an aighneacht lena chinntiú go bhfuarthas an fhaisnéis go léir a iarradh. Ar chríochnú an athbhreithnithe seo, cuirfear an aighneacht ar fáil go poiblí.
-CRÍOCH-