Nuashonrú ar Phlean Ceadúnúcháin Raidió 2019

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) dhá nuashonrúchán ar cheadúnú inniu (04.09.19); ceann acu i gcomhair an raidió tráchtála agus an ceann eile i gcomhair an raidió pobail.

Ceadúnú Raidió Tráchtála – próiseas mear

D’fhógair an Coiste um Dheonú Conarthaí ag an BAI an 31 Iúil 2019 go bhfuil sé ar intinn aige an próiseas ceadúnúcháin mear a ghairm i gcomhair an chonartha craolacháin fuaime seo a leanas:

Seirbhís craolacháin fuaime Chríostaí reiligiúnach formáide leithne, a mbeidh fáil uirthi ar fud na tíre nach mór, ar na bandaí AM agus FM, a bheidh dírithe ar lucht éisteachta 15+ bliana d’aois

Cuireadh fógra poiblí ar na nuachtáin náisiúnta agus ar shuíomh an BAI. Is ag Spirit Radio Limited, a bhíonn ag craoladh mar Spirit Radio, atá an conradh faoi láthair agus tá sé le dul in éag an 31 Nollaig 2020.

Sonraíodh san fhógra poiblí go raibh ceangal ar aon duine, seachas an sealbhóir reatha, ar spéis leis nó léi an tseirbhís craolacháin fuaime a ainmníodh a sholáthar don cheantar saincheadúnais sonraithe, aighneacht a dhéanamh i scríbhinn á rá gur mhian leis nó léi iarratas a dhéanamh ar an gconradh a dheonú (“Léiriú Intinne”), agus suim €25,000.00 a thaisceadh leis an BAI faoin dáta deiridh a sonraíodh. Ba é an 29 Lúnasa 2019 an dáta deiridh chun na haighneachtaí sin a fháil.

Ní bhfuair an BAI aon Léirithe Intinne faoin dáta deiridh a sonraíodh.

Ceadúnú Raidió Pobail – Iarratas Faighte

Ina theannta sin, d’fhógair an BAI go bhfuair sé aon iarratas amháin ar sheirbhís raidió pobail, seirbhís a fhreastalóidh ar limistéar Bhaile Átha Luain agus ar an gceantar máguaird, seirbhís ar fhoilsigh an BAI fógrán ina leith i mí na Bealtaine seo caite.

Is é Athlone Community Radio Company Limited atá faoi Theorainn Ráthaíochta (a bhíonn ag trádáil mar Athlone Community Radio) a chuir an t-iarratas isteach. Tá Athlone Community Radio ag oibriú faoi chonradh craolacháin fuaime pobail 10 mbliana faoi láthair agus tá an conradh sin le dul in éag an 28 Samhain 2020.

Déanfaidh an BAI athbhreithniú ar an iarratas anois chun a chinntiú go bhfuil an t-eolas go léir a iarradh sa Treoir d’Aighneachtaí faighte aige agus go bhfuil an t-iarratas bailí. Cuirfear an t-iarratas ar fáil don phobal ar an athbhreithniú sin a chríochnú.

CRÍOCH