Nuashonrú ar Cheadúnú Raidió Trachtála: Eisíonn an BAI fógra chun próiseas iarratais mear a ghaireadh

D’fhógair Coiste Bronnta Conarthaí de hÚdarás Craolacháin na hÉireann (“an BAI”) a rún chun próiseas iarratais mear a ghaireadh do sheirbhís dírithe ar an gceol il-chathrach, de réir Alt 67(3) den Acht Craolacháin, 2009.
Is féidir leis an gCoiste an próiseas sin a ghaireadh má fhaightear léiriú spéise amháin, ón tsealbhóir conartha craolacháin fuaime reatha, tar éis glaoch ar léirithe spéise. Rinne an BAI an glaoch ar léirithe spéise sin i Samhain 2018 agus ní dhearnadh léirithe spéise breise.
Chuir an BAI fógra ar a shuíomh idirlín agus i nuachtáin naisiúnta ar an 21ú Feabhra 2019. Is féidir treoir le haghaidh aighneachtaí agus foirm Ráitis Rúin a fháil anseo. Beidh cruinniú ag an gCoiste i Mí Aibreáin chun aighneachtaí a fuarthas mar thoradh an fhógra a phlé agus chun an chéad chéim eile den phróiseas ceadúnúcháin do sheirbhís dírithe ar an gceol il-chathrach a shocrú.
Beidh an tseirbhís seo dírithe ar lucht éisteachta 45+ de chathair agus contae Bhaile Átha Cliath & crios comaitéireachta, cathair Chorcaigh, contae agus chathair Luimnigh, contae an Chláir agus cathair agus contae na Gaillimhe. Ba chóir go mbeidh an ceol a sholáthrófar ceann amháin nó meascán de na formáidí seo a leanas: Ór Clasaiceach, Ré-Cheol agus Séimh.