Níos mó ná €5.7m leithdháilte ar 119 tionscadal faoi Scéim Fuaime agus Físe an BAI

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann inniu (14.03.19) sonraí na ngradam maoinithe is déanaí faoi Scéim Maoinithe Craolacháin Fuaime agus Físe 3. I ndiaidh próiseas measúnaithe mionsonraithe, bronnadh €5.738m ar 119 tionscadal raidió agus teilifíse faoi Bhabhta 32 den Scéim.

Bronnadh os cionn €5.1m ar 29 tionscadal teilifíse; agus gheobhaidh 90 tionscadal raidió rathúla €633,000. Cuireadh isteach 222 iarratas ar fad ag iarraidh €19.8m lena meas faoin mbabhta seo den Scéim

Áirítear ar chuid de na tionscnaimh shuntasacha a bhfuil tacaíocht á tabhairt dóibh sa bhabhta seo:

  • Tionscadal litearthachta do dhaoine fásta le craoladh ar RTÉ Radio 1 Extra, “A Tale Untold”, ina mbreathnaítear ar litearthacht daoine fásta agus ina bpléitear scéalta agus dánta ó sheirbhís na hÁisíneachta Náisiúnta Litearthachta d’Aosaigh, ón dalta is nuaí go dtí iad siúd is mó taithí.
  • Tionscadal clár faisnéise teilifíse trí chuid, “John Connors’ Acting Academy”, le craoladh ar RTÉ 2, a bhfuil sé mar aidhm leis díriú ar dhaoine óga ó phobail imeallaithe nach bhfaigheann an deis a bheith ar an scáileán.
  • Tionscadal fadscannán drámaíochta grinn, “Cutters”, lonnaithe i ngruagaire i lár chathair Bhaile Átha Cliath.
  • Sraith 12 pháirt le craoladh ar Raidió Corca Baiscinn, “Gramadach gan dua 2”, ina n-úsáidfear an Ghaeilge mar ghné lárnach a bhfuil sé mar aidhm leis Gaeilge an éisteora a fheabhsú.
  • “State of Flux”, le craoladh ar Theilifís an Oireachtais, ar clár oideachais dátheangach é ina scrúdaítear díospóireacht an Chonartha trí dhráma agus clár faisnéise a mheascadh, chun léargais ealaíonta chúlra a thabhairt.
  • Clár faisnéise ceannródaíoch trí pháirt do TG4, “CSI na hÉireann”, ina bhfiosrófar na scéalta daonna ó amanna éagsúla inár stair.
  • Sraith theilifíse ceithre pháirt, “Prison Breaks”, le craoladh ar Virgin Media One, ina scrúdaítear an Prison Entrepreneurship Programme i bPríosún Pháirc na Cruithneachta agus a bhfuil sé mar aidhm leis dearcadh malartach a thabhairt don lucht féachana ar choirpigh agus ar a n-athshlánú, agus déantar cur síos freisin ar saol tar éis iad a scaoileadh amach.
  • An tionscadal Learning Waves, “Seachtain Idirbhliana na Meán in 2019”, ina gcruthóidh 225 Scoláire Idirbhliana 30 uair an chloig de raidió agus a bhfuil sé mar aidhm leis litearthacht sna meáin a ardú i measc an ghrúpa agus lucht éisteachta níos leithne. Beidh 15 stáisiún ón earnáil raidió tráchtála neamhspleách páirteach sa tsraith.

Agus é ag labhairt faoi fhógra an mhaoinithe, dúirt Michael O’ Keeffe, Príomhfheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann: “Tá áthas orainn an maoiniú a fhógairt inniu agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na hiarrthóirí rathúla ar fad sa Bhabhta seo. Tríd an bpacáiste moltaí seo, leanann an tÚdarás ag tacú le táirgeadh ábhar ardchaighdeáin, éagsúil agus ábhartha go cultúrtha le go mbainfidh lucht éisteachta agus féachana na hÉireann taitneamh as. In 2018 amháin, leithdháil an tÚdarás beagnach €12m ó tháille an cheadúnais teilifíse chun tacú le forbairt cláir theilifíse agus raidió ardchaighdeáin faoi théamaí chultúr, oidhreacht agus thaithí na hÉireann agus tuiscint ar na meáin a fheabhsú.”

Sa chéad bhabhta eile d’Fhuaim agus Fís (Babhta 33) atá ag teacht chun cinn, tá an tÚdarás ag spreagadh tionscadail a insíonn/a bhaineann le scéalta na mban.  Cé go bhfuil an babhta seo oscailte do gach iarratas a thagann le critéir na scéime ginearálta, díreofar go háirithe ar iarratais a bhaineann le scéalta na mban. Chuige sin, táthar ag iarraidh deis a thabhairt chun an scéal a leathnú amach, carachtair mná nach bhfacthas roimhe seo a chur i láthair do lucht éisteachta agus féachana na hÉireann, agus scéalta difriúla agus guthanna difriúla a chur chun cinn tríd is tríd.  Tá tuilleadh faisnéise ar fáil sa treoir nuashonraithe d’iarrthóirí agus san fhoirm iarratais ar shuíomh gréasáin Údarás Craolacháin na hÉireann.

Cuirfidh Údarás Craolacháin na hÉireann tús anois le hidirbheartaíocht conarthaí leis na hiarratasóirí ar éirigh leo. Tá liosta iomlán de na tionscadail ar fad ar tairgeadh maoiniú dóibh ar fáil lena íoslódáil anseo.

I gcomhair tuilleadh faisnéise, tabhair cuairt ar www.bai.ie.

 

CRÍOCH

Teagmháil: Tony Heffernan, DHR Communications, Teil: 01-4200580 / 087-2399508