
D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) sonraí inniu (an 22 Eanáir) faoin bpacáiste is déanaí moltaí faoin Scéim Sound & Vision, moltaí ar dhaingnigh an tÚdarás iad ag an gcruinniú dá chuid an 21 Eanáir.
Ag teacht sna sála ar phróiseas mionsonraithe measúnachta, tá cistiú ar fiú €5.248m é leithdháilte anois ar 99 dtionscadal. Tá €4.804m leithdháilte ar 27 dtionscadal teilifíse agus tá cistiú dar luach €444,000 bronnta ar 72 thionscadal raidió. Fuarthas 221 iarratas an babhta seo – arb é an 25ú babhta faoin scéim – agus cistiú iomlán €25.7m á iarraidh iontu. I measc na réimsí a cuimsíodh sna hiarratais, bhí cláir faisnéise, drámaíocht, siamsaíocht, oideachas agus beochan.
Áirítear iad seo a leanas le roinnt gnéithe suntasacha den bhabhta reatha:
· Tá 66 chlár faisnéise ar áireamh sa phacáiste dámhachtainí (13 thionscadal teilifíse agus 53 thionscadal raidió).
· Áirítear leis an bpacáiste teilifíse ceithre ghnéthionscadal faisnéise ina bhféachtar ar shaol agus ar oidhreacht Hugh Lane, Ivor Browne, John Hume agus Dolours Price.
· Áirítear leis an bpacáiste dámhachtainí 15 thionscadal drámaíochta, 10 dtionscadal raidió agus 5 thionscadal teilifíse.
· Tá dhá chlár drámaíochta Gaeilge ann do TG4 freisin, lena n-áirítear an dara sraith den chlár ‘An Klondike’, clár ar glacadh go maith leis agus a bhfuil an chéad sraith de ar fáil do mhórlucht féachana ar Netflix faoin teideal ‘Dominion Creek’.
Ag labhairt dó faoin bhfógairt, dúirt Michael O’Keeffe, Príomhfheidhmeannach an BAI: “Is é seo an tríú babhta atá curtha i gcrích ó cuireadh athbhreithnithe ar an Scéim Sound & Vision chun feidhme ag tús na bliana seo caite. Cé gur airde an t-éileamh ná an soláthar i ngach babhta go fóill, tá cáilíocht na n-iarratas fós an-ard, go príomha mar gheall ar an dianchomórtas do chistí. Tá an-áthas ar an BAI a bheith in ann arís eile an leithdháileadh táscach a shárú faoi €500k. Bhíothas in ann déanamh amhlaidh mar gheall ar bhainistíocht chúramach an chiste, rud a thagann as an táille ceadúnais teilifíse.
“Tá bród ar an BAI as an rannchuidiú atá á dhéanamh ag an Scéim Sound & Vision maidir le léirithe teilifíse agus raidió ar ardchaighdeán a chur ar fáil agus maidir le tacaíocht cistiúcháin a chur ar fáil do thionscadail amhail an scannán ‘Brooklyn’, atá ainmnithe le haghaidh dhámhachtain Oscar. Tá an Scéim ag tacú le raon de thionscadail chomórtha 1916 freisin, lena n-áirítear an clár ‘Rebellion’, a mbíonn lucht féachana mór ag amharc air ar RTÉ1, agus EIPIC, dráma sé chlár atá dírithe go sonrach ar lucht féachana óg agus ar glacadh go maith leis ag réamhléiriú i gcoláistí níos luaithe an mhí seo.”
Cuirfidh an BAI tús le hidirbheartaíocht chonarthach le gach iarratas rathúil. Tá liosta iomlán ar fáil anseoDownload de na tionscadail a bhfuil cistiú á thairiscint dóibh.
-Críoch-
Ceisteanna ó na Meáin le cur ar:
Tony Heffernan/Catherine Heaney
DHR Communications
01 4200580/ 087 2399508/ 087 2309835