Méadú mór ar an líon daoine óga a úsáideann an Teilifís mar an phríomhfhoinse nuachta acu – An Tuarascáil ar an Nuacht Dhigiteach ag Institiúid Reuters (Éire)

Cuimsiú sonraí Éireannacha á maoiniú ag BAI i dtuarascáil idirnáisiúnta don seachtú bliain
Tá méadú faoi dhó, beagnach, tagtha in 2021 ar an gcéatadán de dhaoine óga a luann an Teilifís mar an phríomhfhoinse nuachta acu. Níl anseo ach ceann de na torthaí ar an Tuarascáil ar an Nuacht Dhigiteach ag Institiúid Reuters (Éire) 2021, a lainseálfar ar maidin (23.06.21) ag ócáid ar líne ag Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI). Fuarthas amach chomh maith leis an taighde ar bhreis is 2,000 duine in Éirinn gurb é WhatsApp an t-ardán meán sóisialta is mó a bhfuil tóir air in Éirinn, mar go bhfuil sé dulta chun cinn ar Facebook, agus go bhfuil suim níos mó ag tomhaltóirí nuachta na hÉireann sa nuacht agus gur mó an dóchúlacht go n-íocfaidh siad as nuacht ná a macasamhlacha san Eoraip nó sa RA.
Is é an Tuarascáil ar an Nuacht Dhigiteach ag Institiúid Reuters an staidéar comparáideach leanúnach ar thomhaltas nuachta is mó ar domhan. Tá sonraí na hÉireann ina gcuid den suirbhé mór a seoladh i 46 tír. Éascaíodh rannpháirtíocht na hÉireann le hurraíocht BAI don seachtú bliain, agus rinne taighdeoirí as an Institiúid do Thodhchaí na Meán, Daonlathas agus Sochaí (FuJo) ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath anailís ar shonraí na hÉireann. Áirítear ar an taighde anailís ar threochtaí idirnáisiúnta agus Éireannacha i measc lucht tomhailte nuachta ar líne; muinín sa bhfoinsí nuachta agus íoc as nuacht. Próifíleofar tomhaltóirí Éireannacha agus a suimeanna agus a ngafacht le nuacht agus teicneolaíocht i dtuarascáil na bliana seo; a bhfoinsí agus a ngléasanna; a ndearcthaí i leith muiníne, bréagaisnéise agus íoc as nuacht; sonraí nua faoi bhrandaí, aimsiú agus na meáin shóisialta agus tionchar COVID-19 ar thomhailt na meán nuachta in Éirinn.
Áirítear ar na príomhthorthaí:
- Suim i nuacht: Dúirt70% de na freagróirí Éireannacha go raibh an-shuim go deo nó an-shuim acu i nuacht, méadú de chúig faoin gcéad ar fhigiúirí 2020. Tá an céatadán de na freagróirí Éireannacha a bhfuil suim acu sa nuacht níos airde ná an meánfhigiúr san AE (60%); sa RA (51%) agus i Meiriceá Thuaidh (54%).
- Foinsí nuachta: Tá an líon tomhaltóirí in Éirinn a luann an teilifís mar an phríomhfhoinse nuachta acu méadaithe de hocht bpointe céatadáin go dtí 41%. Ar líne an chéad fhoinse nuachta eile is mó a roghnaítear (meáin shóisialta agus blaganna as an áireamh), luaite ag 29% (gan aon athrú air ó 2020) agus meáin shóisialta, luaite ag 16%, íslithe de cheithre phointe céatadáin ó 2020. Tá an líon tomhaltóirí a luann an raidió mar an phríomhfhoinse nuachta acu laghdaithe de cheithre phointe céatadáin go dtí 9%, agus tá an líon a luann nuachtáin chlóite laghdaithe de dhá phointe céatadáin go dtí 4%. Tá méadú tagtha thar na haois-ghrúpaí ar fad ar an líon daoine a luann an Teilifís mar an phríomhfhoinse nuachta acu, agus an méadú ba mhó taifeadta i measc an aois-ghrúpa 18-24 bliain d’aois, méadaithe de 13 pointe céatadáin ó 2020, go dtí 28%. Is iad na meáin shóisialta a bhí thíos leis seo ar an mór gcóir, mar go raibh laghdú de 15 pointe céatadáin orthu go dtí 31% i gcás an chohóirt seo.
- Muinín sa nuacht: Tá méadú de chúig phointe céatadáin tagtha ar na leibhéil muiníne poiblí sa nuacht in Éirinn thar an bhliain seo caite, mar gur léirigh 53% de na freagróirí leibhéil dhearfacha muiníne sna meáin nuachta, iad ag aontú nó ag aontú go láidir leis an ráiteas ‘is féidir leat muinín a chur sa chuid is mó den nuacht an chuid is mó den am’. Tá an leibhéal muiníne sna meáin níos airde in Éirinn ná mar atá sé san AE (45%); sa RA (37%) agus i Meiriceá Thuaidh (37%).
- Neodracht sa nuacht: Maidir leis an gceist ar cheart do na meáin nuachta seasamh neodrach a ghlacadh nuair a bhíonn siad ag tuairisciú faoi cheisteanna sóisialta agus polaitiúla, fuair an tuarascáil amach gur fearr le freagróirí atá níos aosta tuarascálacha neodracha nuachta, agus go mbíonn claonadh ann i measc daoine óga chun creideamh nach inmhianaithe an rud é bheith neamhchlaonta go daingean ar cheisteanna áirithe. Creideann breis is leath na bhfreagróirí i ngach catagóir aoise ó 35+ go mba cheart do sholáthraithe nuachta iarracht a dhéanamh bheith neamhchlaonta maidir le gach ceist, ach bhí an dearcadh seo ag beagán níos lú ná a leath sna catagóirí aoise 18 – 24 (46%) agus 25 – 34 (49%).
- Íoc as nuacht: Tá an líon tomhaltóirí in Éirinn a íocann as suibscríbhinní nó rochtain nuachta méadaithe de cheithre phointe céatadáin go dtí 16%. Tá tomhaltóirí in Éirinn níos toilteanaí ná a macasamhlacha san AE (15%) nó sa RA (8%) íoc as nuacht. Tá 17% de na tomhaltóirí i Meiriceá Thuaidh toilteanach íoc as nuacht, thíos aon phointe céatadáin amháin ó 2020. Tá méadú tagtha i ngach aois-ghrúpa ar a líon siúd a shuibscríobh, a bhronn, nó a d’íoc eagraíocht nuachta chun amharc ar ábhar. As a líon siúd a d’íoc as nuacht le linn na bliana seo caite, is mó an dóchúlacht go ndéanfaidh siad siúd nach dtuilleann ach ioncam íseal (níos lú ná €20,000) rochtain ar aon fhoinse nuachta amháin, agus is minice a íocann lucht tuillte meánioncaim nó ardioncaim as foinsí iolracha nuachta. D’íoc 3% de lucht tuillte meánioncaim nó ardioncaim as rochtain ar bhreis is cúig fhoinse nuachta.
- Staid airgeadais eagraíochtaí tráchtála nuachta: Dúirt 37% de na freagróirí in Éirinn go raibh an-imní nó imní mór go leor orthu faoi staid airgeadais eagraíochtaí tráchtála nuachta in Éirinn i gcomparáid le 28% san AE; 26% sa RA; agus 33% i Meiriceá Thuaidh. Dúirt 34% de fhreagróirí in Éirinn, áfach, go gcreideann siad go bhfuil eagraíochtaí nuachta níos brabúsaí nó a bheag nó a mhór chomh brabúsach céanna is a bhí siad 10 mbliana ó shin. Dúirt 29% de na freagróirí in Éirinn nárbh eol dóibh go raibh deacrachtaí airgeadais ag na meáin, i gcomparáid le 35% san AE; 51% sa RA; agus 41% i Meiriceá Thuaidh. Bhí 32% de na freagróirí in Éirinn báúil le cúnamh ón Rialtas d’eagraíochtaí nuachta atá ar an ngannchuid.
- Gléasanna: In Éirinn, is é an príomhghléas chun rochtain ar nuacht ar líne i gcónaí an fón cliste (60% – thuas de thrí phointe céatadáin); agus ina dhiaidh sin an ríomhaire glúine nó deisce (27%); táibléad (11%).
- Bréagnuacht: Bhí freagróirí in Éirinn amhrasach go ginearálta faoi nuacht a fheiceann siad ar na meáin shóisialta, agus bhí 51% ag easaontú nó ag easaontú go láidir leis an ráiteas ‘is féidir leat muinín a chur sa nuacht ar na meáin shóisialta an chuid is mó den am’. Dúirt 75% díobh siúd a bhí san aois-ghrúpa 65+ go raibh siad ‘imníoch faoi cén rud a bhí fíor agus cén rud a bhí bréagach ar an idirlíon’, i gcomparáid le 55% díobh siúd in aois 18-24 bliain.
- COVID-19: I gcás lucht tomhailte nuachta in Éirinn, bhí COVID-19 ag barr an liosta d’fhaisnéis bhréagach nó míthreorach a chonacthas sa tseachtain seo caite (49%), le polaitíocht ina dhiaidh sin (28%), iomráitigh (25%) agus athrú aeráide nó an comhshaol (19%). I gcás na gcohórt óg (18-34 bliain d’aois), luadh gnáthdhaoine mar an fhoinse ba mhó a bhí ina chúis imní d’fhaisnéis bhréagach nó míthreorach faoi COVID-19; luadh gníomhaithe nó grúpaí gníomhaithe sa chatagóir seo i gcás aois-ghrúpaí 55+. Ba é Facebook an príomhardán ba mhó a bhí ina chúis imní maidir le faisnéis bhréagach nó míthreorach a bhí COVID-19-bhainteach (38%). I dtéarmaí foinsí faisnéise faoi COVID-19, dúirt 42% de na freagróirí go bhfuair siad faisnéis ó na heagraíochtaí náisiúnta sláinte (e.g. FSS); luaigh 40% eagraíochtaí nuachta agus luaigh 38% eolaithe, dochtúirí nó saineolaithe sláinte eile. Luaigh 36% an rialtas náisiúnta mar fhoinse faisnéise faoi COVID-19.
- Éagsúlacht & Léiriú: Den chéad uair, fiafraíodh de fhreagróirí cérbh é a dtuairim maidir leis an gcaoi a ndéantar iad a léiriú sa nuacht. Cuireadh ceist ar fhreagróirí maidir le sé thoise dá bhféiniúlacht: inscne; aois-ghrúpa; eitneacht; an áit ina gcónaíonn siad; dearcthaí polaitiúla; agus aicme shóisialta agus eacnamaíoch. Fiafraíodh díobh ar mheas siad go raibh dóthain clúdaigh de gach ceann de na toisí seo agus ar mheas siad go raibh an clúdach sin féaráilte. Nuair a cuireadh ceist orthu faoin gcaoi a léirítear a n-aois-ghrúpa féin, is é an aois-ghrúpa 45-54 ba mhó a bhí sásta (ní dúirt ach 16% nach raibh dóthain clúdaigh ann); os a choinne sin, is iad aosaigh óga d’aois 18-24 bliain ba mhó a bhí míshásta, mar go ndúirt 34% díobh nach raibh dóthain clúdaigh ann. As an gcatagóir chéanna sin aosach óg, bhraith 47% gur léiríodh go mífhéaráilte iad sna meáin nuachta, beagnach 20 pointe céatadáin níos airde ná an chéad chatagóir aoise eile (28% i measc daoine 25-34 bliain d’aois). I dtéarmaí tuairimí maidir le féaráilteacht sa chlúdach do “dhaoine as an aicme shoch-eacnamaíoch agatsa,” ina measc siúd nach dtuilleann ach ioncam íseal, níor mheas ach 48% gur léiríodh a n-aicme shoch-eacnamaíoch go féaráilte, i gcomparáid le 69% de lucht tuillte ardioncaim. Ag an am céanna, creideann 67% de lucht tuillte ardioncaim go bhfaigheann siad leibhéil leormhaithe clúdaigh, ach níor mheas ach 52% díobh siúd nach dtuilleann ach ioncam íseal an rud céanna.
- Éagsúlacht Inscne & Sonraí Reuters: Is príomhréimse fócais don BAI í an éagsúlacht, go háirithe léiriú inscne sna meáin. I mbliana, chomh maith leis an Tuarascáil ar an Nuacht Dhigiteach, rinne an BAI Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a choimisiúnú chun iniúchadh níos doimhe a dhéanamh ar inscne agus éagsúlacht i gcomhthéacs sonraí Éireannacha Reuters ó 2016 ar aghaidh. Go háirithe, tá suim ag an BAI tuiscint a fháil ar dhearcadh na mban i leith na nuachta agus an ghafacht a mbíonn acu le nuacht. Foilseofar an tuarascáil seo níos déanaí sa bhliain.
Ag trácht di, dúirt Leas-phríomhfheidhmeannach BAI, Celene Craig: “Tá sé mar phríomhchuspóir Ráitis Straitéise BAI 2021-2023 éascú le meascán guthanna, tuairimí, agus foinsí nuachta agus cúrsaí reatha a chuireann le díospóireacht dhaonlathach agus saoránacht ghníomhach. Tá sé ríthábhachtach chomh maith chun a chinntiú go mbíonn éiceachóras sláintiúil nuachta in Éirinn. Tá an Tuarascáil ar an Nuacht Dhigiteach ag Institiúid Reuters ar cheann de na tionscadail taighde ar ábhar tras-ardán is suntasaí atá á reáchtáil in Éirinn agus féadtar dá bharr forbairtí in Éirinn a rianú go bliantúil agus amharc orthu i gcomhthéacs domhanda. Cuirtear i láthair le tuarascáil na bliana seo torthaí soiléire maidir leis an gcaoi a ndeachaigh paindéim COVID-19 i gcion ar éiceachóras nuachta na hÉireann. Tugann sé léargais ar an gcaoi ar oiriúnaigh an tsochaí í féin do na hathruithe agus ardaíonn sé ceisteanna faoi thionchar fadtéarmach na n-athruithe seo ar na bealaí a bhfoinsítear nuacht, agus ina ndéantar rochtain, tomhailt agus maoiniú air in Éirinn.
“Aibhsítear leis an tuarascáil chomh maith na dúshláin atá ann, agus iad dulta in olcas leis an bpaindéim, maidir le héiceachóras inmharthana nuachta a chothú in Éirinn, a fhónfaidh ar éagsúlacht na sochaí in Éirinn agus a léireoidh agus a fháilteoidh roimh an éagsúlacht sin, agus aibhsíonn an tuarascáil chomh maith go mbeidh réitigh shamhlaíocha ag teastáil má táthar chun iolracht a chothú. Bíodh is nach gcuireann an tuarascáil réiteach ar fáil ar na dúshláin seo ar fad, tugann sé fianaise shoiléir ar na dúshláin agus ar luas an athraithe. Tugann sé le fios chomh maith réimsí inarbh fhiú tuilleadh taighde agus anailíse. Tá BAI ag tacú leis an taighde seo i gcónaí, mar go gcuireann sé ar fáil léargais chriticiúla a bheidh mar threoir ag BAI chun tírdhreach de na meáin a bheidh ionadaíoch d’éagsúlacht na sochaí Éireannaí, agus inrochtana di, a sheachadadh.”
Dúirt an príomhthaighdeoir, an tOllamh Colleen Murrell as FuJo: “Léiríodh dúinn le linn na bliana seo caite cé chomh tábhachtach is atá an ról a bhíonn ag cnuasach gairmiúil nuachta maidir le muintir na hÉireann a chur ar an eolas faoi cheisteanna criticiúla a bhaineann le scaipeadh COVID-19. Bíodh is go meastar uaireanta go bhfuil tuairisceoirí iomarcach, mar gur féidir le hairí rialtais agus eolaithe na laethanta seo labhairt go díreach leis na daoine trí ardáin iolracha ar na meáin, tugann na sonraí atá againne le fios gur mian le tomhaltóirí na hÉireann a n-ionadaithe tofa, mar aon le heolaithe sinsearacha, a fheiceáil á gceistiú agus a mbeartais á scrúdú ag iriseoirí gairmiúla.
Dúirt sí freisin: “Léirítear leis an taighde gur cuireadh tomhaltóirí na hÉireann ar ais chuig brandaí iontaofa in 2021 agus gur éirigh siad níos amhrasaí faoi bhréagfhaisnéis agus mífhaisnéis a thagann as ardáin na meán sóisialta. Tugann sé tógáil croí dom a fheiceáil go bhfuil fás ag teacht ar an tsuim sa nuacht agus sa pholaitíocht – i measc na hóige ach go háirithe. Creidimid go mb’fhéidir go bhfuil an méadú ollmhór ar an líon tomhaltóirí a luaigh an Teilifís mar an phríomhfhoinse nuachta acu bainteach le hiad bheith tar éis bogadh abhaile agus am a chaitheamh in éineacht lena muintir a bhfuil an Teilifís ar siúl acu le haghaidh faisnéisithe sláinte agus feasachán nuachta. Tá súil againn go mbeidh an taighde seo atá dírithe ar thomhaltóirí na hÉireann ina chabhair d’úinéirí na meán, iriseoirí, acadaimh, múinteoirí, iad siúd atá gafa le litearthacht sna meáin agus iad siúd a bhíonn ag obair i réimse an bheartais maidir leis na meáin.”
Beidh an Tuarascáil ar an Nuacht Dhigiteach ag Institiúid Reuters (Éire) 2021, ar fáil anseo. Tá grafaic faisnéise a léiríonn roinnt príomhthorthaí na tuarascála ar fáil le híoslódáil anseo.
CRÍOCH
Teagmhálaí: Joanne Ahern / Thelma Harris, DHR Communications, Teil: 087-9881837 / 083-0517622.
Gach ceist eile: BAI, 01-6441200.