Ráiteas Stratéise
Tá díriú obair an BAI le sonrú i gcúig théama straitéiseacha uileghabhálacha agus cúig chuspóir ardleibhéil déag. Tugtar cuntas ar na téamaí, cuspóirí agus a dtorthaí gaolmhara ar an leathanach seo. Baineann a chomhionann de thábhacht le gach ceann de na cúig théama agus tá siad dírithe i dtreo bhaint amach fhís straitéiseach an BAI. Is féidir teacht ar chóip den Ráiteas Straitéise 2021-2023 ón BAI ach cliceáil anseo.
An lolarthacht agus an Éagsúlacht a Chur chun Cinn
Cuspóir Straitéiseach 1 – Éascaíocht a dhéanamh do mheascán de ghuthanna, de thuairimí agus d’fhoinsí nuachta agus cúrsaí sna meáin fuaime agus closamhairc a fheabhsaíonn an díospóireacht dhaonlathach agus an tsaoránacht ghníomhach in Éirinn.
Toradh
- Tá an meascán de ghuthanna, de thuairimí agus d’fhoinsí ábhair nuachta agus cúrsaí reatha láidir agus déantar muinín san iriseoireacht a chothú agus a chaomhnú.
Cuspóir Straitéiseach 2 – Méadú a dhéanamh ar tháirgeadh, infhaighteacht agus suntasacht ábhair iomchuí fuaime agus closamhairc do lucht féachana agus éisteachta uile na hÉireann.
Toradh
- Tá méadú tagtha ar raon agus foinsí an ábhair fuaime agus closamhairc atá iomchuí ó thaobh an chultúir de, lena n-áirítear ábhar sa Ghaeilge, atá ar fáil don lucht féachana agus éisteachta.
Cuspóir Straitéiseach 3 – Tírdhreach meán a chothú a léireoidh éagsúlacht shochaí na hÉireann agus is inrochtana ag an gcéanna.
Toradh
- Tá meáin fuaime agus closamhairc na hÉireann níos éagsúla ó thaobh a n-ábhair de, ó thaobh na ndaoine atá ag cur i láthair ar an aer agus a bhfuil baint acu lena dtáirgeadh.
Cuspóir Straitéiseach 4 – Cláir ardchaighdeáin sa Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn.
Toradh
- Beidh ábhar ardchaighdeáin as Gaeilge, lena n-áirítear nuacht agus cúrsaí reatha agus ábhar don lucht féachana agus éisteachta óg, ar fáil ar mheáin éagsúla.
Barr Feabhais agus Cuntasacht a Bhaint Amach
Cuspóir Straitéiseach 5 – Rialáil a dhéanamh chun earnáil craolacháin fhreagrach chuntasach a bhaint amach.
Torthaí
- Is rialtóir iontaofa é BAI dar leis na páirtithe leasmhara go léir.
- Léiríonn an earnáil craolacháin cuntasacht agus freagracht láidir.
Cuspóir Straitéiseach 6 – Ardchaighdeáin cleachtais comhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta a threorú, a shamhaltú agus a chur chun cinn i gcomhréir le Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SFI).
Torthaí
- Tá cleachtais agus sásraí tuairiscithe trédhearcacha bunaithe ag BAI a léiríonn rannpháirtíocht ard ag BAI le SFI na Náisiún Aontaithe.
- Chuidigh BAI leis an earnáil craolacháin chun Líonra Inbhuanaitheachta a fhorbairt a léiríonn feasacht fhónta i dtaobh an chleachtais maidir le spriocanna forbartha inbhuanaithe agus rannpháirtíocht fhónta sa chéanna.
Cuspóir Straitéiseach 7 – Ardchaighdeáin cleachtais rialachais a léiriú agus a chur chun cinn i gcomhréir leis an gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú (CCCSR).
Toradh
- Tá cleachtais agus sásraí tuairiscithe trédhearcacha bunaithe ag BAI a léiríonn go bhfuil CCCSR comhlíonta go hard ag BAI.
Cuspóir Straitéiseach 8 – Cleachtais rialála a fheabhsú chun an t-ualach rialála a laghdú.
Toradh
- Tá an rialáil comhréireach agus fónann sí do leas an phobail.
Ceannaireacht le linn Athrú
Cuspóir Straitéiseach 9 – Díospóireacht a threorú agus tionchar a imirt ar fhorbairt beartais maidir leis an gcreat reachtach agus rialála amach anseo do sheirbhísí meán digiteach agus craolacháin.
Torthaí
- D’úsáid BAI a chuid eolais agus saineolais le linn dó bheith ag comhoibriú le páirtithe leasmhara náisiúnta agus idirnáisiúnta chun an córas rialála amach anseo d’ardáin chraolta agus ar líne a fhorbairt agus chun a bheartais meán digiteach a athrú chun freastal ar riachtanais an lucht féachana, éisteachta agus an úsáideora.
- Measann páirtithe leasmhara gur glór eolasach, údarásach agus ceannasach é BAI maidir le rialáil na meán de.
Cuspóir Straitéiseac 10 – Freagairt agus dul in oiriúint d’fhorbairtí agus cumarsáid a dhéanamh i dtaobh forbairtí, sa timpeallacht níos leithne, agus tionchair ar an eagraíocht, ar an earnáil agus ar an lucht féachana agus éisteachta a thuar agus a mheasúnu.
Toradh
- Tá páirtithe leasmhara BAI muiníneach go bhfaighidh siad freagraí rialála a bheidh bunaithe ar fhianaise, agus a bheidh tráthúil agus comhréireach.
Cuspóir Straitéiseac 11 – Foireann an BAI a stiúradh, beartais, cleachtais agus próisis BAI a athbhreithniú agus a bhunathrú mar ullmhúchán dá chomhtháthú isteach sa Choimisiún Meán nua.
Toradh
- Tá cultúr láidir ceannaireachta, foghlama agus feidhmíochta ag BAI mar aon le lucht saothair lúfar, spreagtha agus eolasach a thacóidh le BAI chun é a chomhtháthú go hiomlán isteach sa Choimisiún Meán nua.
An Lucht Féachana agus Éisteachta a Threisiú
Cuspóir Straitéiseac 12 – An tuiscint, an rannpháirtíocht agus an páirteachas atá ag an bpobal i dtírdhreach na meán a fhorbairt agus litearthacht sna meáin a chur chun cinn.
Toradh
- Tá baint níos mó ag an lucht féachana agus éisteachta in Éirinn le hábhar fuaime agus closamhairc, tá níos mó eolais agus tuisceana acu ar an gcéanna agus rannpháirtíocht níos mó acu leis an gcéanna.
Cuspóir Straitéiseac 13 – An pobal agus páirtithe leasmhara de chuid BAI a chur ar an eolas agus caidreamh a dhéanamh leo ar an athbhreithniú agus ar an athmheas (de réir mar is cuí) ar Chóid, Rialacha agus Beartais BAI.
Torthaí
- Tá eolas agus tuiscint níos fearr ag an bpobal ar chóid agus rialacha BAI, agus ar na luachanna atá mar bhonn leo.
- Tá breis rannpháirtíochta ag an bpobal i bpróisis rialála BAI.
An Nuálaíocht agus an Inbhuanaitheacht Earnála a Threisiú
Cuspóir Straitéiseac 14 – An chruthaitheacht agus an nuálaíocht a mhéadú mar ghnéithe sainiúla d’earnálacha fuaime agus closamhairc na hÉireann.
Toradh
- Tá an chruthaitheacht agus an nuálaíocht ina bhfócas do ghníomhaíochtaí tacaíochta earnála BAI (lena n-áirítear an Scéim um Maoiniú Craolacháin agus Forbairt Earnála BAI).
Cuspóir Straitéiseac 15 – Tacú le hinbhuanaitheacht airgeadais fheabhsaithe a bhaint amach d’earnálacha fuaime agus closamhairc na hÉireann.
Toradh
- Tá inmharthanacht fhadtéarmach na n-earnálacha fuaime agus closamhairc in Éirinn feabhsaithe ag tionscnaimh de chuid BAI sa réimse seo.
Cáipéisíocht Tacaíochta
Thug an BAI faoi chomhairliúchán poiblí chun eolas a sholáthar d’fhorbairt a Ráitis Straitéise 2021-2023. Tá an BAI ag ullmhú plean oibre ardleibhéil trí bliana chun tacú le baint amach na gcuspóirí straitéiseacha a luaitear agus foilseofar an phlean oibre ar an suíomh seo go luath.
Chun cóip de ráiteas straitéise BAI 2021-2023 maidir le priontáil / gléasanna soghluaiste a íoslódáil cliceáil anseo le do thoil.