An díospóireacht phoiblí a chothú agus an beartas a mhúnlú chun éascú do thírdhreach bríomhar dinimiciúil sna meáin
- Éascú do mheascán glórtha, tuairimí agus foinsí nuachta agus cúrsaí reatha sna meáin chlosamhairc lena bhfeabhsaítear an díospóireacht dhaonlathach agus an tsaoránacht ghníomhach in Éirinn.
- Clárúchán den scoth sa Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn
- Tírdhreach a chothú sna meáin arb ionadaíoch agus inrochtana d’éagsúlacht sochaí na hÉireann
- Tuiscint, rannpháirtíocht agus rannpháirteachas an phobail i dtírdhreach éabhlóideach na meán a fhorbairt
Is í fís an BAI do thírdhreach na meán in Éirinn ina léirítear agus lena múnlaítear an cineál daoine atá ionainn. Tá an friotal ‘an cineál daoine atá ionainn’ ceaptha chun ár n-oidhreacht teangeolaíochta agus chultúrtha uathúil a dhearbhú, agus gach sraith éagsúil agus ilíoch le féiniúlacht nó le féiniúlachtaí na hÉireann i saol domhanda a chuimsiú