
Chuir Coiste Bronnta Conarthaí Údarás Craolacháin na hÉireann (“an BAI”) fógra poiblí inniu (Dé Céadaoin, an 21 Samhain) i nuachtán náisiúnta ina lorgaítear iarratais conradh singil craolacháin fuaime a bhaint amach d’fhonn an dá sheirbhís craolacháin fuaime seo a leanas a sholáthar ar an mbanda FM:-
SEIRBHÍS RÉIGIÚNACH CRAOLACHÁIN FUAIME ATÁ BUNAITHE AR CHEOL
(DON ÓIGE) DON IARTHUAISCEART – (Sna contaetha seo: Dún na nGall, Liatroim, Sligeach, Maigh Eo, An Longfort, Ros Comáin agus Gaillimh)
Agus
SEIRBHÍS RÉIGIÚNACH CRAOLACHÁIN FUAIME ATÁ BUNAITHE AR CHEOL (DON ÓIGE) DON OIRTHUAISCEART & DO LÁR NA TÍRE – (An Lú, An Mhí, An Cabhán, Muineachán, Cill Dara, Laois Thoir Thuaidh, Uíbh Fhailí agus an Iarmhí).
Reáchtálfar an dá sheirbhís craolacháin fuaime faoi chonradh singil craolacháin fuaime. Ba cheart go gcuirfeadh na seirbhísí meascán de chláir cheoil agus chainte ar fáil, cláir a dhíríonn ach go háirithe ar éisteoirí san aoisghrúpa 15-34 sa cheantar saincheadúnais.
Tarraingítear aird ar na critéir ábhartha atá leagtha síos in Alt 66 den Acht 2009 agus ar na dualgais a fhorchuirfear ar iarratasóirí a n-éireoidh leo faoi na forálacha éagsúla den Acht 2009.
Tá Treoir maidir le hAighneachtaí chun Seirbhís Réigiúnach atá Bunaithe ar Cheol (don Óige) a sholáthar don Iarthuaisceart agus Treoir ar leith, Treoir maidir le hAighneachtaí chun Seirbhís Réigiúnach atá Bunaithe ar Cheol (don Óige) a sholáthar don Oirthuaisceart agus do Lár na Tíre, (“na Treoracha”) ar fáil ar shuíomh gréasáin an Údaráis (www.bai.ie) nó ach iad a iarraidh ó oifigí an Údaráis (seoladh ríomhphoist licensing@bai.ie nó glaoigh ar 01 644 1200). Tá eolas ábhartha eile i leith an nós imeachta iarratais ar fáil sa Treoir. Is féidir cóip den fhógra poiblí a fháil anseo.
Is é meánlae ar an Luan, an 25 Feabhra 2019 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Ba cheart d’iarratasóirí tabhairt faoi deara go bhforchoimeádann an tÚdarás an ceart gan conradh a bhronnadh.
-CRÍOCH-