
D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) inniu (28.04.17) mionsonraí den chistiú á thairiscint do sheacht gcraoltóir Pobail agus Leasphobail faoina Scéim Tacaíochta don Chraolachán Pobail.
Tá an Scéim deartha chun cur ar chumas na gcraoltóirí chun athbhreithnithe a dhéanamh lena gcuirfear ar aghaidh forbairt eagrúcháin a stáisiún. Táthar ag tairiscint cistiú iomlán ar fiú €21,610 é le seacht stáisiún rathúla: Community Radio Youghal (CRY); Cork Community Television (CCTV); Dublin South FM; Phoenix FM; ROS FM; Tipp Mid-West; agus, West Limerick FM. Rinne painéal measúnóirí iniúchadh ar na hiarratais, lenar áiríodh pearsanra neamhspleách, a rinne moltaí i leith an chistithe lena leithdháileadh.
Áirítear leis na cineálacha tionscnamh á gcistiú tionscadal chun dlúthbhaint an phobail a mhéadú; próiseas comhairliúcháin agus forbairt de chairt saorálaithe ina dhiaidh sin; dhá athbhreithniú eagrúcháin iomlána lena n-áirítear forbairt pleananna gnó; agus trí thionscadal taighde don lucht féachana chun an clárúchán agus an phleanáil straitéiseach a mhúnlú.
Ag labhairt dó faoin bhfógairt, dúirt Michael O’Keeffe, Príomhfheidhmeannach an BAI: “Rannchuireann dea-shaothar na seirbhísí Pobail agus Leasphobail timpeall na tíre go mór le tírdhreach craolacháin difriúil agus éagsúil na hÉireann, agus tá an BAI tiomanta chun tacú le forbairt leanúnach na stáisiún úd.
“Ba dheas linn an caighdeán ard a bhain leis na hiarratais a fuaireamar, agus aitheantas na gcraoltóirí don luach a bhaineann leis an taighde, athbhreithnithe agus meastóireachtaí chun a chinntiú go sásaítear éilimh na foirne, saorálaithe agus na bpobal anois agus amach anseo.”
CRÍOCH
Teagmháil: Sebastian Enke / Tony Heffernan, DHR Communications, Teil: 01-4200580 / 087-3239496 / 087-2399508
Nótaí d’Eagarthóirí
Liosta d’fhaighteoirí cistithe ón Scéim Tacaíochta Craolacháin Phobail agus d’achoimriú tionscadail:
Community Radio Youghal (CRY)
Déanfar meastóireacht sa tionscadal ar na seirbhísí a sholáthraíonn an stáisiún don phobal agus gheofar amach tuairimí an phobail i leith na gclár arna gcraoladh ag CRY. Is éard is aidhm leis an tionscadal ná chun dlúthbhaint an stáisiúin leis an bpobal a mhéadú, agus chun beartas clárúcháin na todhchaí a mhúnlú.
Cork Community Television (CCTV)
Déanfaidh comhairliúchán seachtrach athbhreithniú ar an stáisiún, lena n-áirítear pleananna gnó roimhe seo, airgeadas, comhaltaí agus saorálaithe. Dréachtóidh an comhairleach plean gnó a bheidh mar chúnamh leis an stáisiún do phleanáil na forbartha amach anseo. Ba chóir go gcabhródh an tionscadal leis an stáisiún chun éilimh na mball foirne, na saorálaithe agus na luchtanna féachana a shásamh.
Dublin South FM
Baineann suirbhéanna pobail agus fócasghrúpaí leis an tionscadal, a dhéanfar leis an aidhm chun an chaoi ina bhfreastalaíonn an stáisiún ar a sprioclucht éisteachta a mheastóireacht. Bainfear leas as an taighde chun chur chuige clárúcháin agus oibriúcháin an stáisiúin a mhúnlú, agus chun cúnamh le forbairt phlean trí bliana.
Phoenix FM
Déanfar taighde ar nósanna éisteachta phobal Bhaile Átha Cliath 15. Tiomsófar na torthaí i dtuarascáil a bheidh mar chúnamh leis an stáisiún chun sceideal na gclár a fhorbairt, chun freastal ar éilimh an phobail, agus a chloíonn le héiteas agus le misean an stáisiúin.
ROS FM
Déanfar measúnú sa tionscadal ar cé chomh maith agus a shásaíonn an stáisiún éilimh an phobail. Aithneofar sa tionscadal agus tabharfar aghaidh ar éilimh an phobail nach bhfuiltear á sásamh agus aibhseofar limistéir mar ar féidir feabhsúcháin a dhéanamh.
Tipp Mid-West
Is éard is aidhm leis an tionscadal ná chun tacaíocht a fheabhsú do shaorálaithe agus chun soiléiriú níos mó a sholáthar i leith a róil sa stáisiún. Déanfar próiseas comhairliúcháin le saorálaithe agus leis an lucht bainistíochta, agus dréachtófar cairt do shaorálaithe.
West Limerick FM
Rachaidh an stáisiún faoi athbhreithniú iomlán, lena n-áireofar craolachán agus ceantar saincheadúnais, oibríochtaí, foirniú, saorálaithe, ceantair ioncaim agus caiteachais. Is éard is toradh leis an tionscadal seo ná forbairt plean ghnó ar chóir go dtiocfadh rialachas agus comhlíonadh feabhsaithe as.