D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) sonraí inniu (an 9 Deireadh Fómhair) faoin bpacáiste moltaí is déanaí faoin Scéim Sound & Vision ar dhaingnigh an tÚdarás iad ag a chruinniú an 8 Deireadh Fómhair.
Tar éis mionphróiseas measúnaithe, leithdháileadh cistiú arbh ionann é agus €5.208m ar 114 thionscadal. Leithdháileadh €4.743m ar 26 thionscadal teilifíse agus bainfidh 88 dtionscadal raidió leas as cistiú atá cothrom le €465,000 san iomlán. Fuarthas 277 n-iarratas lenar iarradh cistiú is fiú €23.5m sa bhabhta seo den Scéim, arb é an 24ú babhta é.
Maidir leis an gcistiú a leithdháileadh, áiríodh leis na formáidí ar tacaíodh leo drámaíocht, cláir faisnéise, siamsaíocht, oideachas agus beochan. Áirítear na tionscadail seo le roinnt tionscadail shuntasacha sa bhabhta reatha:
• Tacaíocht chistiúcháin don dara sraith de Red Rock, a chraolfar ar TV3;
• Wildwoods, tionscadal leanaí ina gcuirtear síos ar eachtraí dhá phuipéad, a chraolfar ar RTÉjr;
• 11 dráma raidió a chraolfar ar stáisiúin tráchtála agus ar stáisiúin phobail;
• Jive, an dráma Gaeilge trí chuid, ina gcuirtear síos ar na hiarrachtaí a dhéanann bean amháin a fear céile a mharú le cabhair ó iarleannán;
• 60 clár faisnéise raidió lena bpléitear le hábhair éagsúla, lena n-áirítear baincéirí mná agus saol daoine breacaosta i dTiobraid Árann.
Ag labhairt ag an bhfógra dó, dúirt Michael O’Keeffe, Príomhfheidhmeannach an BAI: “Seo é an dara babhta a cuireadh i gcrích ó cuireadh leasuithe ar an Scéim Sound & Vision chun feidhme i dtús na bliana. Cé go bhfuil an iomarca iarratas á ndéanamh i ngach babhta fós, tá áthas ar an BAI bheith in ann an leithdháileadh iomlán a mhéadú sa bhliain 2015 ó €9.5m go €10.3m. Bhíothas in ann é sin a dhéanamh trí bhainistiú cúramach an chiste, a thagann ó tháillí ceadúnas teilifíse.
“Feabhsóidh na tionscadail a bhfuiltear ag tacú leo na sceidil raidió agus teilifíse ar leibhéal náisiúnta, áitiúil agus pobail agus creidim go gcuirfidh siad go mór le cáilíocht an lánais atá ar fáil don lucht féachana agus don lucht éisteachta in Éirinn.”
Tosóidh an BAI idirbheartaíocht conartha anois leis na hiarratasóirí go léir ar éirigh leo. Tá liosta iomlán de na tionscadail a bhfuil maoiniú á dtairiscint dóibh ar fáil anseo.
-Críoch-
Ceisteanna Meán chuig:
Catherine Heaney/Tony Heffernan
DHR Communications
01 4200580/ 087 2309835/ 087 2399508