D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) inniu (an 20.12.16) sonraí faoin bpacáiste is déanaí de mholtaí faoin Scéim Fuaim agus Fís a dhaingnigh an tÚdarás ag an gcruinniú is déanaí a bhí aige (an 15.12.16).
I ndiaidh próiseas mionsonraithe measúnaithe, leithdháileadh cistiú arb ionann agus €5.569m é ar 126 tionscadal. As seo, leithdháileadh €5.019m ar 30 tionscadal teilifíse, agus bainfidh 96 tionscadal raidió tairbhe de shuim €550,000 as.
Fuarthas thart ar 230 iarratas ar chistiú sa bhabhta seo den scéim, a lorg cistiú €19.396m. I gcaitheamh na gcúig bhabhta a oibríodh le dhá bhliain anuas, phróiseáil an BAI 1,315 iarratas agus b’ionann an cistiú iomlán a iarradh agus €119.5m.
Faoi mar a bhí i gceist le babhtaí roimhe seo, is é clár faisnéise an fhormáid is mó a dtacaítear léi agus tacaíodh le 62 tionscadal clár faisnéise raidió agus chomhroinn 15 thionscadal clár faisnéise teilifíse cistiú €2.06m. Leanann drámaíocht a bheith ar an dara formáid is mó a dtacaítear léi agus chomhroinn 17 dtionscadal raidió agus naoi dtionscadal teilifíse cistiú beagán de bhreis ar €1.7m. Chomh maith leis sin, leithdháileadh €1.022m, ar an iomlán, ar 15 thionscadal Siamsaíochta, agus leithdháileadh iomlán €464,000 agus €300,000, faoi seach, ar naoi dtionscadal Oideachais agus tionscadal Beochana amháin.
I measc roinnt tionscadail shuntasacha ar tacaíodh leo sa bhabhta reatha, tá an méid a leanas:
- Clár faisnéise teilifíse, ina measc clár maidir leis an gcaidreamh idir Cuideachta Ghluaisteán Ford agus Corcaigh, 100 bliain i ndiaidh gur bunaíodh an mhonarcha ann; clár faisnéise ar ‘Aois na Vótála’ ar RTÉ Bealach a hAon a fhiosróidh conas a chumhdaigh an teilifís olltoghchán 1918 agus clár le haghaidh TG4 faoin gceoltóir Noel Hill agus na dúshláin a bhí roimhe nuair a rinne sé an cinneadh chun bogadh go Conamara.
- Áirítear le cláir faisnéise i measc na gcainéal poiblí, tráchtála agus pobail sraith sé chuid faoin bhfiadhúlra i gCill Inniu sa lá atá inniu ann le haghaidh KFM, gnéchlár faoi dhul faoi uisce an SS Connemara i Loch Chairlinn i 1916 ar Dundalk FM agus clár faoi shaol fir de bhunadh an Chláir, JP Holland, a cheap an fomhuireán ar Raidió Corca Baiscinn.
- Tá san áireamh sa phacáiste drámaíochta an tríú sraith de Red Rock, a bhfuil ag éirí go geal leis ar TV3, gnéchlár faoin tsraith teilifíse grinn a bhfuil an-tóir air, ‘Damo and Ivor’ agus sraith raidió 25 cuid darb ainm ‘Cuan Slán’ a chraolfar ar stáisiún Críostaí Chorcaí, Life FM.
- Tabharfar cistiú do dheich dtionscadal siamsaíochta don teilifís agus cúig cinn don raidió, ina measc téic ghlúine de ‘Cór High Hopes’, a bhfuil ag éirí go rí-mhaith leis, ar a dtugtar ‘Age Gap’, a chraolfar ar RTÉ Bealach a hAon agus ‘Sunday at Noon’, a chraolfar ar Near FM, ina mbeidh ceolchoirmeacha traidisiúnta agus comhaimseartha i gceist ó Dhánlann Hugh Lane.
Ag trácht dó ar an bhfógra, dúirt Príomhfheidhmeannach an BAI, Michael O’Keeffe, an méid a leanas: “Ó seoladh an Scéim Cistithe Craolacháin, Fuaim agus Fís 3, go luath in 2015, leithdháileadh €27m i measc cúig bhabhta chun tacú le 583 tionscadal. Ar an iomlán, is ionann seo agus breis agus trí huaire níos mó ná an leithdháileadh táscach in Eanáir 2015 agus is deas linn go rabhthas in ann an méadú seo a bhaint amach a bhuíochas le bainistiú cúramach a dhéanamh ar thacaíochtaí agus tionscnaimh chistithe an BAI.
“Leanann an scéim le tacaíocht láidir a sholáthar chun cláir faisnéise agus drámaíocht a léiriú. Laistigh de na seánraí seo, leanann feabhas ag teacht ar an éagsúlacht, agus leantar leis an bpríomhbhéim a leagan ar an Stair/an Oidhreacht. Tugtar faoi deara gur tháinig méadú ar an seánra Eolaíocht/an Dúlra/an Comhshaol, go háirithe san earnáil raidió, agus cuirtear fáilte roimhe seo.
“Baineann an pacáiste bronntaí caighdeán an-ard amach agus freastalaíonn sé ar lucht féachana éagsúil agus soláthraíonn sé éagsúlacht fhairsing d’ábhar agus d’fhriotal.”
Tá liosta iomlán de na tionscadail a bhfuil cistiú á thairiscint dóibh ar fáil le híoslódáil anseo.
Chun teacht ar bhreis faisnéise, tabhair cuairt ar www.bai.ie.
CRÍOCH
Teagmháil: Tony Heffernan / Sebastian Enke, DHR Communications, Guthán: 01-4200580 / 087- 239 9508 / 087-3239496.