Leagtar béim i dtuarascáil nua ar neamhréireachtaí ar fud ardáin dhigiteacha maidir le dul i ngleic leis an mbréagaisnéis

Ní mór d’ardáin dhigiteacha breis tiomantais a thabhairt i leith conas mar a dhéanann siad lipéadú ar ábhar iontaofa chun tomhaltóirí a chumhachtú agus chun tionchar díobhálach na bréagaisnéise ar an tsochaí a laghdú. Sin é a deirtear in CodeCheck 2020, tuarascáil nua taighde, a choimisiúnaigh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) agus a ghabh an Institiúid um Meáin Chumarsáide agus Iriseoireacht sa Todhchaí (FuJo) in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) de láimh, agus a foilsíodh inniu (27.04.20).

Rinneadh scrúdú sa taighde sin ar an dul chun cinn atá déanta ag Facebook, Google, Twitter agus Microsoft agus iad ag dréim leis an bhfreagracht atá orthu as an ábhar a iompraítear agus a chuirtear chun cinn ar a gcuid seirbhísí in Éirinn a mhéadú, trína dtiomantas don Chód Cleachtais Eorpach féinrialaitheach maidir le Bréagaisnéis. Tá sé de chuspóir ag an gCód aghaidh a thabhairt ar scaipeadh na bréagaisnéise agus na bréagnuachta ar líne. Gabhadh an taighde de láimh mar chuid de thionscadal níos leithne de chuid an AE, ar cuspóir dó cúnamh a thabhairt don Choimisiún Eorpach chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht chur i ngníomh an Chóid.

Mar chuid den taighde a ghabh FuJo de láimh, rinneadh anailís agus measúnú ar iarrachtaí a rinne Facebook, Google, Twitter agus Microsoft chun a ngealltanais don Chód a bhaint amach in Éirinn in imeacht tréimhse 12 mhí anuas go dtí Samhain 2019. Féachadh sa taighde lena fhíorú an ndearnadh bearta a leagtar amach i dtuarascálacha féinmheasúnúcháin ar fud na hEorpa, arna gcur isteach ag gach ceann de na hardáin, a chur i gcrích in Éirinn le linn na tréimhse ama sin. Díríodh sa taighde ar ghealltanais sa Chód i leith tomhaltóirí agus an lucht taighde a chumhachtú. Leagadh béim shonrach i dtuarascáil roimhe sin a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2019 ar an bhfógraíocht pholaitiúil le linn na dtoghchán do Pharlaimint an AE in 2019.

Fionnadh sa tuarascáil gurb amhlaidh, cé go bhfuil bearta éagsúla tugtha isteach ag na ceithre ardán atá dírithe ar thomhaltóirí na hÉireann a chumhachtú, nach bhfuil an leibhéal rannpháirtíochta de réir a chéile agus go bhfuil sé neamhréireach. I measc na mbeart a rinneadh bhí: sásraí chun bréagnuacht a thuairisciú, breis eolais a sholáthar ar an ábhar a bhíonn le feiceáil ar na hardáin, níos mó smachta agus trédhearcachta i ndáil le fógraíocht agus roghanna úsáideoirí, agus foinsí eolais barántúla údarásacha a chur chun cinn. Fionnadh ina theannta sin sa tuarascáil go bhfuil na tacaíochtaí atá ar bun d’fhorais taighde agus acadúla na hÉireann fós fánach agus gan a bheith leordhóthanach den chuid is mó chun cabhrú le haon anailís agus faireachán mionchruinn a dhéanamh ar threochtaí sa bhréagaisnéis ar líne in Éirinn.

Dúirt (Stiúrthóir) FuJo, (Jane Suiter): “Tugann ár bhfionnachtana le fios gurb é an t-easnamh is suntasaí maidir le tomhaltóirí a chumhachtú ná lipéadú ábhair iontaofa ar ardáin dhigiteacha. Níorbh fhéidir lenár dtaighdeoirí aon mhír nuachta a shainaithint ar aon cheann de na hardáin a bhí lipéadaithe mar mhír arna promhadh ó thaobh fíoras de leis an bhfíorasc comhfhreagrach ar a barántúlacht. Is constaic mhór é sin maidir le cuidiú le tomhaltóirí in Éirinn cinntí eolasacha a dhéanamh nuair a thagann siad ar nuacht ar líne.

“Ina theannta sin, tá ganntanas sonraí agus uirlisí cuardaigh ar fáil do lucht taighde na hÉireann trí chéile i gcónaí, agus is dealraitheach go bhfuil tionscadail agus beartais ar cuspóir dóibh cumhacht a thabhairt don lucht taighde ualaithe i dtreo grúpaí i SAM, agus tá siad i bhfad faoi bhun riachtanais an lucht taighde anseo chun taighde fuaimintiúil a dhéanamh.”

Bhí an taighde a rinneadh i gcomhair na tuarascála seo ina chuid de thionscadal níos mó a chuir Grúpa Rialálaithe na hEorpa um Sheirbhísí na Meán Closamhairc (ERGA) i ngníomh ar iarratas ón gCoimisiún Eorpach. Rinne BAI cathaoirleacht ar fhoghrúpa ERGA le linn 2019 agus tá ról gníomhach fós aige sa ghrúpa in 2020 as a dtagann an obair seo.

Dúirt Príomhfheidhmeannach BAI, Michael O’Keeffe: “B’fhorbairt shuntasach é glacadh an Chóid Cleachtais maidir le Bréagaisnéis sa troid i gcoinne na bréagaisnéise san Eoraip agus tá an tuarascáil tráthúil, i bhfianaise na héifeachta díobhálaí atá ag an mbréagaisnéis ar fud na sochaí le linn ghéarchéim Covid-19. Is ríléir uaidh sin go bhfuil práinn le hardáin dhigiteacha a dhéanamh rannpháirtíocht níos dáiríre leis an gCód.
“Tá roinnt dul chun cinn déanta ag an tuarascáil seo ó thaobh faireachán a dhéanamh ar an mbréagaisnéis ar líne, agus tá iarrachtaí cuimsitheacha déanta ag sínitheoirí an Chóid chun níos mó trédhearcachta a sholáthar do thomhaltóirí agus don phobal taighde, ach léirítear ina theannta sin inti laigí suntasacha ó thaobh ábhar agus struchtúr an Chóid, agus na bpróiseas chun na gealltanais a thuairisciú, a mhonatóiriú agus a fhorfheidhmiú, go háirithe ar an leibhéal náisiúnta.

“Mar chuid dá rannpháirtíocht le ERGA, tá BAI gníomhach sna díospóireachtaí i dtaobh fhorbairt bhreise na rialála sa spás digiteach agus tá ról ceannasach aige i bhfoghrúpa ERGA atá ag forbairt comhairle do Choimisiún an AE maidir le trasuí na Treorach maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc agus an Achta nua um Sheirbhísí Digiteacha. Is clár oibre mearathraitheach é seo ina bhfuil ról tábhachtach ag Éirinn, ós rud é go bhfuil a bpríomhoifigí suite sa tír seo ag go leor de na hardáin lárnacha. Tá BAI tiomanta do rannpháirtíocht a dhéanamh leis na hardáin meán sóisialta atá bunaithe in Éirinn – agus leis na páirtithe leasmhara go léir – chun a chinntiú go mbainfear na torthaí is fearr amach do shaoránaigh na hÉireann agus na hEorpa.”

CRÍOCH
Teagmhálaí do na Meáin Chumarsáide: Joanne Ahern, DHR Communications, Tel: 087-9881837

Nóta d’eagarthóirí:
• Tá Príomh-Fheidhmeannach BAI, Michael O’Keeffe agus Dr. Jane Suiter, FuJo, ar fáil chun dul faoi agallamh.
• Tá CodeCheck 2020 ar fáil lena íoslódáil anseo.

I dtaobh na tuarascála:
I mí Aibreáin 2018, ghlac an Coimisiún Eorpach an beartas cumarsáide ‘Dul i nGleic leis an mBréagaisnéis: Cur Chuige Eorpach’, inar moladh cód cleachtais féinrialaitheach a fhorbairt i gcomhair ardáin ar líne agus i gcomhair thionscal na fógraíochta chun an trédhearcacht a mhéadú agus chun úsáideoirí a chosaint ar shlí níos fearr. Foilsíodh an Cód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis i Meán Fómhair 2018. Tá gealltanas tugtha ag sínitheoirí an Chóid, ar a n-áirítear Facebook, Twitter, Google agus Microsoft, aghaidh a thabhairt ar chúig cinn de réimsí ríthábhachtacha: a) grinnscrúdú a dhéanamh ar leagan fógraí; b) an fhógraíocht pholaitiúil agus fógraíocht atá bunaithe ar shaincheisteanna; c) sláine na seirbhísí; d) na tomhaltóirí a chumhachtú, agus e) an lucht taighde a chumhachtú. Is é ERGA an comhlacht a bhfuil sé de chúram air tacú leis an gCoimisiún Eorpach chun faireachán a dhéanamh ar chur i ngníomh na gcúig réimse gealltanais – nó na cúig philéar gealltanais – den Chód. Chun é sin a dhéanamh, d’aontaigh 13 cinn de rialtóirí meán náisiúnta le páirt a ghlacadh sa tionscadal faoi stiúir ERGA, chun faireachán a dhéanamh ar chur i ngníomh an Chóid ar leibhéal náisiúnta. Choimisiúnaigh BAI FuJo chun faireachán a dhéanamh ar chur i ngníomh an Chóid in Éirinn. Rinneadh an taighde a chur i gcrích ina dhá chéim: Rinneadh scrúdú sa chéad chéim ar ghníomhaíocht na fógraíochta polaitiúla ar Facebook, Twitter agus Google le linn fheachtas an Toghcháin do Pharlaimint na hEorpa in 2019 i gcomhthéacs na ngealltanas a bhí tugtha ag na hardáin don Chód aghaidh a thabhairt ar scaipeadh na bréagaisnéise agus na bréagnuachta ar líne. Foilsíodh an tuarascáil sin – ElectCheck 2019 i Meán Fómhair 2019. Mar chuid den dara céim, sholáthair gach ceann de na sínitheoirí tuarascáil féinmheasúnúcháin inar tugadh cur síos mionsonraithe ar conas mar a chomhlíon sé a ghealltanais faoi gach ceann de na colúin in imeacht tréimhse 12 mhí. Tugadh tuairisc mhionsonraithe sna tuarascálacha sin ar na hiarrachtaí a rinne gach ceann de na sínitheoirí ar fud na hEorpa chun a ghealltanais a chomhlíonadh. Ina dhiaidh sin, cuireadh de chúram ar bhaill ERGA anailís a dhéanamh ar na tuarascálacha chun measúnacht a sholáthar ar a n-ábhar ar leibhéal náisiúnta. Tá CodeCheck 2020 ar fáil lena íoslódáil anseo.