Laghdú ar úsáid na meán sóisialta i gcomhair nuachta i measc tomhaltóirí Éireannacha ach is beag tuiscint atá acu ar conas mar thagann an nuacht isteach ina gcuid fothaí meán sóisialta
Is beag tuiscint atá ag tomhaltóirí in Éirinn agus ar fud an domhain ar conas mar a thagann an nuacht isteach ina gcuid fothaí meán sóisialta. B’in ceann amháin de na fionnachtana as an Tuarascáil ar an Nuacht Dhigiteach ag Institiúid Reuters, a scaoileadh amach inniu (14.06.18). Is éard is cuspóir don staidéar idirnáisiúnta bliantúil sin ná tuiscint a fháil ar conas atá an nuacht á tomhailt ar fud na cruinne, agus leagtar béim faoi leith ann ar thomhailt na nuachta digití agus na gléasanna a úsáidtear chun teacht ar an nuacht. Fionnadh ann nach ndúirt ach 28% de na daoine a ndearnadh suirbhé orthu in Éirinn go dtuigeann siad ról na n-algartam. Níorbh eol ach do 27% ar fud an domhain ról na n-algartam agus ní raibh an freagra ar eolas ag 73% nó rinne siad talamh slán de go mbíonn iriseoirí ar fostú ag cuideachtaí meán sóisialta.
Rud atá ar aon dul le treochtaí idirnáisiúnta, tá laghdú beag tagtha ar úsáid na meán sóisialta i gcomhair nuachta. Mar fhoinse nuachta, in Éirinn, tá Facebook tar éis titim ó 71% i 2015 go dtí 67% i 2018. Is mó fós an titim sin sna Stáit Aontaithe, mar a bhfuil an úsáid a bhaintear as Facebook i gcomhair nuachta tar éis titim de 9% ó 2014 i leith. Mar sin féin, taispeántar sa taighde go bhfuil Instagram mar fhoinse nuachta dulta i méid ó 12% i 2015 go dtí 26% i mbliana.
Is í Institiúid Reuters um Staidéar ar an Iriseoireacht a fhoilsíonn an Tuarascáil ar an Nuacht Dhigiteach ag Institiúid Reuters. Is í seo an ceathrú bliain go bhfuil cistiú déanta ag Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) ar Éire a chuimsiú sa staidéar, mar chuid dá chuid oibre chun an iolracht sna meáin a chothú in Éirinn. Rinne BAI an Institiúid um Meáin Chumarsáide agus Iriseoireacht sa Todhchaí (FuJo) in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a choimisiúnú chun tuarascáil shonrach a dhéanamh ar thorthaí an tsuirbhé a bhaineann le hÉirinn i leith na gceithre bliana is deireanaí. Bailíodh na sonraí i gcomhair an taighde idir Eanáir-Feabhra 2018, rud atá ag teacht leis an tráthchlár bailithe sonraí céanna i leith na mblianta roimhe seo.
Ar na heochairphointí a tháinig ar barr as an taighde bhí:
Pátrúin Tomhaltais: Is beag an t-athrú atá tagtha ar na pátrúin tomhaltais nuachta as a n-iomláine. Is iad na príomhfhoinsí nuachta do thomhaltóirí Éireannacha ná an teilifís (56%), na meáin shóisialta (53%), an raidió (45%), agus leaganacha ar líne de nuachtáin (44%). Tá an meath ar na nuachtáin chlóite ag leanúint ar aghaidh fós; thit siad ó 40% i 2017 go dtí 35% i 2018.
Íoc as an Nuacht: Tá méadú beag ach méadú seasta ar an líon tomhaltóirí a íocann as an nuacht. Mhéadaigh ar líon an lucht íoca in Éirinn ó 7% i 2017 go dtí 12% i 2018. Fágann sin go bhfuil Éire ag teacht leis an meán in AE. Mhéadaigh na híocaíochtaí i measc an aoisghrúpa 24-go-34 de 6% sa bhliain a d’imigh thart, go dtí 19%. Ina theannta sin, fionnadh sa staidéar go bhfuil breis foinn ag teacht ag na daoine nach n-íocann as nuacht tosú ar a bheith ag íoc aisti trí shuibscríobh (20%) nó thabhartas (22%).
An raidió mar fhoinse Nuachta: Is iad tomhaltóirí na hÉireann is mó a roghnaíonn an raidió mar an phríomhfhoinse nuachta acu as na 37 dtír a ndearnadh suirbhé orthu. Dúirt 13% éigin de na freagróirí Éireannacha gurb é an raidió an phríomhfhoinse nuachta acu, i gcomórtas le 7% ar meán in AE agus 5% i SAM. De dhéanta na fírinne, is in Éirinn atá an ráta daoine is mó a éisteann leis an raidió i gcomhair nuachta de na tíortha go léir a ndearnadh staidéar orthu i dTuarascáil Reuters ar an Nuacht Dhigiteach.
Podchraoltaí: Bíonn breis tóra ar phodchraoltaí i measc tomhaltóirí nuachta in Éirinn seachas mar a bhíonn ag a macasamhla san Eoraip, i RA nó i SAM. Fionnadh sa staidéar go n-éisteann 38% de na daoine a ndearnadh suirbhé orthu in Éirinn le podchraoltaí, i gcomórtas le 33% de na daoine a ndearnadh suirbhé orthu i SAM agus 18% i RA. Is é 27% an meán in AE.
Iontaoibh: Dúirt 71% de thomhaltóirí Éireannacha go bhfuil níos mó iontaoibhe acu as “an chuid is mó den nuacht” ná meán AE (62%), agus céatadán is airde ná sin, 78%, a dúirt go bhfuil níos mó iontaoibhe acu as nuacht a roghnaíonn siad go sonrach lena tomhailt. Mar sin féin, is beag iontaoibh a thugann tomhaltóirí Éireannacha leis na meáin shóisalta (28%). 19% an leibhéal iontaoibhe as na meáin shóisialta i SAM agus 17% i RA.
Bréagaisnéis: Dúirt breis agus leath na dtomhaltóirí Éireannacha (57%) gur údar imní leo an “bhréagaisnéis”, figiúr atá gairid don fhigiúr in RA arb é 58% é. Dúirt 61% de na tomhaltóirí Éireannacha go raibh siad an-imníoch nó thar a bheith imníoch faoi scéalta a chumtar ar chúiseanna polaitiúla nó tráchtála, ach níor chuimhin ach le 17% díobh an saghas seo bréagaisnéise a fheiceáil. Maidir le haghaidh a thabhairt ar bhréagaisnéis, dúirt 63% éigin de na tomhaltóirí Éireannacha go raibh freagracht ar an Rialtas níos mó a dhéanamh, agus chreid 76% gur chóir d’iriseoirí agus do chuideachtaí meán cumarsáide níos mó a dhéanamh. Tagann sésin leis na figiúirí idirnáisiúnta: iriseoirí (73%), rialtais (64%).
Dúirt Príomh-Fheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann, Michael O’Keefe: “Tá rialálaithe na meán cumarsáide ar fud na hEorpa ag tabhairt tús áite don iolracht sna meáin chumarsáide a chothú de réir mar a rachaimid in oiriúint chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a ghabhann le tírdhreach na meán cumarsáide atá ag teacht i gcrích go mear. Sa timpeallacht ina n-oibrímid, tá sonraí tráthúla, inchreidte, iomchuí riachtanach chun díospóireacht eolasach agus cinnteoireacht ar bhonn fianaise a éascú. Tá cion ríluachmhar déanta ag Tuarascáil Institiúid Reuters ar an Nuacht Dhigiteach i leith na díospóireachta sin in Éirinn le ceithre bliana anuas.
“Is údar misnigh a fheiceáil i dtuarascáil na bliana seo go bhfuil Éire i mbarr na vótála ó thaobh tomhaltóirí a bheith ag úsáid an raidió mar an phríomhfhoinse nuachta acu. Tá sé suimiúil leis, ó thaobh inbhuanaitheacht na meán cumarsáide de, go bhfuil méadú ar na líonta daoine atá toilteanach íoc as an nuacht, go háirithe i measc aoisghrúpaí óga. Mar sin féin, is cúis bhuartha éigin í an easpa tuisceana ar conas a oibríonn algartaim dhigiteacha agus léiríonn sí go bhfuil breis gníomhaíochta ar an litearthacht dhigiteach ag teastáil, ní hamháin in Éirinn, ach ar fud an domhain. Tá Údarás Craolacháin na hÉireann gníomhach sa réimse seo agus beidh an fhaisnéis seo an-suimiúil don Líonra Éireannach um Litearthacht sna Meáin a bhfuil Údarás Craolacháin na hÉireann ag déanamh urraíochta air.”
Dúirt an Dr. Jane Suiter, stiúrthóir FuJo, ina theannta sin: “Tá gnéithe dearfacha agus diúltacha sa tuarascáil ó thaobh thionscal na nuachta de: ar thaobh amháin, tá an líon daoine atá toilteanach íoc as nuacht ar líne ag dul i méid go seasta, ach ar an taobh eile is dealraitheach gur beag an tuiscint atá ag tomhaltóirí nuachta ar conas mar a chruthaítear an nuacht nó ar ról na n-ardán agus na meán sóisialta. Is údar imní é sin agus beidh tionchar dá réir sin aige i bhfad na haimsire ar an iontaoibh a thugtar leis an nuacht.”
CRÍOCH
Fiosrúcháin ó na Meáin Chumarsáide: Joanne Ahern / Sebastian Enke, DHR Communications, 01-4200580 / 087-9881837/ 087-3239496
Nótaí d’Eagarthóirí:
- Is í an Tuarascáil bhliantúil ar an Nuacht Dhigiteach ag Institiúid Reuters um Staidéar ar an Iriseoireacht in Ollscoil Oxford an staidéar leanúnach is mó ar threochtaí i dtomhailt na nuachta ar domhan. Tá an tuarascáil dhomhanda, ina gcuimsítear 37 dtír, ar ag www.digitalnewsreport.org.
- Tá an tuarascáil Éireannach á hurrú ag Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) agus tá sí tiomsaithe ag an Institiúid um Meáin Chumarsáide agus Iriseoireacht sa Todhchaí (FuJo) in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá an tuarascáil Éireannach ar fáil anseo.