Laghdú 33% ar líon na ngearán a cuireadh isteach chuig Údarás Craolacháin na hÉireann sa bhliain 2018

Fuair Údarás Craolacháin na hÉireann 33% níos lú gearán a bhain le cláir agus craolacháin fógraí ar raidió agus teilifís na hÉireann sa bhliain 2018 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Léirítear i bhfigiúirí a chuir an tÚdarás amach inniu (31.03.19), go bhfuarthas 73 gearán bailí in 2018. Fuair an tÚdarás 109 gearán den chineál sin le linn 2017.
As na gearáin bhailí sin, rinneadh 45 faoin gCód um Chothroime, Oibiachtúlacht agus Neamhchlaontacht; 20 faoin gCód um Chaighdeáin Clár; rinneadh ceithre cinn maidir leis an gCód um Chumarsáidí Tráchtála Ginearálta; agus ceithre cinn faoin gCód um Fhógraíocht Leanaí.
Dúirt Michael O’Keeffe, príomhfheidhmeannach an Údaráis an méid seo a leanas: “De réir beartas an Údaráis, go ginearálta, bíonn ar ghearánaithe dul i dteagmháil leis an gcraoltóir i dtosach chun gearán a dhéanamh. Mura bhfuil siad sásta leis an bhfreagra a fuair siad ón gcraoltóir, féadfaidh siad gearán a dhéanamh le hÚdarás Craolacháin na hÉireann. Is cúis mhisnigh dúinn líon na ngearán a fuarthas agus is fianaise é ar leibhéal ard comhlíontachta ó chraoltóirí i ndáil le cóid agus rialacha craolacháin an Údaráis.”
Eisíodh na figiúirí seo mar chuid de thuairisc ghrafaice faisnéise ina dtugtar léargas ar an obair a rinne an tÚdarás in 2018 i leith na cumarsáide faoi cúig théama straitéiseacha, is iad sin: An Éagsúlacht agus an Iolracht a chur chun cinn; Cumarsáid a Dhéanamh agus Tionchar a Imirt; Nuálaíocht agus Inbhuanaitheacht na hEarnála a Bhreisiú; agus Sármhaitheas agus Cuntasacht a Bhaint Amach.
Thug an tÚdarás faoi na gníomhaíochtaí seo a leanas in 2018:
- Bronnadh maoiniú dar luach €11.96m ar 256 tionscadail raidió agus teilifíse faoin Scéim Fuaime agus Físe.
- Óstáladh roinnt imeachtaí le tacú lena ghníomhaíochtaí, lena n-áirítear seoladh Straitéis Seirbhísí Craolacháin athbhreithnithe an Údaráis agus comhairliúcháin phoiblí an Údaráis maidir lena bheartais Úinéireachta agus Rialaithe agus Iolrachta.
- Tacaíodh le roinnt léirithe agus scannáin ardphróifíle a chláir a fuair maoiniú Fuaim agus Fís i rith na bliana, lena n-áirítear: Ireland’s Oceans; The Meeting; The Irish Grand National – Chasing a Dream; Murdair Mhám Trasna, Poc na nGael agus Building Ireland.
- Dáileadh €335,229 ar thionscnaimh oiliúna agus forbartha agus cuireadh urraíocht dar luach €143,000 ar fáil d’imeachtaí agus do gníomhaíochtaí.
- Fuarthas 25 iarradh um Shaoráil Faisnéise.
- Ceadúnaíodh 19 gconradh maidir le ceadúnais shealadacha raidió.
- Eisíodh 370 postáil ar na meáin shóisialta chun earnáil chraolacháin na hÉireann a chur chun cinn.
Dúirt an tUas. O’Keefe freisin: “Tá sé tábhachtach go léireofar sochaí nua-aimseartha na hÉireann san earnáil chraolacháin agus go bhfuil tionchar ag an earnáil ar an tsochaí sin chomh maith. Déanann an tÚdarás a sheacht dhícheall é sin a bhaint amach tríd an gcraoltóireacht a rialú, a chothú agus tacú léi; ag cur iolracht guthanna, tuairimí, asraonta agus foinsí i meáin na hÉireann chun cinn agus ag cothú ábhar ar ardchaighdeán atá éagsúil agus ábhartha go cultúrtha do lucht féachana na hÉireann. Chuige seo, le linn 2018, leithdháil an tÚdarás beagnach €12m ó tháille an cheadúnais teilifíse chun tacú le forbairt chláir teilifíse agus raidió ardchaighdeáin faoi théamaí chultúr, oidhreacht agus thaithí na hÉireann agus tuiscint ar na meáin a fheabhsú; leithdháileadh níos mó ná €335,000 ar thionscnaimh oiliúna agus forbartha amhail Learning Waves, Women in Film and Television, Screen Producers Ireland agus Community Television Association; agus tugadh urraíocht d’imeachtaí cosúil le Guth Gafa Documentary Film Festival, Oireachtas na Gaeilge, HearSay, agus Access Cinema.
“Táimid ag súil go mór le hoibriú ar leasanna na hearnála agus le lucht féachana in 2019, níl aon amhras ach go bhfuil bliain ghnóthach romhainn in earnáil an chraolacháin.”
Tá tuilleadh faisnéise ar obair Údarás Craolacháin na hÉireann le linn 2018 le fáil sa ghrafaic faisnéise anseo.