Iarratais á lorg i gcomhair Seirbhísí Raidió Pobail do Chlár Chlainne Mhuiris agus Dún Dealgan

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann inniu (1 Bealtaine) go bhfuil iarratais á lorg aige chun dhá sheirbhís raidió pobail a sholáthar, ag freastal ar Chlár Chlainne Mhuiris agus an Ceantar Máguaird, agus Dún Dealgan agus an Ceantar Máguaird.  Cuireadh fógraí poiblí maidir leis na hiarratais atá á lorg sna páipéir áitiúla ábhartha.

Tá an tseirbhís do Chlár Chlainne Mhuiris agus an Ceantar Máguaird á feidhmiú faoi láthair ag Claremorris Community Radio Company faoi Theorainn Ráthaíochta (ag trádáil mar Claremorris Community Radio) agus rachaidh an conradh sin in éag an 31 Márta 2018.

I nDún Dealgan, tá an tseirbhís á feidhmiú faoi láthair ag Dundalk Media Centre Limited (ag trádáil mar Dundalk FM) agus rachaidh an conradh in éag an 31 Lúnasa 2019.

Ba chóir go mbeadh na seirbhísí raidió pobail atá fógartha dírithe ar an bpobal agus ba chóir dul i ngleic iontu le hábhar spéise na ndaoine sna limistéir saincheadúnais, agus go mbeadh tairbhe shóisialta ag baint leis na seirbhísí do na daoine sin.  Níor chóir go mbeadh na seirbhísí seo dírithe ar bhrabús agus ba chóir go n-éascóidís rochtain ar an tseirbhís, agus rannpháirtíocht inti, do dhaoine agus do ghrúpaí atá ina gcónaí sna limistéir saincheadúnais lena mbaineann.

D’fhorbair an tÚdarás an doiciméad Treoir maidir le hAighneachtaí do sheirbhísí raidió pobail, d’fhonn cuidiú leis an bpróiseas iarratais.  Is féidir sonraí breise maidir le próisis na n-iarratas agus na doiciméid chuí a fháil ar shuíomh gréasáin an Údaráis anseo.

Is é an spriocdháta d’iarratais le haghaidh an dá sheirbhís a 12 meán lae Dé Céadaoin, 1 Lúnasa 2018.