
Tá an tAire Cumarsáide, Gníomhú Aeráide & Comhshaoil, an tUas. Denis Naughton, T.D., tar éis iarratas foirmiúil a thabhairt d’Údarás Craolacháin na hÉireann (“BAI”) chun iniúchadh iomlán ar chumasc na meán a stiúradh faoi Alt 28E den Actht Iomaíochta 2002 (leasú). Baineann éadáil urlámhais aonair ar CMNL Limited, Celtic Media Newspapers Limited roimhe seo, leis an gcumasc meán molta, ag Independent News & Media Holdings Limited. Is fiontair sna meáin iad gach páirtí agus baint acu le foilsiú nuachtán agus le hoibriú láithreán gréasáin a fheidhmíonn mar thairseacha nuachta.
Tá 80 lá oibre ag BAI chun tuarascáil a sholáthar don Aire i ndáil lena iniúchadh, agus tiocfaidh sé ar thuairim an dóichí go rachaidh toradh an chumaisc mheán i gcoinne leas an phobail chun cosaint a thabhairt d’iolracht na meán sa Stát, arna sainmhíniú in Acht (leasú).
Agus a iniúchadh á stiúradh ag BAI is amhlaidh a fhéachfaidh sé do na riachtanais a leagtar amach in Alt 28E(6) d’Acht (leasú), agus d’aighneachtaí a fuarthas ó na páirtithe ábhartha lena n-áirítear Comhchoiste an Oireachtais um Chumarsáide, Gníomhú Aeráide agus Comhshaoil agus an pobal.
Tá BAI ag glaoch anois ar aighneachtaí poiblí i leith an chumaisc mholta seo sna meáin. Ba cheart go leanfadh na haighneachtaí an struchtúr a imlínítear sna Treoirlínte um Chumaisc sna Meáin – “Alt 5: Cur chun Feidhme na gCritéar Ábhartha”. D’fhéadfaí faisnéise ábhartha eile a áireamh leis. Is féidir aighneachtaí poiblí a sheoladh trí mheán ríomhphoist chuig consultations@bai.ie. Is ionann an spriocdháta agus 20 lá oibre ó dháta an fhógra seo agus ba cheart dá réir* go bhfaighfí na haighneachtaí faoi am scoir ghnó an 14 Feabhra 2017.
Is féidir teacht ar an An tAcht Iomaíochta 2002 anseo agus an tAcht um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí 2014 anseo
Is féidir na Treoirlínte um Chumaisc sna Meáin a fháil anseo
Is féidir cumarsáid an Aire le BAI aimsiú anseo
*Geallann an BAI leas a bhaint as a sheacht ndícheall chun aon ábhar a sholáthraítear mar fhreagra don phróiseas seo a choinneáil faoi rún, faoi é oibleagáidí BAI de réir an dlí, lena n-áirítear an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014. Agus aighneachtaí á dhéanamh iarrtar ort chun machnamh nár cheart go nochtfaí aon chuid den eolas a soláthraíodh mar gheall ar ábhar an eolais, chun an méid céanna a aithint agus chun cúiseanna dá íogaireacht a shonrú. Rachaidh BAI i gcomhairle maidir le heolas rúnda, pearsanta nó lena mbaineann íogaireacht tráchtála sula nglactar cinneadh i leith iarratais ar bith a fuarthas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Is féidir an t-eolas úd a scaoileadh mar fhreagra ar iarratas saorála faisnéise.