
Chuir Údarás Craolacháin na hÉireann (“an BAI”) fógraí sna nuachtáin náisiúnta inniu (Dé Máirt, 20 Meitheamh 2016) ag lorg aighneachtaí ó pháirtithe ar spéis leo seirbhísí raidió analógacha tráchtála nua a sholáthar ar an mbanda FM. Cuirfidh an BAI fáilte roimh mholtaí maidir leis na cineálacha seirbhísí a sholáthrófar, agus na limistéir ar a bhfreastalóidh seirbhísí breise den sórt sin.
Tá an BAI ag tabhairt faoi athbhreithniú ar a Straitéis Seirbhísí Craolacháin ina dtugtar an creat chun pleananna ceadúnaithe an Údaráis a chur i dtoll a chéile. Ceann de phríomhghnéithe an phróisis athbhreithnithe is ea tabhairt faoi phíosa mór taighde. Leis sin déanfar anailís chuimsitheach chomhshaoil agus eacnamaíoch ar earnáil na meán. Beidh na haighneachtaí leasa a gheofar ina gcuid den taighde freisin agus chuige sin, beidh aird ag aon mheasúnú a dhéanfar ar na haighneachtaí ar chuspóirí beartais an Údaráis i dtaca le héagsúlacht, inbhuanaitheacht, iolarthacht agus úsáid éifeachtúil speictrim.
Dá réir sin, ní mór go mbeadh faisnéis mhionsonraithe in aighneachtaí spéise maidir le cáilíocht, raon agus na cineálacha seirbhísí a sholáthrófar agus a mhéid is a chuirfidh aon seirbhís nua le héagsúlacht rogha d’éisteoirí sa réimse saincheadúnais beartaithe. Chomh maith leis sin, caithfear saincheisteanna cosúil le hinbhuanaitheacht agus úsáid éifeachtúil speictrim a chur san áireamh.
Dúirt Michael O’Keeffe, Príomhfheidhmeannach an BAI ‘Tá an Straitéis Seirbhísí Craolacháin reatha i bhfeidhm ó 2012 agus is rud tráthúil é anois athbhreithniú a dhéanamh air. Cuideoidh an ghairm seo ar aighneachtaí i gcomhair spéise maidir le soláthar seirbhísí nua le cinntí an Údaráis sa réimse seo. Tabharfaidh sé léargas tábhachtach don ionchas maidir le seirbhísí nua a ndéanfar iniúchadh breise air i rith an phíosa taighde comhshaoil agus eacnamaíoch a dhéanfar an Fómhar seo chun forbairt na Straitéise athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Craolacháin a threorú.’
Ba cheart do pháirtithe leasmhara a n-aighneachtaí a dhéanamh i bhfoirm leictreonach chuig an BAI, bss@bai.ie nó trí shaoráid comhairliúcháin ar líne an BAI, http://www.bai.ie/ga/comhairliuchain/. Ba cheart faisnéis maidir leis an tseirbhís nua atá beartaithe a chur i láthair san fhormáid atá forordaithe i dTreoir an BAI maidir le hAighneachtaí chun Seirbhísí Raidió Analógacha Tráchtála a Sholáthar.Is gá aighneacht ar leith a dhéanamh maidir le gach seirbhís nua atá beartaithe.
Tabhair faoi deara nach measfaraighneacht mar fhreagra ar an bhfógra seo mar iarratas ar chonradh craolacháin fuaime. Ba cheart do pháirtithe ar spéis leo aighneacht a dhéanamh chuig an BAI é sin a dhéanamh faoi 12 meán lae ar Déardaoin, an 3 Lúnasa 2017 Tabhair faoi deara go gcuirfear gach aighneacht ar fáil don taighdeoir a bheidh ar chonradh ag an BAI chun athbhreithniú a dhéanamh ar an earnáil chraolacháin, a bheidh le cur ar bun i mí Lúnasa 2017. Tabhair faoi deara freisin go gcuirfear na haighneachtaí go léir ar fáil go poiblí tar éis don BAI iad a bhreithniú.