D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann gur foilsíodh leagan nuashonraithe dá Rialacha Rochtana inniu (24.1.19), atá deartha chun an tuiscint agus an taitneamh a bhaineann daoine atá bodhar, daoine a bhfuil deacrachtaí éisteachta acu, daoine atá caoch nó daoine breacamharcacha as an teilifís a mhéadú. Baineann na Rialacha Rochtana le craoltóirí laistigh de dhlínse na hÉireann agus leagtar amach na hoibleagáidí atá ar chraoltóirí maidir le soláthar fotheidealaithe, Teanga Chomharthaíochta na hÉireann agus tráchtaireachta fuaime iontu.
Áirítear i Rialacha 2019 spriocanna athbhreithnithe maidir le fotheidealú do roinnt seirbhísí craolacháin agus tugtar spriocanna i dtaca le clostuairisc agus Teanga Chomharthaíochta na hÉireann isteach do Virgin Media One den chéad uair riamh. I measc fhorálacha suntasacha eile na Rialacha athbhreithnithe tá bunú spriocanna fotheidealaithe áirithe do chraoltóirí le linn buaic-am féachana agus leagtar síos méaduithe bliantúla i gcomhair spriocanna maidir le Teanga Chomharthaíochta na hÉireann le haghaidh gach ceann de na seirbhísí bainteacha iontu chomh maith.
Dúirt Michael O’Keeffe, Príomhfheidhmeannach an Údaráis, ag trácht dó ar fhoilsiú na rialacha athbhreithnithe: Chuir Rialacha Rochtana an Údaráis leis an bhfáil níos leithne atá ar ábhar closamhairc ar ardchaighdeán i gcomhair lucht féachana in Éirinn a bhaineann úsáid as seirbhísí rochtana/cúnta, ó tugadh isteach iad sa bhliain 2005. Táim muiníneach go gcuirfidh na spriocanna a leagtar amach sna Rialacha inniu le raon agus le foinsí ábhar inrochtana ar sheirbhísí teilifíse na hÉireann.”
“Bhíothas i dteagmháil go minic le craoltóirí, le grúpaí úsáideora agus le páirtithe leasmhara agus bhí an obair sin mar bhonn eolais ag na Rialacha athbhreithnithe, agus ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leo siúd a ghlac páirt sa phróiseas forbartha, lena n-áirítear na daoine a sheol freagra isteach ar an gcomhairliúchán poiblí. Táimid ag súil go mór le rannpháirtíocht leanúnach na bpáirtithe leasmhara chun na spriocanna seo a bhaint amach le linn thréimhse na Rialacha.”
Tiocfaidh na Rialacha i bhfeidhm láithreach agus leagtar spriocanna amach don tréimhse idir 2019 agus 2023 iontu.
Is féidir tuilleadh faisnéise faoin na Rialacha Rochtana (pdf) a fháil anseo.
Is féidir tuilleadh faisnéise faoin na Rialacha Rochtana (Word) a fháil anseo.
Féach ar fís na rialacha le TCÉ/le fotheidil.
Éist le leagan fuaime de na rialacha. (Béarla)
CRÍOCH