Foilsíonn Údarás Craolacháin na hÉireann aighneacht maidir le hábhar dochrach ar líne a rialáil/feidhmiú na Treorach nua maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc

Inniu (24.06.19), mhol Údarás Craolacháin na hÉireann (an tÚdarás) go dtabharfaí isteach rialachán reachtúil nua d’fhíseáin ar líne agus d’ábhar dochrach ar líne. Fiosraítear fís an Údaráis do thodhchaí rialáil na meán in Éirinn ina aighneacht do Chomhairliúchán Poiblí an Rialtais faoi Ábhar Dochrach ar Ardáin Ar Líne a Rialáil agus faoi Fheidhmiú na Treorach Athbhreithnithe um Sheirbhísí Meán Closamhairc, próiseas a thionscain an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Richard Bruton TD, níos luaithe sa bhliain seo. Éilítear ar gach ballstát san Aontas Eorpach forálacha na Treorach maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc a thrasuí ina dhlí faoi Mheán Fómhar 2020.

Tugann feidhmiú den Treorach nua agus de na moltaí chun creatlach náisiúnta do sábháilteacht ar líne deis chun fís ar todhchaí rialáil ar na meáin ar líne a forbairt dúinn.

Ina aighneacht do Chomhairliúchán an Aire, leagann an tÚdarás amach a fhís agus na bealaigh gur féidir an fís sin a fíorú ar bhealach praiticiúil.  Tar éis machnamh suntasach faoin gceist, agus ag tarraingt ar a taithí rialála féin, is é fís an BAI ná chun scéim agus rialtóir aonair agus cuimsitheach a tabhairt isteach chun rialáil nua a bhaint amach.

Ina aighneacht do Chomhairliúchán an Aire, leagann an tÚdarás amach a fhís do thodhchaí rialáil na meán in Éirinn, a dhéanann iarracht, ina chroílár, freastal ar lucht féachana agus úsáideoirí agus iad a chosaint. Lárnach san fhís seo tá údarás rialála aonair agus réimeas rialála a bhunú ar cheart go mbeadh aird aige ar chuspóirí níos leithne an ábhair agus na seirbhísí a fhreastalaíonn ar shaoránaigh, lena n-áirítear éagsúlacht agus iolarthacht a chinntiú; saoirse tuairimíochta; dioscúrsa daonlathach a chothú agus a bhreisiú; agus éagsúlacht theangeolaíoch agus chultúrtha a éascú.

Leagtar amach thíos achoimre ar thograí an Údaráis faoi gach snáithe ar tarraingíodh aird orthu i gcáipéis chomhairliúcháin an Aire.

 

  • Snáithe 1: Dlíthe nua faoi shábháilteacht ar líne a bhainfeadh le daoine atá ina gcónaí in Éirinn

San aighneacht, d’fháiltigh an tÚdarás roimh rún an Aire chun rialáil a thabhairt isteach chun daoine atá ina gcónaí in Éirinn a chosaint ar ábhar dochrach ar líne. Dúradh gur cheart an rialachán a tugadh isteach chun sábháilteacht ar líne a chinntiú agus rialachán nua an Aontais Eorpaigh a bhaineann go sonrach le físeáin ar líne ábhartha a fhorfheidhmiú ar bhealach ar leithligh – ach comhlántach – a bheadh ailínithe le cuspóirí straitéiseacha.

Tacaíonn aighneacht an Údaráis le cumhachtaí rialála chun dochar ar líne a réiteach trí ‘fhógraí chun ábhar dochrach ar líne a bhaint’ a eisiúint thar ceann daoine atá ina gcónaí in Éirinn a bhfuil tionchar díreach ag ábhar dochrach orthu. San fhadtéarma, measann an tÚdarás go bhforbrófar agus go bhforfheidhmeofar cód sábháilteachta ar líne a bheidh le cur i bhfeidhm ar sholáthraithe seirbhíse ar líne na hÉireann d’fhonn dochair a íoslaghdú. Molann an tÚdarás freisin ról don rialálaí chun feasacht a chur chun cinn maidir le ceisteanna sábháilteachta ar líne i measc an phobail agus an tionscail.

 

  • Snáithe 2: Ardáin Comhroinnt Físeán a Rialáil

Déantar tagairt san aighneacht do thionchar na gcineálacha nua seirbhísí a chuireann físeáin ar fáil ar líne agus don lucht féachana a aimsíonn siad, atá araon ag méadú, agus riachtanas na Treorach athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc chun seirbhísí ardáin comhroinnte físeáin a rialáil. Luaitear ann freisin go bhfuil formhór na soláthraithe is mó san Eoraip de sheirbhísí ardán comhroinnte físeáin, ar nós YouTube agus Facebook, lonnaithe in Éirinn agus go rialálfar sa tír seo iad as a ngníomhaíochtaí Eorpacha.

Molann an tÚdarás gur cheart do rialtóir reachtúil rialáil dhíreach a dhéanamh ar ardáin chomhroinnte físeáin agus gur cheart rialacha na Treorach a fhorfheidhmiú trí reachtaíocht agus cóid reachtúla. Creideann sé gur cheart go mbeadh cosaintí bunúsacha don tsaoirse cainte ar sheirbhísí ardán comhroinnte físeáin cumhdaithe sna cóid sin agus gur cheart dul i ngleic freisin le ceisteanna cosanta suntasacha a eascraíonn as seirbhísí den chineál sin i ndáil le físeáin.

Samhlaíonn an tÚdarás go mbeadh an rialtóir meán freagrach as rialacha agus rialáil ardleibhéil a fhorbairt, agus ansin measúnú a dhéanamh ar na bearta a ghlacann ardáin chomhroinnte físeáin chun na rialacha sin a fhorfheidhmiú. Samhlaíonn an tÚdarás freisin córas gearán láidir agus trédhearcach agus sásra neamhspleách achomharc mar chuid den chreat rialála sin.

 

  • Snáithe 3: Seirbhísí ar éileamh a rialáil

Fáiltíonn an aighneacht roimh níos mó comhsheasmhacht rialála idir seirbhísí ar éileamh agus seirbhísí craolacháin líneacha a léiríonn na pátrúin úsáide atá ag athrú i measc a lucht féachana. Luann an tÚdarás go leanann úsáid na seirbhísí ar éileamh in Éirinn ag méadú agus os cionn 50% de dhaoine fásta Éireannacha anois ag breathnú ar fhíseáin go rialta trí na hardáin sin.

Creideann an tÚdarás gurb é an bealach is iomchuí chun rialacha nua na Treorach athbhreithnithe do sheirbhísí ar éileamh a thabhairt isteach ná trí rialachán agus cóid reachtúla, agus chun ról a shannadh don rialtóir reachtúil chun maoirseacht a dhéanamh ar sheirbhísí ar éileamh.

 

  • Snáithe 4: Mionathruithe ar Rialáil na Teilifíse Traidisiúnta

Ina aighneacht, luann an tÚdarás an ról ríthábhachtach atá ag craoltóirí Éireannacha i soláthar ábhar nuachta agus cúrsaí reatha, a naisc láidre le stát na hÉireann agus a chultúr, agus an ról lárnach atá acu i gcruthú ábhar Éireannach.

Mar gheall ar thábhacht na craoltóireachta do stát na hÉireann agus dá chultúr, tá údar ann leanúint le rialáil agus maoirsiú na seirbhísí sin mar atá faoi láthair, seachas sa mhéid is gur cheart athruithe a dhéanamh de bhun thrasuíomh na Treorach athbhreithnithe.

Ag labhairt faoin aighneacht, dúirt Cathaoirleach Údarás Craolacháin na hÉireann, an tOllamh Pauric Travers: “Comhaontaítear tríd is tríd nár choinnigh an creat rialála le teacht le chéile na teilifíse agus an idirlín.  Is ceist thábhachtach é seo don tír seo, mar gheall go bhfuil go leor de na hardáin mhóra idirnáisiúnta lonnaithe anseo.  Tá deis uathúil ag Éirinn – agus freagracht – an díospóireacht a threorú agus an bealach chun cinn a stiúradh maidir le sábháilteacht agus rialáil ar líne.

“Leagtar amach in aighneacht an Údaráis fís an Údaráis do rialáil na meán ar líne, cur chuige i leith a forfheidhmithe agus réasúnaíocht le tacú leis sin.  Trí dhul i ngleic leis na dúshláin i ndomhan nua na meán, creideann an tÚdarás gur cheart dúinn a bheith misniúil agus praiticiúil agus ról réamhghníomhach a bheith againn i struchtúr an rialtóra nua. Mar gheall ar chastacht na gceisteanna lena mbaineann, ba cheart dúinn a bheith stuama ionas go seachnóimid iarmhairtí nach rabhthas ag súil leo. Beidh gá le breith chúramach agus scagadh ar roinnt ceisteanna,” a dúirt sé mar fhocal scoir.

CRÍOCH

Teagmháil: Tony Heffernan / Sebastian Enke, DHR Communications, Teil: 01-4200580 / 087-2399508 / 087-3239496

Nóta d’Eagarthóirí:

Tá cóip den aighneacht ar fáil anseo.