Fógraíonn Údarás Craolacháin na hÉireann sonraí faoina Phlean Ceadúnaithe Raidió Tráchtála

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) inniu Déardaoin, 26 Bealtaine 2022 sonraí a Phlean Ceadúnaithe Raidió Tráchtála. Is é atá sa phlean ná gealltanas tabhairt faoin bpróiseas athcheadúnaithe le haghaidh 11 seirbhís craolacháin fuaime leathanfhormáide áitiúla agus 3 sheirbhís craolacháin fuaime cheoil áitiúla.

Faoin Acht Craolacháin 2009, ceanglaítear ar an BAI pleananna a chur ar fáil maidir le líon, cineál agus scóip conarthaí craolacháin a bheartaíonn sé a dhéanamh. 

Ag caint ar an bPlean di, dúirt Príomhfheidhmeannach BAI Celene Craig, “Leis an bpaindéim leagadh béim ar thábhacht an raidió áitiúil do lucht éisteachta ar fud na hÉireann agus tarraingíodh aird ar an ábhar ar ardchaighdeán atá á thairiscint don lucht éisteachta, in ainneoin na tréimhse dúshlánaí seo. Le foilsiú an Phlean Ceadúnaithe Raidió Tráchtála inniu tá an aidhm ann a chinntiú go mbeidh teacht leanúnach ag an lucht éisteachta ar mheascán de sheirbhísí leathanfhormáide agus ceoil a léiríonn ilchineálacht shochaí na hÉireann, de réir Straitéis um Seirbhísí Craolacháin BAI, agus táim ag tnúth leis an gCoiste um Dheonú Conarthaí an plean a thabhairt chun cinn.”

Déanfaidh Coiste um Dheonú Conarthaí an BAI, ar threoir an Údaráis, an plean ceadúnaithe seo a chur i bhfeidhm anois. Tabharfar breac-chuntas ar thuilleadh eolais agus an scéal is déanaí maidir leis na próisis cheadúnaithe i leith na seirbhísí seo thuas sna míonna beaga seo romhainn.

Tá cóip den Phlean Ceadúnaithe Raidió Trádála ar fáil anseo.