
Maoiniú breise de €1.4m do chláir chun cabhrú le déileáil le dúshláin atá roimh an earnáil ceoil bheo
D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) seoladh bhabhta nua maoinithe inniu (27.01.21), faoina Scéim Fuaim & Fís 4 (Sound & Vision 4). Tá maoiniú suas le €5.5m á chur ar fáil i mbabhta 38 den scéim.
Sa bhreis ar sin, tá maoiniú de €1.4m ar fáil ag an BAI go sonrach do chláir ar ardchaighdeán a bhaineann le cultúr, oidhreacht agus taithí na hÉireann agus a d’fhéadfadh cabhrú le déileáil le dúshláin atá roimh an earnáil cheoil bheo. Tá an BAI ag spreagadh iarratais ó thionscadail thar gach formáid, seánra agus craoltóir incháilithe atá in ann a léiriú go gcabhróidh siad le hardán a chur ar fáil do lucht gairme i dtionscal an cheoil a bhíodh ag obair in earnáil an cheoil bheo den chuid is mó. Tagann an maoiniú imfhálaithe seo mar fhreagra ar éileamh an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, Catherine Martin, TD, ar chuir a Roinn maoiniú breise ar fáil don BAI chun na críche sin.
Dúirt príomhfheidhmeannach an BAI, Michael O’Keeffe, agus é ag caint ar an mbabhta maoinithe oscailte: “Leanann COVID-19 ag cur deacrachtaí go leor roimh na hearnálacha craolacháin, fuaime agus closamhairc. Cabhróidh na tacaíochtaí airgeadais de €4.9m breise a d’aimsigh an tAire Martin don earnáil chraolacháin roimh an Nollaig chun maoiniú a bhfuil gá ghéar leis a chur ar fáil i mbliana chun ábhar nuálach a fhorbairt do phobal na hÉireann trí roinnt babhtaí maoinithe Fuaime & Físe (Sound & Vision). Sa bhreis ar an mbabhta oscailte seo, a bhfuil maoiniú de €5.5m ar fáil dúinn, beidh muid ag fógairt sonraí maidir le babhta dírithe ar raidió tráchtála go gairid agus ceann dírithe ar raidió pobail i lár na bliana.
“Tá tionchar díobhálach ag COVID-19 ar an earnáil ceoil bheo ach godaoin háirithe. Tá súil againn go dtabharfaidh an maoiniú breise de €1.4m atá ar fáil do chláir den chineál seo deis do lucht gairme i dtionscal an cheoil ceangal a chruthú le lucht éisteachta tríd an teilifís agus raidió.”
Tá na treoirlínte agus foirm iarratais do bhabhta 38 den Scéim Fuaime & Físe ar fáil anois ar láithreán gréasáin anseo. Is é meán lae ar an Déardaoin, 4 Márta 2021 an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh.
CRÍOCH
Maidir le hiarratais meán, déan teagmháil le: Thelma Harris / Joanne Ahern, DHR Communications. Teil: 083-0517622 / 087-9881837.
Ceisteanna eile: Broadcasting Authority of Ireland, 01-6441200 nó info@bai.ie.