Fáilte curtha ag BAI roimh fhoilsiú de thuarascáil taighde ar Chomhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú i dtionscal teilifíse agus scannán na hÉireann
Tuarascáil dar teideal Auditing Gender & Diversity Change in Irish Media Sectors arna maoiniú faoin Scéim Chistiúcháin um Thaighde ar na Meáin ag BAI
Tá sé faighte amach ag tuarascáil nua taighde ina ndéantar iniúchadh ar an athrú atá tagtha ar inscne agus éagsúlacht in earnálacha na meán in Éirinn gurb amhlaidh, cé go bhfuil sé léirithe go bhfuil fonn ar thionscal scannán na hÉireann gabháil níos faide maidir le comhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú, gur gá ceannaireacht a thabhairt i bhfoirm tacaíochta agus acmhainní reachtúla chun iad a neadú isteach i reachtaíocht, i mbeartas, agus i gcleachtais feidhmithe na craoltóireachta náisiúnta.
Is iad an Dr Anne O’Brien, Ollscoil Mhá Nuad, an Dr Susan Liddy, Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh, agus an Dr Páraic Kerrigan, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a chuir i gcrích an taighde don tuarascáil seo dar teideal Auditing Gender & Diversity Change in Irish Media Sectors, agus is é an Scéim Chistiúcháin um Thaighde ar na Meáin ag BAI a mhaoinigh é. Tá na hacadóirí ar fad ina saineolaithe ar neamhionannas inscne agus/nó gnéasach.
Ba é aidhm an tionscadail seo iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a dhéanann craoltóirí, comhlachtaí léirithe agus eagraíochtaí gairmiúla beartas agus tionscnaimh a chur chun cinn agus a chur i bhfeidhm ar an láthair, agus díospóireacht a spreagadh maidir le héagsúlacht agus cuimsiú i dtionscail na meán in Éirinn a bheadh dírithe ar réitigh a fháil. Glacadh cur chuige bunaithe ar cháis staidéir cáilíochtúla i leith an taighde, agus rinneadh iomlán de 27 agallamh idir Eanáir agus Aibreán 2021 le freagróirí a raibh eochair-róil acu a bhain le beartas comhionannais agus éagsúlachta a chur i bhfeidhm san eagraíocht acu. Tráchtadh sna torthaí ar théamaí an bheartais, dearcthaí agus cleachtas a spreagann an éagsúlacht; píblíne oibrithe éagsúla a chruthú don tionscal; ceannaireacht ar mhaithe le hathrú san earnáil; agus oideachas a chur ar an tionsclaíocht ar mhaithe le tuiscint bhreisithe ar an éagsúlacht agus ar an gcuimsiú.
Ag trácht di, dúirt an Dr O’Brien: “De réir mar a thagann comhdhéanamh shochaí na hÉireann chun bheith níos ilghnéithí, is den tábhacht ar fad é go léireofaí leis na hinstitiúidí polaitiúla, geilleagracha agus cultúrtha go léir féiniúlachtaí inscne, aicme, gnéasacha, ciniúla agus eitneacha go léir a muintire, mar aon lena gcumais éagsúla agus a n-acmhainní cruthaitheacha. I gcás thionscal na meán ach go háirithe is léir nach gcruthaítear éagsúlacht ar an scáileán i mbealach fíréanta, inbhuanaithe ach amháin nuair a bhíonn éagsúlacht taobh thiar den stáitse. Fuarthas amach lenár gcuid taighde go bhfuil suim agus smaoineamh ionraic ann ar fud na hearnála maidir leis an gcaoi is fearr leis an éagsúlacht agus an cuimsiú a mhéadú i measc fhórsa oibre na meán. Ó thaobh an bheartais, na gcleachtas agus na ndearchthaí de, bhí beartas ar bun ag an-chuid de na freagróirí craoltóireachta ach ní raibh sé seo le feiceáil chomh mór céanna san earnáil neamhspleách, cé gur léirigh an earnáil sin iarrachtaí gabháil le cleachtais chun feabhas a chur ar an éagsúlacht agus ar an gcuimsiú.
Dúirt sí freisin: “I gcomhthéacs ceannaireachta ar son an athraithe, tá sé nótáilte ag an earnáil go raibh gá le hathrú eagraíochtúil mar aon le fís shoiléir do thodhchaí na hearnála agus, níos tábhachtaí fós, acmhainní leordhóthanacha chun éascú le hathrú chomh mór sin ar leibhéal na hearnála. Tá fáilte roimh an obair atá curtha i gcrích ina leith seo ag BAI go nuige seo, ach tugaimid faoi deara nach bhfuil an bonn reachtúil ná na hacmhainní aige chun beartas athraithe náisiúnta a fhorghníomhú ina leith seo. Chun na críche sin, is é an moladh is tábhachtaí againn ná go gcuirfí tacaíocht agus acmhainní reachtúla ar fáil don rialtóir mar chabhair chun an comhionannas, an éagsúlacht agus an cuimsiú a fhí isteach i ndlúth agus inneach na reachtaíochta craoltóireachta náisiúnta, agus i mbeartas agus cleachtais feidhmithe na craoltóireachta.”
Maoiníodh an taighde faoi Scéim Chistiúcháin um Thaighde ar na Meáin 2019 ag BAI, a bhfuil sé d’aidhm aige tacú le tionscnaimh taighde a éascaíonn BAI a ngníomhaíochtaí rialála a chur i gcrích agus riachtanais na n-mbreathnóirí agus na n-éisteoirí in Éirinn a shásamh. Tá an Scéim mar thaca le BAI chomh maith chun naisc iomchuí a fhorbairt agus a choimeád le hinstitiúidí tríú leibhéal agus le hearnáil na craoltóireachta. Táthar chun tuarascáil taighde eile arna maoiniú faoin Scéim, a bheidh dírithe ar an éagsúlacht agus an cuimsiú i gcraoltóireacht na seirbhíse poiblí agus a bheidh arna cur i gcrích ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhpháirtíocht le RTÉ, a lainseáil i mí Lúnasa. Cuireadh €56,318 ar an iomlán ar fáil faoin scéim d’acadóirí, taighdeoirí agus gairmithe sa chraoltóireacht nó sna meáin, a bhí cáilithe go cuí, chun taighde a chur i gcrích ar thionscada(i)l taighde faoi théamaí a bhí bainteach le hobair an BAI.
Ag trácht di, dúirt Leas-phríomhfheidhmeannach BAI, Celene Craig: “Tá sé mar fhócas ríthábhachtach ag BAI an comhionannas, an éagsúlacht agus an cuimsiú sna meáin a cur chun cinn agus a thacú. Tá freagracht orainne mar fhorbróir agus rialtóir earnáil na craoltóireachta dul i gceannas ar an athrú seo. Tá BAI ag comhoibriú leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán ar bhonn leanúnach ina leith seo. Beidh an tuarascáil seo mar bhonn eolais bhreise againn de réir mar a gcuirimid chuige, agus cuirfidh sé le díospóireachtaí agus le forbairt an bheartais chun ról na rialála a neartú sa réimse seo fad is atáimid ag trasdul go dtí bunú Choimisiún na Meán. Nótálaimid ón tuarascáil chomh maith cé chomh tábhachtach is atá sé córais láidre bailithe sonraí a fhorbairt. Tá BAI i bhfabhar cur chuige comhpháirtíochta i leith an bhailithe sonraí, lena mbeimid in ann obair le páirtithe leasmhara móra eile sa tionscal i dtreo creat cuí bailithe sonraí a fhorbairt.”
Tá an tuarascáil taighde ar fáil anseo. Cuirfidh taighdeoirí a gcuid torthaí i láthair ag seimineár gréasáin ar líne ag 3pm inniu. Is féidir sonraí clárúcháin a fháil anseo.
CRÍOCH
Teagmhálaí: Joanne Ahern, DHR Communications, Teil: 087-9881837.
Gach ceist eile: BAI, 01-6441200.
Nótaí d’Eagarthóirí:
- Tá an Dr Anne O’Brien as Ollscoil Mhá Nuad agus an Dr Susan Liddy as Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh ar fáil le hagallamh a thabhairt, ach é sin a iarraidh.
- Ceann de cheithre eochair-réimse atá leagtha amach i Plean Gníomhaíochta Inscne an BAI chun comhionannas inscne a chur chun cinn san earnáil closamhairc is ea tacú leis an taighde.