Faigheann os cionn a leath de Thomhaltóirí Éireannach (52%) a gcuid Nuachta anois trí mheán Láithreáin na Meán Sóisialta

Fuarthas amach le taighde idirnáisiúnta a foilsíodh inniu le Reuters Institute (Dé Céadaoin, 15 Meitheamh) go maíonn os cionn duine amháin as gach deichniúr (12%) gurb iad na meáin sóisialta an phríomhfhoinse nuachta acu. Faigheann os cionn a leath de na tomhaltóirí in Éirinn a ndearnadh suirbhé orthu (52%) a gcuid nuachta trí na láithreáin mheán sóisialta.

Agus í ina cúigiú bliain anois, is sa Tuarascáil Nuachta Digití bhliantúil le Reuters Institute, arna foilsiú ag an Reuters Institute do Staidéar na hIriseoireachta, a aibhsítear úsáid fhorleathan na bhfón cliste, an fás sa nuacht ar na meáin sóisialta, agus teacht aníos na mbacairí fógraí.

Is í seo an dara bliain d’Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) chun cistiú a thabhairt d’áireamh na hÉireann le Tuarascáil Nuachta Digití de chuid Reuters Institute, mar chuid dá shaothar ar iolracht na meán in Éirinn. Táthar tar éis na sonraí a bhaineann le hÉirinn a áireamh le tuarascáil níos mionsonraithe agus níos sonraí freisin i leith torthaí Éireannacha an tsuirbhé, arna déanamh ag an Institiúid do na Meáin agus don Iriseoireachta sa Todhchaí (FuJo) ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus arna coimisiúnú ag an BAI. Bailíodh na sonraí don taighde idir mhíonna Eanáir agus Feabhra 2016, mar mhacasamhail den chreatlach ama chéanna do bhailiú sonraí sna blianta roimhe sin.

Áirítear leis na heochairphointí a éiríonn as an taighde úd:

Na Meáin Sóisialta: Is é Facebook an láithreán meán sóisialta is coitianta in Éirinn anois, agus 71% á úsáid go rialta agus 45% ag baint úsáide as mar fhoinse nuachta. Is ard freisin í an rannpháirtíocht sa nuacht ar líne in Éirinn, le 72% ag rátáil, ag comhroinnt agus ag tráchtaireacht ar scéalta nuachta ar líne go minic. Ní aithníonn ach 23% de na tomhaltóirí Éireannacha na brandaí nuachta a bhíonn freagrach as an ábhar ar na meáin sóisialta áfach. Thabharfaí le fios uaidh sin go mbíonn foilsitheoirí nuachta ag éirí níos tuilleamaí ar na meáin sóisialta chun ábhar a leithdháileadh.

Ardáin: Tá an teilifís fós mar an t-ardán is coitianta chun nuacht a fháil in Éirinn ag 73%, cé gur meathlú faoi 3% é sin ó fhigiúr na bliana 2015. Tháinig ardú faoi 3% chuig 52% ar na meáin sóisialta mar ardán nuachta i gcomparáid leis an suirbhé sa bhliain 2015. Tá an raidió agus an cló tar éis meathlú ábhairín ag 47% agus 45% faoi seach. Tagann roinnt saincheisteanna aníos leis an ardú leanúnach sna meáin sóisialta mar ardán chun rochtain a fháil ar an nuacht agus leis an meathlú sna hardáin níos traidisiúnta i ndáil leis an rochtain agus an cistiú d’ábhar nuachta den scoth amach anseo.

Ag Íoc as an Nuacht: Agus díol na nuachtán clóite ag coinneáil orthu ag titim, ní bhíonn 71% de thomhaltóirí Éireannacha toilteanach chun íoc as an nuacht ar líne. I measc na ndaoine úd a íocann as an nuacht, íocann 49% acu níos lú ná €50 in aghaidh na bliana. Is tionchar suntasach í infhaighteacht fhorleathan na nuachta saoire i margadh domhanda an Bhéarla ar na rátaí íocaíochta. Níl ráta íocaíochtaí nuachta ag tír ar bith ina labhraítear an Béarla os cionn 10%.

Bacairí Fógraí: Cé go maíonn 42% de thomhaltóirí go mbíonn siad toilteanach chun amharc ar fhógraí chun rochtain shaor in aisce a fháil ar an nuacht, feictear na fógraí ar na láithreáin nuachta de bheith ionrach d’os cionn a leath de na tomhaltóirí Éireannacha (54%). Is dúshlán mór é coitiantacht na mbacairí fógraí d’fhoilsitheoirí a bhraitheann ar fháltas ón bhfógraíocht dhigiteach. I measc na 26 tír a ndearnadh suirbhé orthu, is in Éirinn atá an cúigiú leibhéal is airde d’úsáid na mbacairí fógraí ag 30%. Baineann níos mó ná a leath de na daoine idir 18 agus 24 bliain d’aois leas as cineál éigin de bhacaire fógraí.

Muinín: Is airde an mhuinín sa nuacht i measc na ndaoine thar 55 bliain d’aois. Ní bhíonn aon mhuinín ag a leath de na daoine a ndearnadh suirbhé orthu. Ar aon dul leis na torthaí idirnáisiúnta, is lú muinín a chuireann Éireannaigh sna heagarthóirí agus sna hiriseoirí (37%) ná na heagrais nuachta (47%).

Gnáthaimh do Thomhailt na Nuachta: Is ard í tomhailt na nuachta in Éirinn thar gach aoisghrúpa, le 84% de na daoine ag fáil rochtana ar roinnt nuachta gach lá agus 53% ag fáil rochtana ar an nuacht roinnt uaireanta in aghaidh an lae. Tá na meáin traidisiúnta comhtháite go dlúth le gnáthaimh do thomhailt na nuachta in Éirinn go fóill. Tá an teilifís fós mar an t-ardán is coitianta chun nuacht a fháil in Éirinn ag 73%, – cé gur meathlú faoi 3% é sin i gcomparáid leis an mbliain 2015. Is é an raidió an chéad phointe teagmhála laethúil leis an nuacht do 39% de thomhaltóirí. Bíonn na meáin sóisialta agus na gairis soghluaiste ag feidhmiú tionchair ámh ar phatrúin tomhailte nua. I measc iad siúd a bhaineann leas as fóin chliste ar maidin (21%), is ar na láithreáin mheán sóisialta a fhaigheann 50% acu nuacht, agus téann 30% go díreach chuig aip nuachta nó láithreán gréasáin nuachta.

Físeán Nuachta ar Líne: In ainneoin na n-ionchas san earnáil, ní mheallann an t-ábhar físeáin líon mór tomhaltóirí nuachta. Ní deir ach ceathrú (24%) d’fhreagróirí idirnáisiúnta go bhfaigheann siad rochtain ar fhíseán nuachta ar líne. Bíonn claonadh níos mó i measc na nÉireannach (28%) chun féachaint ar nuacht físeáin ná go leor dá macasamhail san Eoraip. I measc na ndaoine siúd nach mbreathnaíonn ar an bhfíseán nuachta go rialta ámh, is amhlaidh a chuireann siad i leith saincheisteanna teicniúla (46%), caoithiúlacht na léitheoireachta (39%), agus nach maith leo fógraí réamhsheinnte (24%) mar fhachtóirí leis.

Agus ag trácht di ar thorthaí Éireannacha don suirbhé, dúir an Dr. Jane Suiter, stiúrthóir FuJo:

“Tugtar léargas sa Tuarascáil Nuachta Digití ar threochtaí Éireannach agus idirnáisiúnta. Tá coitiantacht na bhfón cliste agus na mbacairí fógra tar éis ról cumhachtach a chruthú ar fud an domhain do Facebook, agus tá sí tar éis roinnt deacrachtaí a léiriú d’fhoilsitheoirí.”

Thug Michael O’Keeffe, Príomhfheidhmeannach an BAI, faoi deara:

“Ó thaobh an BAI de, is cumhdaigh thábhachtacha i sochaí dhaonlathach é soláthar nuachta agus cúrsaí reatha le neart acmhainní, agus éascú don chomhrá agus don díospóireacht. Is amhlaidh le roinnt blianta anuas atá an BAI tar éis bheith i gceannas agus rannchur leis an díospóireacht faoin iolracht sa chraolachán Éireannach. Tagann roinnt dúshlán le torthaí taighde an lae inniu maidir leis na pointí rochtana, agus na foinsí den nuacht do shaoránaigh in Éirinn. Tá an BAI i mbun fhorbairt a straitéise nua i láthair na huaire do na blianta 2017-2019, agus feidhmeoidh tuarascálacha taighde ar nós an chinn a bhfuiltear á seoladh anseo inniu ról tábhachtach chun ár smaointeoireachta sa limistéar seo a mhúnlú.”

-CRÍOCH-

Fiosruithe Meán chuig:

Catherine Heaney / Tony Heffernan, DHR Communications, 01-4200580 / 087-2309835/ 087-2399508

Nótaí d’Eagarthóirí:
• Is í an Tuarascáil Nuachta Digití bhliantúil leis an Reuters Institute do Staidéar na hIriseoireachta ag Ollscoil Oxford an staidéar leanúnach is mó um threochtaí tomhailte nuachta ar domhan. Tá an tuarascáil dhomhanda, ag cuimsiú 26 tír agus ag suirbhéireacht ar 50,000 duine, ar fáil ó inniu (Dé Céadaoin 15 Meitheamh ag www.digitalnewsreport.org.

• Faigheann an tuarascáil Éireannach urraíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) agus is í an Insititiúid do na Meáin agus don Iriseoireacht sa Todhchaí (FuJo) ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a thiomsaíonn í. Beidh an tuarascáil Éireannach ar fáil anseo [Download not found]*

• Is í an Dr. Jane Suiter Stiúrthóir na hInstitiúide do na Meáin agus don Iriseoireacht sa Todhchaí (FuJo) ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, mar a bhfuil sí mar Chathaoirleach an chláir iriseoireachta B.A. freisin. Beidh sí ar fáil d’agallamh i leith torthaí na tuarascála Éireannaí.

• Beidh Príomhfheidhmeannach an BAI, Michael O’Keeffe, ar fáil d’agallamh faoi ról an BAI chun urraíocht a thabhairt don taighde Éireannach.

• Is iad Maxwell’s Photography a eiseoidh grianghraif do na deasca pictiúr ar maidin.

* Tabhair faoi ndeara gur déanadh eagarthóireacht ar an gcuid  sin den achoimre fheidhmiúil ina luaitear ‘brand’ maidir le ‘reach’ an Irish Times (neamh athraithe) agus torthaí a bhain le Landmark media (curtha leis).