Dátaí do bhabtaí maoinithe atá ag teacht aníos i ráithe 4

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) inniu sonraí na mbabhtaí maoinithe atá le teacht faoin Scéim Fuaim & Fís 4.

Tá suas le €4.9m de mhaoiniú ar fáil faoi Bhabhta 47 atá oscailte ón 25 Deireadh Fómhair do léiritheoirí neamhspleácha agus do chraoltóirí chun tacú le léiriúcháin clár nua. Dúnfar an babhta oscailte seo ag 12 meán lae ar an 8 Nollaig 2022.

Ar leithligh, do raidió pobail agus teilifíse beidh suas le €750,000 ar fáil faoi Bhabhta 48 den Scéim um Thionscadail Sochair Shóisialta ag teacht le Polasaí Meán Pobail an BAI . Beidh an babhta seo ag oscailt ar an 27 Deireadh Fómhair agus dúnfar ag 12 meán lae ar an 13 Nollaig 2022 é.

Beidh treoirlínte agus na foirmeacha iarratais thuas ar fáil ar shuíomh Gréasáin an BAI sna seachtainí atá romhainn, anseo.