
Tá Údarás Craolacháin na hÉireann ag lorg tuairimí ón bpobal, ó chraoltóirí, ó fhógróirí, ó lucht déanta clár agus ó pháirtithe leasmhara eile maidir le roinnt dá chóid agus dá rialacha mar chuid de phróiseas athbhreithnithe. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar an méid seo a leanas:
- Cód na gCaighdeán Cláir: Leagtar amach sa Chód seo na prionsabail a bhfuil feidhm acu maidir le gach ábhar eagarthóireachta d’fhonn díobháil agus cion míchuí a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le hábhar den sórt sin a íoslaghdú.
- Cód Cothroime, Oibiachtúlachta agus Neamhchlaontachta i Nuacht agus Cúrsaí Reatha: Baineann an Cód seo lena chinntiú go bhfuil an t-ábhar nuachta oibiachtúil agus neamhchlaonta agus go bhfuil ábhar cúrsaí reatha cothrom, oibiachtúil agus neamhchlaonta, agus go gcuirtear an dá ábhar i láthair ar bhealach oibiachtúil agus neamhchlaonta, gan aon tuairimí an chraoltóra féin a chur in iúl. Tá treoirlínte ar leith an BAI maidir le toghcháin agus reifrinn mar chuid den athbhreithniú seo freisin.
- An Cód um Chumarsáid Ghinearálta Tráchtála: Leagtar amach sa Chód seo na rialacha maidir le craoladh cumarsáide tráchtála i.e. fógraíocht, urraíocht (comórtais san áireamh), suíomh táirgí agus cineálacha eile cumarsáide tráchtála.
- Rialacha maidir le Fógraíocht agus Teilishiopadóireacht (Teorainneacha Laethúla agus in aghaidh na huaire): Leagtar amach sna rialacha seo na teorainneacha laethúla agus in aghaidh na huaire d’fhógraíocht ar sheirbhísí raidió agus teilifíse tráchtála agus pobail.
Mar chuid den ghlao poiblí seo ar thuairimí, tá spéis ar leith ag an BAI i dtuairimí maidir le hinbhuanaitheacht, lena n-áirítear an t-athrú aeráide; tuairisciú fíorasach eolaíochtbhunaithe e.g. cumhdach ar phaindéimí, an t-athrú aeráide etc; cumhdach toghcháin agus reifreann; fuathchaint, lena n-áirítear foréigean inscnebhunaithe; máinliacht agus seirbhísí chosmaideach criptea-airgeadra agus seirbhísí airgeadais gaolmhara; suíomh táirgí; cearrbhachas agus táirgí leighis, cóireálacha agus seirbhísí.
Nuair a bheidh an próiseas athbhreithnithe críochnaithe, cuirfear tuarascáil ar na torthaí ar fáil don Aire Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Cuirfidh an tAire an tuarascáil faoi bhráid Dháil Éireann agus Sheanad Éireann ansin. Déanfaidh Coimisiún na Meán, an rialtóir meán nua atá le teacht in ionad an BAI in 2023, athbhreithnithe ar na cóid agus ar na rialacha a phlé. Beidh an rialtóir nua freagrach freisin as seirbhísí ar éileamh (amhail RTÉ Player) agus as ardáin comhroinnte físeán atá bunaithe in Éirinn. Ní thagann siad seo faoi shainchúram an BAI.
Ag labhairt faoi, dúirt Celene Craig, Príomhfheidhmeannach an BAI: “Cuirimid fáilte roimh tuairimí na bpáirtithe leasmhara uile maidir lenár gcóid agus ár rialacha. Creidimid gurb é an rialtóir nua is fearr atá in ann iad seo a athbhreithniú, toisc go mbeidh sainchúram níos leithne aige ná mar a bheidh ag an BAI. Nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh ar na cóid agus ar na rialacha, beidh an rialtóir nua in ann iad a chur i bhfeidhm freisin, nuair is ábhartha, maidir le seirbhísí ar éileamh agus ardáin comhroinnte físeán atá bunaithe in Éirinn, agus cosaint bhreise á tabhairt do lucht féachana.”
Tá sonraí iomlána an chomhairliúcháin phoiblí – lena n-áirítear faisnéis faoi conas aighneacht a dhéanamh – le fáil anseo.
Is é Dé Céadaoin, an 21ú Nollaig 2022 an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí.
CRÍOCH
Teagmháil leis na meáin: Joanne Ahern, DHR Communications, Teil: 087-9881837.
Gach fiosrúcháin eile: BAI, Teil: 01-6441200.
Nótaí d’Eagarthóirí:
- Tá Cód Cumarsáide Tráchtála Leanaí an BAI agus Rialacha Rochtana an BAI lasmuigh de raon feidhme an chomhairliúcháin phoiblí seo. Tá sé seo mar go ndearnadh athbhreithniú ar Chód na Leanaí le déanaí agus go bhfuil athbhreithniú ar leith á dhéanamh ar na Rialacha Rochtana faoi láthair. Díríonn an próiseas athbhreithnithe páirtí leasmhar seo ar úsáideoirí fotheidealaithe, Teanga Chomharthaíochta na hÉireann agus cur síos fuaime, craoltóirí agus seirbhísí a chuireann ábhar inrochtana ar fáil do chraoltóirí.
- Maidir le cearrbhachas, níl sé i gceist rialacha BAI/CnaM a nuashonrú ar bhonn an athbhreithnithe seo, toisc go mbeidh an réimse seo faoi réir an rialaitheora cearrbhachais go luath. Beidh eolas a bhaileofar mar bhonn don chur chuige a ghlacfaidh an BAI/CnaM ina rannpháirtíocht leis an rialtóir nua cearrbhachais.