Creideann an tromlach go bhfuil an iriseoireacht neamhspleách tábhachtach do cheartfheidhmiú na sochaí – Tuarascáil ar an Nuacht Dhigiteach ag Institiúid Reuters (Éire)
Cistiú soláthartha ag BAI chun sonraí ó Éirinn a chuimsiú sa tuarascáil idirnáisiúnta den séú bliain
Creideann tromlach mhuintir na hÉireann go bhfuil an iriseoireacht neamhspleách tábhachtach chun go mbeidh sochaí a fheidhmeoidh i gceart againn. Sin é a deirtear sa Tuarascáil ar an Nuacht Dhigiteach ag Institiúid Reuters 2020 (Éire), a eisíodh inniu (16.06.20). Fionnadh sa tuarascáil go gcreideann 66% de na daoine in Éirinn a thug freagra ar an staidéar idirnáisiúnta go bhfuil an iriseoireacht an-tábhachtach nó thar a bheith tábhachtach d’fheidhmiú ceart na sochaí, agus go gcreideann 36% den chohórt sin go bhfuil sí thar a bheith tábhachtach – figiúr ar aon dul leis an meán in AE. Tá sé sin ag teacht le figiúirí Mheiriceá Thuaidh, mar a gcreideann 41% de na freagróirí go bhfuil sí thar a bheith tábhachtach, agus na Ríochta Aontaithe, mar a ndúirt 32% go raibh sí thar a bheith tábhachtach. Creideann cúig faoin gcéad de na freagróirí in Éirinn nach bhfuil sí tábhachtach.
Mhaoinigh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) cuimsiú na hÉireann i staidéar Institiúid Reuters ar an Nuacht Dhigiteach mar chuid dá chuid oibre ar iolarthacht na meán a chothú in Éirinn. Cuimsíonn an staidéar sin 40 tír ar fud an domhain agus tá sé de chuspóir aige tuiscint a fháil ar conas mar atá an nuacht á tomhailt ar fud an domhain, agus béim faoi leith ann ar thomhailt na nuachta digití agus ar na gairis a úsáidtear chun rochtain a fháil ar an nuacht. Mar a rinneadh sna blianta roimhe seo, choimisiúnaigh BAI an Institiúid um Meáin Chumarsáide agus Iriseoireacht sa Todhchaí (FuJo) in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath chun tuarascáil shonrach a sholáthar ar thorthaí an tsuirbhé ó thaobh na hÉireann de. Bailíodh na sonraí i gcomhair an taighde i mí Eanáir / Feabhra 2020, sular tháinig COVID-19.
Den chéad uair i mbliana, díríodh sa tuarascáil ar an tsuim a chuireann tomhaltóirí nuachta na hÉireann sa nuacht áitiúil. Fionneadh inti gur dealraitheach go bhfuil caidreamh níos láidre ag tomhaltóirí nuachta na hÉireann leis an nuacht áitiúil ná mar atá in áiteanna eile ar domhan, mar a ndeir 50% de na daoine go bhfuil suim acu sa nuacht áitiúil, i gcomparáid le 31% i RA, 45% san Eoraip, agus 47% i Meiriceá Thuaidh. Ba chóir a thabhairt faoi deara, áfach, go bhfuil difríocht mhór idir méid agus carachtar na margaí nuachta áitiúla sna réigiúin sin. Is iad na nuachtáin áitiúla an fhoinse nuachta áitiúla is mó a úsáidtear in Éirinn, 46% a léann iad, agus 37% a éisteann leis an raidió. Léirigh 70% san iomlán de na daoine 18-24 bliana d’aois go bhfuil spéis acu sa nuacht áitiúil.
Nithe eile a fionnadh sa tuarascáil:
Foinsí nuachta: Is iad na meáin shóisialta an phríomhfhoinse nuachta do dhaoine 18-24 bliana d’aois, rud a mhéadaigh ó 43 faoin gcéad in 2019 go dtí 46 faoin gcéad in 2020. I measc daoine 25-44 bliana d’aois, is iad na meáin nuachta digití an phríomhfhoinse, agus is í an teilifís an phríomhfhoinse ag daoine os cionn 55 bliana d’aois. Is í an teilifís an phríomhfhoinse nuachta ar an iomlán fós (33%), ach tá an raidió fós láidir (13%) i measc na bhfreagróirí in Éirinn, agus luann níos mó tomhaltóirí Éireannacha gurb é an meán sin a bpríomhfhoinse nuachta ná a macasamhla i RA (10%), Meiriceá Thuaidh (6%) agus AE (8%).
Podchraoltaí: Fionnadh sa taighde go bhfuil méadú tagtha ar líon na ndaoine a éisteann le podchraoltaí in Éirinn, sin trí phointe céatadáin de mheádú go dtí 40% ón mbliain anuraidh. Is iad na daoine faoi bhun 45 bliana d’aois an déimeagrafach is mó a éisteann le podchraoltaí, go háirithe daoine 18-24 bliana d’aois, a ndúirt 72% acu gur éist siad le podchraoladh in imeacht na seachtaine roimhe sin.
An fhógraíocht pholaitiúil: Dúirt 47% de na freagróirí gur cheart fógraíocht pholaitiúil a cheadú ar theilifís na hÉireann (níl sí ceadaithe faoi láthair), agus dúirt 35% gur cheart í a cheadú ar ardáin na meán sóisialta leithéidí Facebook, Google agus Twitter. Maidir leis an bhfreagra a thugann iriseoirí ar an tráchtaireacht pholaitiúil atá mícheart nó míthreorach, síleann 57% de mhuintir na hÉireann gur cheart do na meáin tuairisciú a dhéanamh dá ainneoin sin ar an ráiteas mar ‘tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios ag daoine cad atá ráite ag polaiteoirí’. Creideann 65% de na freagróirí in Éirinn san iomlán – rud atá ag teacht lena macasamhla i RA – gur cheart do na meáin dhigiteacha freagracht a ghlacadh as cruinneas na bhfógraí polaitiúla as a mbaineann siad brabús. Ba é 59% an meán in AE, agus d’aontaigh 49% de na freagróirí i Meiriceá Thuaidh leis sin.
Iontaoibh as an nuacht: In 2020, d’aontaigh 48 faoin gcéad de fhreagróirí na hÉireann go bhféadfaidís muinín a bheith acu as formhór na nuachta an chuid is mó den am, agus dúirt 27% acu nach raibh muinín acu as na meáin. Tá sé sin le cur i gcomparáid le leibhéal drochmhuiníne 38% i RA, 44% i Meiriceá Thuaidh, agus 31% in AE. Léirigh tromlach fhreagróirí na hÉireann gur rogha leo nuacht oibiachtúil chothromaithe, agus dúirt 56% díobh go bhfaigheann siad a gcuid nuachta ó fhoinsí nach bhfuil dearcadh faoi leith acu, agus lorgaíonn 14% acu foinsí nuachta nach dtagann lena ndearcadh. Tá an figiúr deireanach sin níos airde ná a mhacasamhail sa Ríocht Aontaithe (9%), i Meiriceá Thuaidh (9%) agus in AE (8%).
Mífhaisnéis: Dúirt timpeall le 62% de mhuintir na hÉireann go raibh imní orthu i dtaobh na rudaí atá fíor agus bréagach ar an idirlíon agus tá an meon céanna le fáil sa Ríocht Aontaithe agus san Eoraip. Ba é 67% an figiúr comhfhreagrach do Mheiriceá Thuaidh, agus 29% an figiúr dóibh seo a raibh imní mhór orthu – i bhfad níos airde ná figiúr na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann arb é 18% é. Maidir le faisnéis bhréagach nó mhíthreorach de, ba iad freagróirí na hÉireann ba mhó a bhí buartha i dtaobh an rialtais nó na bpáirtithe polaitíochta in Éirinn (35%), agus i dtaobh gníomhaíoch nó grúpaí gníomhaíoch ina ndiaidh sin (19%); gnáthdhaoine (15%); rialtais eachtracha, polaiteoirí nó páirtithe polaitíochta (15%). Ní dúirt ach 7% go raibh imní orthu mar gheall ar fhaisnéis bhréagach nó mhíthreorach ó iriseoirí nó eagraíochtaí nuachta, agus dúirt 9% nach raibh imní orthu i dtaobh aon cheann de na foinsí sin.
Íoc as nuacht: Tá an ráta íoca as nuacht ar líne in Éirinn, 12%, fós gan athrú, rud atá ar aon dul leis an gcuid eile de AE. Tá sé sin le cur i gcomparáid le 7% i RA agus 18% i Meiriceá Thuaidh. Mar sin féin, tá méadú ag teacht ar líon na ndaoine óga a íocann as nuacht ar líne, agus is i measc an aoisghrúpa 18-34 bliana atá an ráta fáis is mó. Is í an tslí is coitianta chun íoc as nuacht ná síntiús ar líne a íoc le teideal nuachta (40%), ach tá cúig phointe céatadáin de mheádú tagtha in imeacht na bliana atá imithe tharainn ar líon na ndaoine a thugann tabhartas do sheirbhís nuachta digití, is méadú ó 18% in 2019, go dtí 23% in 2020.
Glúin Z: Dúirt timpeall le 44% acu sin san aoisghrúpa 18-24 bliana go raibh suim mhór acu sa nuacht, agus gurb é an fón cliste an príomhghléas a úsáideann an cohórt sin chun teacht ar an nuacht, agus gurb iad na meáin shóisialta a bpríomhfhoinse nuachta, agus nuacht ar líne (28%), an teilifís (15%) agus an raidió (4%) ina diaidh sin.
Ag trácht dó ar an tuarascáil, dúirt príomhfheidhmeannach BAI, Michael O’Keeffe: “Tá mórán athraithe ó bailíodh na sonraí i gcomhair Thuarascáil 2020 ar an Nuacht Digiteach beagán míonna ó shin. Ceann de na téamaí a thagann ar barr arís is arís eile ó thaobh oifigigh sláinte poiblí de le linn na paindéime ná an tábhacht atá le le rochtain a fháil ar fhaisnéis iontaofa ó fhoinsí iontaofa. Is maith an rud é go dtaispeántar sa tuarascáil seo go bhfuil rochtain ag saoránaigh in Éirinn ar fhaisnéis inchreidte a sholáthraíonn foinsí nuachta bunaithe agus go mbraitheann siad uirthi.
“Mar sin féin, ní ceart dúinn a bheith neamhchúiseach mar gheall ar inbhuanaitheacht éiceachóras an tsoláthair nuachta againn. Téama a thagann ar barr arís is arís eile sa Tuarascáil ar an Nuacht Dhigiteach ná leochaileacht na samhla maoiniúcháin atá ina bonn agus ina taca faoi sholáthar na nuachta baile in Éirinn ó foilsíodh den chéad uair í in 2015. Tá laghdú tagtha ar fhoinsí ioncaim traidisiúnta agus tá foinsí nua inbhuanaithe fós le teacht chun cinn. Cé go bhfuil roinnt fianaise ann go bhfuil méadú tagtha ar shíntiúis ar líne le linn COVID-19, níl sé soiléir go mairfidh siad sin nó go dtiocfaidh aon ioncam breise ón bhfoinse sin in áit na fógraíochta a cailleadh.
“Is é an freagra atá tugtha ag BAI ar an ngéarchéim mhaoiniúcháin ná €3.25m de thacaíocht spriocdhírithe a sholáthar d’earnálacha an raidió tráchtála agus an raidió pobail agus breis is €7m a scaoileadh leis an earnáil closamhairc sa bhabhta maoiniúcháin de chuid Fuaim agus Fís le deireanas. Táimidne gníomhach i bplé a dhéanamh go náisiúnta, agus ar leibhéal na hEorpa, i dtaobh tacaíochtaí breise a sholáthar don earnáil, de réir shainchúram reachtúil BAI.
“De réir mar atá geilleagar na hÉireann á oscailt arís, agus deacrachtaí fós againn le COVID-19, beidh earnáil inbhuanaithe meán ríthábhachtach, agus tá an BAI tiomanta dó thacaíocht leanúnach a thabhairt di ina leith sin.
Dúirt Stiúrthóir FuJo, an Dr Jane Suiter: “Is í seo an séú bliain a cuireadh Éire san áireamh sa staidéar cuimsitheach idirnáisiúnta seo agus tá an Tuarascáil ar an Nuacht Dhigiteach (Éire) ceaptha chun éiceolaíocht athraitheach na nuachta in Éirinn a ghabháil. Déantar scrúdú sa tuarascáil ar ról na nuachta san éiceachóras faisnéise trí chéile, agus dírítear inti ar an éileamh ar nuacht ardchaighdeáin, ar an gclaonadh chun íoc as an tseirbhís sin, ar nuálaíochtaí domhanda chun tacú leis an tionscal, agus ar ról na meán cumarsáide ó thaobh an chomhraic i gcoinne na bréagaisnéise de. Tá súil againn go mbeidh sí ina hacmhainn fhiúntach d’acadóirí, d’úinéirí meán, d’iriseoirí agus dóibh seo a bhfuil beartais á bhforbairt acu.”
Is féidir cóip den Tuarascáil ar an Nuacht Dhigiteach ag Institiúid Reuters anseo agus Thuairisc ghrafaice faisnéise Reuters (2020) – (Béarla) anseo.
CRÍOCH
Fiosrúcháin ó na Meáin Chumarsáide: Joanne Ahern / Thelma Harris, 087-9881837 / 083-0517622.
Nótaí d’Eagarthóirí:
• Is í an Tuarascáil bhliantúil ar an Nuacht Dhigiteach ag Institiúid Reuters um Staidéar ar an Iriseoireacht in Ollscoil Oxford an staidéar leanúnach is mó ar threochtaí i dtomhailt na nuachta ar domhan. Beidh an tuarascáil dhomhanda, ina gcuimsítear 40 tír, ar fáil ó Dé Máirt, 16 Meitheamh ag www.digitalnewsreport.org.
• Foilseofar Tuarascáil 2020 ar an Nuacht Dhigiteach ag Institiúid Reuters (Éire) Dé Máirt, 16 Meitheamh ar www.bai.ie agus ar www.fujomedia.eu. Beidh réamhchóip ar fáil ach í a iarraidh, faoi chosc go dtí 00:01, Dé Máirt, 16 Meitheamh.
• Tá an tuarascáil Éireannach á hurrú ag Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) agus tá sí tiomsaithe ag an Institiúid um Meáin Chumarsáide agus Iriseoireacht sa Todhchaí (FuJo) in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
• Tá Príomh-Fheidhmeannach BAI, Michael O’Keefe, ar fáil chun dul faoi agallamh i dtaobh ról BAI i dtaca le hurraíocht a dhéanamh ar an taighde ar Éirinn.
• Tá an Dr Jane Suiter, Stiúrthóir ar an Institiúid um Meáin Chumarsáide agus Iriseoireacht sa Todhchaí in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar fáil chun dul faoi agallamh i dtaobh fhionnachtana na tuarascála Éireannaí.
• Is í Institiúid Reuters um Staidéar ar an Iriseoireacht a choimisiúnaigh an staidéar chun tuiscint a fháil ar conas mar atá an nuacht á tomhailt i 40 tír. Rinne YouGov taighde trí cheistneoir ar líne a úsáid i mí Eanáir/Feabhra 2020. Tiomsaíodh samplamhéideanna i ngach tír trí chuótaí ar bhonn náisiúnta maidir le haois, gnéas, réigiún agus oideachas a úsáid. Ina theannta sin, rinneadh na sonraí a ualú de réir spriocanna a bhí bunaithe ar shonraí as an daonáireamh/ar shonraí a nglactar leo sa tionscal. B’ionann an samplamhéid iomlán agus 80,155 dhuine fhásta, a raibh timpeall le 2,000 duine acu i ngach tír. Is é 92% an ráta úsáide idirlín in Éirinn agus b’ionann an samplamhéid agus 2,006 dhuine.