Imscrúduithe alt 50

Baineann imscrúduithe alt 50 leis na craoltóirí neamhspleácha – “Conraitheoirí” – atá ceadúnaithe ag an BAI agus féadfar iad a thionscnamh sa chás go gcreideann an Coiste um Chomhlíonadh nach bhfuil Conraitheoir ag cur seirbhísí craolacháin ar fáil de réir théarmaí a Chonartha Craolacháin leis an BAI.

Féadfaidh imscrúdú ar ghnóthaí oibríochta, clár, airgeadais, teicniúla nó ar ghnóthaí eile Conraitheora a bheith i gceist leis.

De bhun imscrúdú den sórt sin, féadfaidh an Coiste um Chomhlíonadh a mholadh gur cheart conradh craolacháin atá i bhfeidhm le Conraitheoir a chur ar fionraí nó deireadh a chur leis.  Féadfaidh an tÚdarás, mar thoradh ar mholadh ón gCoiste um Chomhlíonadh, conradh a chur ar fionraí nó deireadh a chur leis tar éis imscrúdú alt 50.

Back to top

Imscrúduithe alt 53

Tá feidhm ag imscrúduithe alt 53 maidir le gach craoltóir sa Stát (idir sheirbhísí neamhspleácha craolacháin atá ceadúnaithe ag an BAI agus chraoltóirí seirbhíse poiblí amhail RTÉ agus TG4) agus féadfar iad a thionscnamh sa chás go bhfuil an Coiste um Chomhlíonadh den tuairim go bhfuil sárú dealraitheach déanta ag an gcraoltóir ar cheanglais reachtúla áirithe nó ar chód nó ar riail craolacháin.  Tríd is tríd, baineann imscrúduithe alt 53 le lánas craolacháin.

Ciallaíonn sárú, chun críche imscrúdú alt 53, mainneachtain thromchúiseach nó leantach ar thaobh craoltóra ceann ar bith de na ceanglais sin a chomhlíonadh.

Is é atá i gceist le himscrúduithe alt 53 oifigeach imscrúdúcháin a cheapadh, duine a eiseoidh tuarascáil ansin don Choiste um Chomhlíonadh.

Féadfaidh an Coiste um Chomhlíonadh a aimsiú go bhfuil sárú déanta ag an gcraoltóir lena mbaineann, nó gur theip ar an gcraoltóir comhoibriú in imscrúdú, agus féadfaidh sé a mholadh don Údarás fógra a thabhairt don chraoltóir faoinar aimsigh sé.

Sa chás sin, eiseoidh an tÚdarás fógra don chraoltóir faoin gcinneadh ón gCoiste um Chomhlíonadh agus, mar thoradh ar an bpróiseas, féadfar smachtbhanna airgeadais (nach mó ná €250,000) a fhorchur ar deireadh.

Back to top

Cad é an difear idir imscrúduithe alt 50 agus imscrúduithe alt 53?

Baineann alt 50 le Conraitheoirí Craolacháin de chuid an BAI amháin. Pléitear ann leis an dóigh a bhfuil na Conraitheoirí sin ag comhlíonadh théarmaí an Chonartha Craolacháin a ndeachaigh siad isteach ann leis an BAI.

Baineann alt 53 leis an dóigh a bhfuil gach craoltóir atá ceadúnaithe sa Stát ag comhlíonadh na gceanglas ar leith arna leagan síos san Acht Craolacháin 2009. Is iad sin, Conraitheoirí Craolacháin de chuid an BAI agus na craoltóirí seirbhíse poiblí atá ceadúnaithe ag an Rialtas.

Is féidir go mbainfidh saincheisteanna dealraitheacha áirithe comhlíonta le lánas agus le téarmaí chonradh an Chonraitheora Craolacháin. Mar sin, féadfar na saincheisteanna sin a imscrúdú faoi cheachtar alt den Acht.  Agus cinneadh á dhéanamh aige ar cé acu ba cheart imscrúdú a dhéanamh de bhun alt 50 nó alt 53, déanfaidh an Coiste um Chomhlíonadh breithniú ar chineál agus ar mhéid an neamhchomhlíonta dhealraithigh agus ar an gConraitheoir lena mbaineann araon.

Ní hionann na cumhachtaí imscrúdúcháin agus na smachtbhannaí don dá alt.

Back to top

Imscrúduithe Reachtúla a Rinneadh

Tá imscrúdú reachtúil amháin déanta ag an BAI faoi Acht 2009 go dtí seo.

De bhun alt 53, chinn Coiste an BAI um Chomhlíonadh i mí na Samhna 2011 imscrúdú a thionscnamh ar eipeasóid dar theideal “Mission to Prey” den chlár Prime Time Investigates. Craoladh an eipeasóid ar RTÉ an 23 Bealtaine 2011:

Back to top

Ról an BAI

Ceanglaítear le halt 50 agus le halt 53 den Acht Craolacháin 2009 go bhféadfaidh an Coiste um Chomhlíonadh sa BAI imscrúduithe reachtúla a thionscnamh sa chás gur dóigh leis gurb ann do neamhchomhlíonadh ag craoltóir nó ag conraitheoir craolacháin.

Back to top