Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí
Cinnteoidh an BAI go mbeidh Craoltóirí Seirbhíse Poiblí cuntasach as trédhearcacht agus cuntasacht a léiriú i ndáil leis an úsáid a bhaineann siad as maoiniú poiblí, de réir cheanglais dhlí na hÉireann agus na hEorpa, agus go leanann siad den leibhéal seirbhíse a bhfuil súil ag an lucht féachana agus ag an lucht éisteachta leis a sholáthar.
Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí
Tá na craoltóirí seirbhíse poiblí, Grúpa stáisiún RTÉ agus TG4, ceadúnaithe ag Aire na Roinne Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha. Tá an BAI freagrach as gnéithe áirithe de dhualgais chraoltóirí seirbhíse poiblí a rialú.
Ráiteas Bliantúil ar Thiomantais Feidhmíochta
Gach bliain, éilítear ar RTÉ agus ar TG4 Ráiteas Bliantúil ar Thiomantais Feidhmíochta (ASPC) a ullmhú agus é a fhoilsiú, i ndiaidh dul i gcomhairle leis an Údarás agus leis an Aire.
Ní mór do ASPC gach Comhlacht Seirbhíse Poiblí cuntas a dhéanamh de chuspóirí na heagraíochta faoin Acht Craolacháin, a ráiteas straitéise agus a ráiteas seirbhíse poiblí. Ní mór go mbeadh eolas i ngach ASPC freisin maidir le haon ghníomhaíochtaí atá beartaithe ag an gcraoltóir a chur i gcrích i rith na bliana sin mar aon le haon táscairí feidhmíochta gaolmhara.
Ó tharla tiomantais a bheith déanta i ngach mbliain, éilítear dá réir sin ar an gComhlacht Seirbhíse Poiblí tuarascáil a chur faoi bhráid an Údaráis agus an Aire ina sonraítear an dul chun cinn atá déanta i gcomparáid leis na tiomantais a bunaíodh an bhliain roimhe sin, agus aon difríochtaí a thugtar faoi deara a mhíniú.
Athbhreithniú Bliantúil ar Mhaoiniú Poiblí
Gach bliain, éilítear ar an BAI athbhreithniú a dhéanamh ar RTÉ agus ar TG4, athbhreithniú a bhfuil scrúdú ar na nithe seo a leanas lárnach ann:
- An dul chun cinn atá déanta ag Comhlacht Seirbhíse Poiblí sa bhliain airgeadais roimhe sin, mar aon leis an dul chun cinn atá déanta maidir leis na tiomantais a sonraíodh i ráiteas bliantúil an chraoltóra maidir le tiomantais feidhmíochta.
- Athbhreithniú a dhéanamh ar leorgacht, nó a mhalairt, maoiniú poiblí chun deis a thabhairt don Chomhlacht Seirbhíse Poiblí a chuspóirí seirbhíse poiblí a chur i gcrích.
Nuair a bheidh an t-athbhreithniú curtha i gcrích, cuireann an BAI tuarascáil faoi bhráid an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, ina sonraítear torthaí an athbhreithnithe agus ina ndéantar moladh maidir le haon athrú ar tháille an cheadúnais teilifíse agus moladh maidir le méid na híocaíochta atá le déanamh le TG4.
I ndiaidh thuarascáil an Údaráis a bhreithniú, foilsíonn an tAire a fhreagra ar aon mholtaí a rinneadh. Cuirtear an freagra seo mar aon le haon tuarascáil agus moltaí a dhéanann an tÚdarás faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
Seo a leanas na tuarascálacha reatha atá ar fail:
Athbhreithniú Bliantúil Poiblí RTÉ & TG4 2013: Authority Recommendations (Béarla)
Athbhreithniú Cúig Bliana ar Chraoltóirí Poiblí
Éilítear ar an BAI, gach cúig bliana, athbhreithniú a dhéanamh ar leorgacht, nó a mhalairt, maoiniú poiblí chun cur ar chumas craoltóirí seirbhíse poiblí a gcuspóirí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh. Áirítear san athbhreithniú raon leathan nithe a bhreithniú, lena n-áirítear anailís mhionsonraithe ar phleananna straitéiseacha costáilte curtha ar fáil ag an dá Chomhlacht Seirbhíse Poiblí; riachtanais mhaoinithe ilbhliantúla na gComhlachtaí Seirbhíse Poiblí; an leibhéal de mhaoiniú tráchtála atá ar fáil; agus forbairtí atá déanta ar chraolachán seirbhíse poiblí ar bhonn idirnáisiúnta.
Choimisiúnaigh an BAI Crowe Horwath chun an chéad athbhreithniú maoinithe cúig bliana a dhéanamh. Cuireadh an tuarascáil i dtoll a chéile agus baineadh úsáid aisti chun cabhrú leis an Údarás breithniúcháin agus moltaí a dhéanamh maidir le conas RTÉ agus TG4 a mhaoiniú amach anseo. Cuireadh tuarascáil an Údaráis agus raon moltaí faoi bhráid an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha in Iúil 2013. Seo a leanas na doiciméid atá curtha ar fáil go dtí seo:
Ábhar Craolacháin a Mhonatóiriú
Is é atá mar aidhm leis an ngníomhaíocht seo athbhreithniú a dhéanamh ar chomhlíontacht an chraoltóra lena oibleagáidí reachtúla chomh fada is a bhaineann le riachtanais nóiméadaíochta i ndáil le fógraíocht agus nuacht agus cúrsaí reatha; le Cód Ginearálta maidir le Cumarsáid Tráchtála agus le Cód na bPáistí maidir le Cumarsáid Tráchtála an BAI; agus lena chois sin, i ndáil le seirbhísí teilifíse, comhlíonadh le Rialacha Rochtana an BAI.
Láimhseáil Gearán
Féadfaidh aon duine den lucht féachana nó den lucht éisteachta nach bhfuil sásta le hábhar a craoladh ar stáisiún de chuid RTÉ nó ar TG4 gearán a chur faoi bhráid an chraoltóra agus mura mbíonn an té a rinne an gearán sásta leis an bhfreagra a fhaightear ón gcraoltóir, féadfar an gearán a chur faoi bhráid an BAI.
Ceanglaítear ar RTÉ agus TG4 leathanach gearán, ar a dtugtar rochtain ar an scéim maidir le Ceart Freagartha, a chur ar fáil ar a suíomh Gréasáin. Tá sonraí teagmhála na gcraoltóirí, lena n-áirítear naisc chuig a leathanach gearán féin, ar fail ar an leathanach um an Liosta de na Stáisiúin Teilifíse agus Raidió.
Imscrúduithe
Féadfaidh Coiste um Chomhlíonadh an BAI imscrúdú a mbeidh ceadú ina dhiaidh a dhéanamh ar shárú dealraitheach clár nó cumarsáide tráchtála craoltóir seirbhíse poiblí. Tá imscrúdú amháin dá shórt déanta ag an BAI.
Nochtadh Deonach ar Neamhchomhlíonadh
Féadfaidh craoltóir nó conraitheoir ag am ar bith saincheist maidir le comhlíonadh a eascraíonn as a ghníomhaíochtaí féin, de bhun an reachta agus/nó a chonartha leis an BAI, a thuairisciú go deonach don BAI. Tacaíonn an BAI leis seo ar bhonn gníomhach.
Tuarascálacha an Aire
Féadfaidh an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha tuarscálacha a lorg ón BAI, de bhun aon cheann de raon forálacha reachtúla, maidir le comhlíonadh craoltóra nó conraitheora le cód nó riail ar leith de bhun an Achta seo.