Fuaim & Fís 4
Is scéim mhaoinithe do chláir theilifíse agus raidió í Fuaim & Fís 4, atá á mhaoiniú trí tháille an cheadúnais teilifíse.
Conas iarratas a dhéanamh
- Tá cóip den Scéim le fáil anseo.
- Tá cóip den Treoir le fáil anseo – Babhta 44, Athrú Aeráide agus Gníomhú ar son na hAeráide
- Tá cóip den Fhoirm Iarratais le fáil anseo – Babhta 44
- Tá cóip den Treoir le fáil anseo – Babhta 45, Tacaíocht d’Earnáil an Cheoil Beo
- Tá cóip den Fhoirm Iarratais le fáil anseo – Babhta 45
Dátaí do bhabtaí oscailte atá ag teacht aníos i ráithe 2
Babhta 44 – Babhta um Athrú Aeráide agus Gníomhú ar son na hAeráide
Oscailte. Dúnta 12 meán lae ar an bpointe Dé Máirt, 26 Iúil 2022
Babhta 45 – Babhta le haghaigh Ceol Beo (le ceanglas éigeantach comhionannais inscne)
Oscailte. Dúnta 12 meán lae ar an bpointe Dé Déardaoin, 14 Iúil 2022
Babhta 46 – Babhta Oscailte d’Ábhar Gaeilge Amháin (le ceanglas éigeantach comhionannais inscne)
Beidh an babhta oscailte Iúil & dúnta Meán Fómhair 2022
Doiciméid / eolas úsáideach
- Ta cóip den Scéim le fáil anseo.
- Tá cóip den Treoir le fáil anseo – Babhta 43
- Tá cóip den Fhoirm Iarratais le fáil anseo – Babhta 43
- Tá torthaí babhtaí a reáchtáladh roimhe seo le fáil ach iad a lorg, agus tá torthaí na dtrí bhabhta dheireanacha postáilte ar an leathanach seo:
-
- Tá liosta de na measúnóirí a bhí páirteach i mbabhtaí a reáchtáladh roimhe seo le fáil ach iad a lorg, agus tá torthaí na dtrí bhabhta dheireanacha postáilte ar an leathanach seo:
Cuspóirí na scéime
- Cláir ar ardchaighdeáin maidir le cultúr, oidhreacht agus eispéireas na hÉireann a fhorbairt;
- Na cláir seo a fhorbairt trí Ghaeilge;
- Cur le hinfhaighteacht lucht féachána sa Stát ar na cláir thuasluaite;
- Ionadaíocht a dhéanamh ar éagsúlacht chultúr agus oidhreacht na hÉireann;
- Oidhreacht bhéil na hÉireann agus gnéithe d’oidhreacht na hÉireann atá á ligean i ndearmad, atá i mbaol, nach bhfuil taifeadta roimhe seo, a thaifeadadh, agus;
- Craoltóireacht áitiúil agus phobail a fhorbairt.
Chun na cuspóirí seo a chur i gcrích, tairgeann an Scéim maoiniú deontais do chláir nua theilifíse agus raidió atá dírithe ar na téamaí seo a leanas:
- Cultúr, oidhreacht agus eispéireas na hÉireann;
- Litearthacht aosaigh nó sna meáin a fheabhsú;
- Cur le feasacht agus le tuiscint an phobail ar shaincheisteanna domhanda a bhfuil tionchar acu ar an Stát agus ar thíortha seachas an Stát; agus/nó
- Aon téama thuasluaite trí mheán na Gaeilge.
Eolas bunúsach maidir leis an Scéim
- Tá an Scéim á maoiniú ag an gCiste Craolacháin, ciste a bhfuil 7% den ghlanioncam bliantúil ó cheadúnais teilifíse san áireamh ann.
- Is ar an BAI atá an fhreagracht as riaradh an chiste seo sannta.
- Tá Scéim Chartlannaithe an BAI á maoiniú ag an gCiste Craolacháin chomh maith.
- Is trí chóras maoinithe babhtaí a leithdháileann an BAI maoiniú de ghnáth.
- Le haghaidh gach babhta, sonraíonn an BAI am agus dáta deiridh; na cineálacha iarratas is féidir a dhéanamh agus an méid maoinithe a bheidh ar fáil.