Maoiniú & Forbairt
An chruthaitheacht agus an nuálaíocht a spreagadh mar ghnéithe dearscnaitheacha d’earnáil chlosamhairc na hÉireann;
Saothrú le geallsealbhóirí chun tacú le gnóthú inbhuanaitheachta níos mó d’earnáil chlosamhairc na hÉireann.
Ról an BAI
Tá ról lárnach ag Údarás Craolacháin na hÉireann i bhforbairt agus i dtacú leis an earnáil chraolacháin in Éirinn. I láthair na huaire, is ann do raon tacaíochtaí agus tionscnamh maoinithe, le cabhrú leis an BAI an ról seo a chomhlíonadh.
Tá athrú agus forbairt ag teacht ar ról forbartha agus tacaíochta an BAI, ar aon dul le riachtanais na hearnála.
Scéim Chiste Fuaime & Físe 4
Is scéim mhaoinithe don teilifís agus don raidió é Fuaim & Fís 4, scéim a sholáthraíonn maoiniú chun tacú le cláir ar ardchaighdeán maidir le cultúr, oidhreacht agus eispéireas na hÉireann a sholáthar, mar aon le cláir a bhfuil sé mar aidhm leo litearthacht aosaigh a fheabhsú.
Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.
Foghlaim agus Forbairt Earnála
Tá an BAI tiomanta d’oibriú go leanúnach igcomhpháirt le craoltóirí agus le líonraí tionscail chun dul i ngleic leis na sainriach tanais forbartha a chuirfidh le hacmhainn na hearnála.
Cabhraíonn infheistíocht I bhfoghlaim agus i bhforbairt le craoltóirí freagairt do leasa agus do riachtanais lucht éisteachta agus lucht féachana na hÉireann.
Tá tuilleadh eolais faoi Scéimeanna Foghlama agus Forbartha Earnála an BAI ar fáil anseo
Scéim an Chiste Chartlannaithe
Soláthraíonn an Scéim Cistiúcháin do Chartlannú Ábhar Cláir (“Scéim Cartlannúcháin”) tacaíocht forbartha do chultúr cartlannúcháin san earnáil craolacháin Éireannach agus cuirfidh sí le caomhnú oidhreacht craolacháin Eireannach.
Baineann an Scéim Cartlannúcháin le hábhar cláir agus fógraí a chraoladh go hiomlán nó i bpáirt, nó taifeadta chun craoladh, ar an raidió agus/an ar an teilifís. Reáchtáil an BAI trí babhta cistiúcháin faoin chéad Scéim Cartlannúcháin, a chuaigh as bhfeidhm in Aibreán 2016, (liosta d’iarratasóirí rathúla).
Tar éis próisis athbhreithnithe, forbraíodh an dara scéim cartlannúcháin (“Scéim Cartlannúcháin 2”) agus bhí sí ceadaithe ag Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil i mí an Mheithimh 2018. Reáchtálann Scéim Cartlannúcháin 2 go 2022.
Cliceáil anseo chun rochtain a fháil ar na treoirlínte.
Cliceáil anseo chun rochtain a fháil ar na treoirlínte teicniciúla
Cliceáil anseo chun rochtain a fháil an foirm iarratais.
Ba chóir aon cheisteanna i dtaobh na Scéime a chur go dtí archiving@bai.ie
Scéim Urraíochta
Nuair a bhíonn urraíocht á deonú, glacann an BAI leis gurb ionann an urraíocht agus ranníocaíocht airgid nó chomhchineáil táirgthe d’eagraíocht, nó do dhuine aonair, chun críocha imeacht ar leith a chur ar stáitse, seirbhís a sholáthar nó tabhairt faoi ghníomhaíocht atá ag teacht le misean agus le cuspóirí an BAI, a n-eascróidh tairbhe shonraithe aisti.
Trí thacaíocht i bhfoirm urraíochta a sholáthar dá leithéid d’imeachtaí/gníomhaíochtaí, tá an BAI ag cur le fás agus le forbairt leanúnach thionscal closamhairc na hÉireann. Is uirlis thábhachtach í an urraíocht freisin a chuireann ar chumas an BAI cumarsáid agus teagmháil a chothú idir raon grúpaí páirtithe leasmhara.
Reáchtáiltear an Scéim Urraíochta gach bliain agus déanann an tÚdarás na himeachtaí agus na gníomhaíochtaí atá le maoiniú gach bliain a mheas roimh theacht ar chomhaontú ina leith.
Is é 12 meán lae Dé Céadaoin an 14 Nollaig 2022 an spriocdháta chun Iarratais ar Scéim Urraíochta BAI 2023 a fháil.
Cliceáil anseo do na Treoirlínte
Cliceáil anseo le haghaidh Foirm Iarratais Bhliantúil
Cáipéisí Úsáideacha
Dreasacht comhfhorbartha Cheanada-na hÉireann um thionscadail chlosamhairc
Is comhoibriú é Dreasacht Com.hfhorbartha Cheanada-na hÉireann idir Ciste Meán Cheanada (CMF) agus Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) chun comhfhorbairt tionscadal closamhairc incháilithe idir léiritheoirí as Ceanada agus Éirinn a mhaoiniú